An chéad ‘foclóir’ emoji Gaeilge ar fáil anois

An té a chuardóidh an focal ‘moncaí’ ar EmojiWorldBot, mar shampla, aimseoidh sé an straoiseog ?

Emojis

straoiseoga mar chuid de ‘theanga an idirlín’ le tamall anuas agus is i minice atá a n-úsáid ag dul. Tá an ‘foclóir’ nua curtha amach ag EmojiWorldBot le go mbeidh “bealach éasca ag cainteoirí Gaeilge na straoiseoga atá uathu a aimsiú”.

Maíonn lucht EmojiWorldBot go gcabhraíonn a n-uirlis nua le pobal an domhain uile labhairt le chéile i dteanga a thuigeann cách.

“Is ionann ❤️ don chainteoir Araibise agus don chainteoir Eabhraise. Mar chainteoir Peirsise atá ina chónaí san Iaráin, tá sásta gur féidir liom EmojiWorldBot a úsáid le labhairt le daoine ar fud an domhain den chéad uair, cainteoirí Gaeilge ina measc,” a dúirt Sina Mansour, cláraitheoir a d’oibrigh ar an gcóras.

Cruthaíodh EmojiWorldBot mar uirlis saor in aisce don teachtaire Telegram le go mbeadh úsáideoirí na seirbhíse in ann straoiseoga a chuardach le focail in os cionn 70 teanga.

Aimseoidh an té a chuardóidh an focal ‘moncaí’ an straoiseog ? chun é a chur isteach ina chuid teachtaireachtaí agus comhráite.

D’oibrigh foireann idirnáisiúnta dearthóirí agus cláraitheoirí ríomhaire le chéile, trí Telegram, chun an uirlis a chruthú ina dteanga féin. Ba é an tOllamh Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri, a rinne an obair ó thaobh na Gaeilge de.

“Tá an chuma air go bhfuil sé an-simplí mar uirlis, ach teastaíonn go leor oibre casta ó thaobh deartha de le córas a oibríonn don oiread sin teangacha a chruthú,” a dúirt Federico Sangtai, duine de na cláraitheoirí ríomhairí a d’oibrigh ar an togra san Ísiltír.

Thuig na dearthóirí go luath sa togra go gcaithfí cur leis an gcóras agus é a fheabhsú. Chuige sin, dhear siad cluichí d’úsáideoirí na huirlise le go spreagfar iad chun tuilleadh eolais, agus eolas níos cruinne, a thabhairt do lucht deartha na huirlise.

Seoladh an chéad chluiche an tseachtain seo, mar aon leis an bhfoclóir nua, agus is féidir é a imirt anois agus a bheith ag cur leis an bhfoclóir san am céanna. Sa chéad chluiche eile úsáidfear na straoiseoga le haistriúcháin dhíreacha a aimsiú i dteangacha uile an chórais.

“Faoi láthair, is iondúil go dtéitear amú san aistriúchán ó theangacha a chéile mar is trí Bhéarla a dhéantar na haistriúcháin ar fad. Nuair a bheifear á dhéanamh trí na straoiseoga féin, cuirfear deireadh, mar shampla, leis an mearbhall a bhaineann, le ‘cupán’ ☕, muigín le haghaidh tae, agus ‘corn’ ? , duais spóirt, nuair is é ‘cup’ an Bhéarla atá le haistriú,” a dúirt Martin Benjamin, duine de stiúrthóirí an togra in Institiúid Teicneolaíochta Chónaidhm na hEilbhéise.

Thosaigh an togra seo san Iodáil, leis an EmojiItalianBot, agus dúirt Francesca Chiusaroli, ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Macerata go bhfuil íomhánna in úsáid le scéalta a insint ó cuireadh péint ar bhalla an chéad lá riamh.

“Táthar ag úsáid íomhánna le scéalta a insint ó aimsir na péintéireachta uaimhe. Ba as na pictiúir a d’eascair an scríobh, d’imigh muid ó na hiairiglifí agus na hidéagraim go dtí na litreacha agus na haibítrí. Anois tá an saol iompaithe i dtreo na bpictiúr arís don bhunchumarsáid, agus straoiseoga á n-úsáid le daoine a thabhairt le chéile thar theorainneacha agus teangacha,” a dúirt sí.

Is féidir EmojiWordBot a úsáid ach an aip Telegram a íoslódáil agus cuntas a chruthú leis. Is féidir Telegram a úsáid ar na mórchórais oibriúcháin uilig agus tá leagan brabhsálaí ann freisin.

Fág freagra ar 'An chéad ‘foclóir’ emoji Gaeilge ar fáil anois'