Conspóid ar líne cothaithe ag bean ghrinn a mhaígh go bhfuil sé ‘creepy’ a bheith ag tvúiteáil i nGaeilge

Mhaígh an fuirseoir Gráinne Maguire gur jóc a bhí i gceist lena ráiteas go bhfuil Éireannaigh a a bhíonn ag tvúiteáil ‘creepy’

Gráinne Maguire

Mhúscail an fuirseoir Gráinne Maguire fearg na nGael ar Twitter nuair a chuir sí giolc amach inar dhúirt sí go bhfuil Éireannaigh a bhíonn ag tvúiteáil i nGaeilge “creepy’”.

D’fhoilsigh Maguire, arb as Contae na Mí ó dhúchas í ach atá ina cónaí anois i Sasana, an giolc Dé Sathairn seo caite agus ní fada go raibh athghiolc a dhéanamh air agus tuairim is 30 croí tugtha dó.   Ní mó ná sásta a bhí pobal Gaeilge Twitter leis an ráiteas ná le freagraí Maguire ar lucht a cáinte.  

Thug sí le fios do roinnt daoine gur “jóc” a bhí sa chéad ráiteas uaithi agus go raibh sí ag iarraidh a chruthú gur dream iad lucht na Gaeilge atá róghoilliúnach agus a bhfuil éirí in airde ag baint leo:

Ach dúirt sí le daoine eile gurbh í a tuairim mhacánta a bhí á nochtadh aici:

Spreag an t-aighneas cúpla haischlib éagsúil ar nós #jesuiscrípí, ar mhúnla #jesuisCharlie agus #jesuisParis:  

Agus baineadh leas as an haischlib #creepy, mar thagairt don fhocal a d’úsáid Maguire féin le cur síos a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge:  

Ní hé seo an chéad uair ag Maguire a bheith i mbéal an phobail mar gheall ar a cuid giolcaireachta. Anuraidh, rinne sí beoghiolcadh faoina cnúthacha le haird a tharraingt ar an bhfeachtas chun an t-ochtú leasú ar an mbunreacht a aisghairm.

Fág freagra ar 'Conspóid ar líne cothaithe ag bean ghrinn a mhaígh go bhfuil sé ‘creepy’ a bheith ag tvúiteáil i nGaeilge'

  • Concubhar

    Leagan leathbhacáilte de Katie Hopkins, dhéarfainn…

  • Fearn

    Feiceann súil creepy saol creepy!

  • Breathnóir

    Tá rud éigin cearr leis an mbean sin.
    Chonaic mé ar chlár de chuid an BBC í, Question Time, an uair dheireanach a craoladh é ó Bhéal Feirste. Bhí sí ag iarraidh freagraí cliste greannmhara a thabhairt ach ní raibh sí greannmhar ar chor ar bith, a mhalairt glan. Is fadhb é sin nuair is ‘comedian’ an ghairm atá á cleachtadh agat. B’fhéidir gur chóir di bheith ag obair i réimse an PR, tá sí go maith ag tarraingt airde uirthi féin cib’ith…

  • Brian Patterson

    Chuala mé trácht at ‘fringe comedy’, sin Colonial Cringe ‘comedy’.

  • Aralt Mac Giolla Chainnigh

    Cuireann an scéal ar fad iontas agus alltacht orm. Tagann trí rud chun tosaigh as: easpa tuisceana, easpa inniúlachta, agus sotal.

    Easpa Tuisceana. Mhaígh Gráinne “we get it”, ach is léir nach bhfaigheann sí cad is bunchearta daoine ann. Ní “fhaigheann” sí é nó ní bheadh iontas uirthi go nglacann daoine leas as a chuid chearta.

    Easpa Inniúlachta. Mhaígh Gráinne nach raibh ann ach focal grinn. Aontaím nach gá fuirseoireacht a bheith PC le bheith greannmhar, agus níl fadhb ag Gaeilgeoirí iad féin a spochadh. Sin an fáth go raibh tóir mhór ar “An Béal Bocht” i gcónaí. Ní mar gheall ar an masla amháin nach bhfuil a “jóc” greannmhar – níl clisteacht nó samhlaíocht ann. An bhfuil sé greannmhar a rá “Tá daoine ann agus craiceann dubh acu. Cuireann sin múisc orm”. Más é sin an rud is ciste atá in aigne an fhuirseora, bhuel … ádh mór.

    Sotal. Mhaígh Gráinne “you’re right … you win at being Irish!”. Más rud go gceapann sí nach bhfuil Gaeilgeoirí ag úsáid a dteanga ach amháin chun dul i bhfeidhm uirthi, agus a leithéid, is mór an mustar é. Tá neart daoine ann i gCeanada a úsáideann an Ghaeilge nach maíonn gur Éireannaigh iad ar chor ar bith, agus cúiseanna níos doimhne acu lena rogha teanga ná cad a cheapann Gráinne faoi.

  • Tuigim

    Ciníochas ann.
    Bhí sí as bealach.