Tá léarscáil agus eolas ann a bhaineann le dáileadh na ngiolcacha Gaeilge de réir áite ar fud an domhain curtha ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell.
Ní hé seo an chéad uair atá a léarscáil curtha amach ag Scannell, a dhéanann anailís ar mhionteangacha ar Twitter tríd an suíomh indigendoustweets.com, ach anois féadtar léargas níos doimhne a fháil ar na háiteanna as a dtagann na giolcacha Gaeilge ón mbuneolas atá curtha ar fáil ar a shuíomh pearsanta.
Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí, agus ar na comhordanáidí a ghabhann leo, a léiríonn go beacht na ceantair as a dtagann an méid is mó giolcacha i nGaeilge ar fud na cruinne.
Ní haon iontas é go bhfuil Éire ar bharr an liosta domhanda. Is ón tír seo a thagann formhór na ngiolcacha Gaeilge. Is í tír dhúchais an Ollaimh Scannell féin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, atá sa dara háit ar an liosta idirnáisiúnta. Tá Éire agus na Stáit Aontaithe gob ar ghob ó thaobh líon na ngiolcacha de agus i bhfad chun cinn ar an gcéad tír eile ar an liosta, Sasana.
Is iad ár gcol ceathracha Gaelacha in Albain atá sa cheathrú háit ar an liosta agus iad beagáinín chun cinn ar mhuintir Cheanada. Is ag na Ceiltigh arís atá an cúigiú háit ar liosta na dtíortha is mó giolcacha Gaeilge – An Bhreatain Bheag.
Tá 20 tír eile ar an liosta a chuir Scannell amach inné, agus rian na ngaelghiolcairí le feiceáil ó thíortha na hEorpa – mol na n-aistritheoirí sa Bhruiséil san áireamh – go dtí an Domhan Thoir agus níos faide fós i gcéin.
Taobh istigh d’Éirinn, is í an phríomhchathair a thagann amach ar bharr an liosta. Ní dhearnadh aon idirdhealú idir Contae agus Cathair san anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí Scannell ach is ón gcathair agus ó iarthar na cathrach a thagann formhór an ngiolcacha Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Is ag Gaillimh atá an dara háit ar liosta na tíre iomláine, nuair a chuirtear figiúirí na cathrach, na Gaeltachta agus an chontae san áireamh. Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar bharr liosta na Gaeltachta, agus tá cathair na Gaillimhe sa tríú háit ar liosta na gcathracha, i ndiaidh Bhéal Feirste.
Nuair a chuirtear na ceantair Ghaeltachta san áireamh, tá gach contae Gaeltachta i measc na ndeich n-áit a dtagann an chuid is mó de ghiolcacha Gaeilge amach astu. Is iad Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Aontroim (Béal Feirste san áireamh), Ard Mhacha agus Doire atá ar bharr an liosta ar fad nuair a bhaintear na contaetha Gaeltachta de.
Ar ndóigh, tá Baile Átha Cliath ar bharr liosta na gcathracha arís, agus Béal Feirste i bhfad taobh thiar de. Taobh thiar de sin arís, tá Gaillimh agus ag an deireadh ar fad, tá Luimneach. Níorbh fhiú líon na ngiolcacha a tháinig ó Chathair Chorcaí a scagadh ón gcontae ar fad.
Luíonn staitisticí Twitter na gceantar Gaeltachta nach mór leis na mórcheantair Ghaeltachta ó thaobh ‘láidreachta’ de – an t-aon eisceacht ná go bhfuil Rinn Ua gCuanach chun cinn ar Thír Chonaill. Is ó Ghaeltacht na Gaillimhe (Cois Fharraige, Conamara agus Oileáin Árann) a tháinig an líon is mó giolcacha i nGaeilge. Bhí Corca Dhuibhne sa dara háit agus an Rinn sa tríú háit. I ndiaidh Thír Chonaill, bhí Múscraí Uí Fhloinn, Rath Chairn agus Gaeltacht Mhaigh Eo (Acaill, Iorras agus Tuar Mhic Éadaigh).
Tá an t-eolas seo bunaithe ar an 1,500 giolc is deireanaí ón 1,000 giolcaire Gaeilge is gníomhaí ar Twitter ar an 1 Eanáir 2016. Tá taighde Kevin Scannell bunaithe ar chuntais phoilblí ar Twitter a bhfuil áit luaite leo.
Na háiteanna is mó a sholáthair giolcacha Gaeilge
Lisa
Seo go léir bunaithe ar líon na ngiolcanna, an ea, seachas ar céatadán nó aon rud? Agus gan trácht ar líon na ngiolcairí?
Más ea, dar ndóigh bheadh na Stáit chun tosaigh ar Shasana beag!
An bhféadfadh sibh an céatadán a áireamh?
Ó thaobh an daonra de, mura bhfuil figiúirí faoi líon iomlán na tvuíteanna agaibh….
Colmán
Ó thaobh céatadán bheinn ag samhlú go mbeadh níos mó cainteoirí Gaeilge i Sasana ná mar atá sna Stáit. Sin ráite is cosúil go bhfuil an-suim sa Ghaeilge ag Gaeil Mheiricea.