‘Go raibh an Fórsa leat’ – beannacht Luke Skywalker ar leantóir Éireannach

‘Bhí mé ag rith thart ar nós go raibh an Fórsa liom!’ a deir an té a mheall an tvuít Ghaeilge ón aisteoir Mark Hamill

luke-skywalker-mark-hamill-star-wars-force-awaken

Tá a fhios ag gach mac máthar go raibh lucht Disney ag taifeadadh an chéad eagrán eile den tsraith iomráiteach ‘Star Wars’ i nGaeltacht Chiarraí níos túisce i mbliana agus go raibh taifead eile ar siúl i ngiorracht scread asail de Ghaeltacht Thír Chonaill.

Is cosúil go bhfuil teanga na háite tar éis dul i bhfeidhm ar dhuine de phríomhaisteoirí an scannáin, Mark Hamill, atá i ról Luke Skywalker don chúigiú huair ó tháinig an chéad scannán amach Star Wars Episode IV: A New Hope i 1977.

D’iarr Pádraig Ó Tiarnaigh, ó Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, ar Hamill an frása cáiliúil ón scannán ‘May the Force be with you’ a ghiolcadh i nGaeilge tráthnóna De Sathairn.

Thuill an chéad ghiolc sin sé chroí ar Twitter ach níor éirigh leis aird an aisteora a tharraingt. Níor chaill Ó Tiarnaigh a mhisneach, áfach, agus chuir sé an cheist arís moch maidin Dé Domhnaigh i ngiolc a thuill trí athghiolc agus 21 croí.

Tharraing an dara teachtaireacht aird Hamill agus d’fhreagair sé giolc Uí Thiarnaigh taobh istigh de chúig nóiméad agus é ag rá gur maith leis gar a dhéanamh do dhuine dá lucht leanta nuair is féidir.

Dúirt Ó Tiarnaigh le Tuairisc.ie go raibh sé “ag rith timpeall ar nós go raibh an Fórsa liom” nuair a chonaic sé gur fhreagair fear Star Wars a achainí.

“Tá dúil mhór agam i Star Wars agus chonaic mé go raibh sé iontach gníomhach lena lucht leanúna nuair a bhí sé ag taifeadadh anseo. Bhí go leor scéalta faoin dóigh a raibh sé ag caitheamh leo ar na meáin shóisialta agus timpeall na mbailte a raibh sé iontu.

“Chuir mé cúpla tweet aige an uair sin ach níor fhreagair sé. Is dóigh go raibh sé iontach gníomhach. Dúirt mé liom féin go dtriailfinn arís é agus d’iarr mé air an ráiteas stairiúil sin a chur amach i nGaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur “rud iontach pearsanta” a bhí ann ach go bhfacthas dó go bhféadfaí “stádas na Gaeilge a ardú ar leibhéal domhanda” dá n-éireodh leis Hamill a mhealladh.

“Chuir sé gliondar ar mo chroí nuair a chonaic mé a fhreagra agus an méid freagraí agus croíthe a bhí sé tar éis a fháil. Bhí sé ar dóigh, mar tá breis agus milliún leantóir aige. Bhí mé ag rith thart ar nós go raibh an Fórsa liom!” a dúirt sé.

Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil sé ag cuimhneamh anois ar cheist a chur ar roinnt aisteoirí agus daoine mór le rá eile teachtaireachtaí Gaeilge a chur amach ar Twitter agus súil aige “próifíl na teanga a ardú”.

Fág freagra ar '‘Go raibh an Fórsa leat’ – beannacht Luke Skywalker ar leantóir Éireannach'