Méadú faoi 16 ar líon na ngiolcacha Gáidhlig ar Lá Gáidhlig Twitter

Is iondúil go seoltar tuairim is 185 giolc i nGáidhlig gach lá i gcaitheamh na bliana ach seoladh 3,200 giolc, nó mar sin, ar an 21 Aibreán, Lá Gáidhlig Twitter

Twitter

Seoladh tuairim is a shé oiread déag níos mó giolcacha i nGáidhlig ar Lá Gáidhlig Twitter na bliana seo ná mar a sheoltar ar ghnáthlá, dar le hanailís atá déanta ag an Ollamh Kevin Scannell.

Is iondúil go seoltar tuairim is 185 giolc i nGáidhlig gach lá i gcaitheamh na bliana ach seoladh 3,200 giolc, nó mar sin, ar an 21 Aibreán, Lá Gáidhlig Twitter.

Tá an t-eolas sin bunaithe ar an anailís a rinne an tOllamh Scannell ar an 2,000 cuntas a bhíonn ag giolcaireacht i nGáidhlig go rialta, ach dúirt sé le Tuairisc.ie go bhféadfadh sé go raibh níos mó ná sin ann ó chuntais nach mbíonn ag caint i nGáidhlig chomh minic sin ar an suíomh.

Ar cheann de na cuntais sin nach mbíonn ag Gaelghiolcaireacht chomh minic sin in Albain bhí @ScottishFA, cumann sacair na hAlban. Bhí sé ina raic nuair a chinn an cumann sonraí a leathanaigh Twitter a aistriú go Gáidhlig don lá. Bhíothas ann a cheap go raibh uisce faoi thalamh i gceist le cinneadh an SFA teachtaireacht Gháidhlig a chur amach ar lá breithe Bhanríon Shasana.

Bhí Lá Gáidhlig Twitter na bliana seo á reáchtáil ag an am céanna leis an bhfeachtas #TIML2016 (This is my language 2016) feachtas a thosaigh san Ísiltír agus atá dírithe ar aird a tharraingt ar mhionteangacha na hEorpa. Bhí an haischlib #timl2016 luaite le 522 giolc a seoladh ar an lá.

Luadh #gáidhlig in 2,339 giolc a seoladh agus luadh an focal Béarla #Gaelic 284 uair.

De réir an taighde is deireanaí bíonn, ar an meán, tuairim is 1,000 giolc Gáidhlig á gcrochadh ar Twitter gach seachtain agus 190 giolcaire gníomhach sa teanga sin sa tseachtain.

Níl ach 21 cuntas ar a mbíonn caint i nGáidhlig den chuid is mó (70%+) ar an suíomh agus nuair a bhaintear eagraíochtaí Gáidhlig as an bhfigiúr sin, níl fágtha ach deichniúr a bhíonn ag giolcaireacht i nGáidhlig go príomha gach seachtain.

Tá an Ghaeilge níos sláintiúla ar na meáin shóisialta ná mar atá an Gháidhlig. Crochann thart ar 770 giolcaire tuairim is 6,000 giolc Gaeilge ar Twitter gach seachtain. Is giolcairí ‘aonteangacha’ (70%+ den ábhar i nGaeilge amháin) iad 114 cuntas acu sin, ach nuair a bhaintear na heagraíochtaí Gaeilge as an liosta, níl fágtha ach 40 duine aonair a bhíonn ag giolcaireacht go príomha i nGaeilge gach seachtain.

Fág freagra ar 'Méadú faoi 16 ar líon na ngiolcacha Gáidhlig ar Lá Gáidhlig Twitter'