Móreagraíochtaí Gaeilge i measc na leantóirí atá ag cuntas Twitter a scaipeann ábhar pornagrafaíochta

Is cosúil go bhfuil bob buailte ar chainteoirí agus eagraíochtaí Gaeilge, ina measc Conradh na Gaeilge, TG4 agus Glór na nGael, ag @GaeilgeGaelic, cuntas róbait ar Twitter a scaipeann pictiúir de mhná ar bheagán éadach agus ábhar pornagrafaíochta

Móreagraíochtaí Gaeilge i measc na leantóirí atá ag cuntas Twitter a scaipeann ábhar pornagrafaíochta

Is cosúil go bhfuil móreagraíochtaí Gaeilge ag leanúint, i ngan fhios dóibh, cuntas Twitter a roinneann íomhánna agus físeáin phornagrafaíochta.

Le beagán le cois bliana anuas, tá an cuntas @GaeilgeGaelic, a bhfuil ‘Your Irish Girl’ mar ainm úsáideora air, ag scaipeadh pictiúir de mhná ar bheagán éadach agus ábhar pornagrafaíochta ar Twitter.

Tá os cionn 100 leantóir ag an gcuntas i láthair na huaire agus is cainteoirí nó eagraíochtaí Gaeilge iad níos mó ná leath acu sin – leithéidí Chonradh na Gaeilge, TG4 agus Glór na nGael ina measc.

Cláraíodh @GaeilgeGaelic ar Twitter beagnach cúig bliana ó shin, i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2011, agus is cosúil gur cuntas róbait a bhí ann ón gcéad lá riamh. Ní ábhar pornagrafaíochta a bhíodh á scaipeadh aige i dtús aimsire, áfach, ach ailt Ghaeilge ó shuíomhanna leithéidí an nuachtáin Gaelscéal agus Beo.ie.

De réir liosta na leantóirí atá ag an gcuntas, ba ag an tráth sin a thosaigh lucht labhartha na Gaeilge á leanúint. Os cionn bliana ó shin, tháinig athrú ar an gcineál ábhair a bhí an cuntas a scaipeadh agus mheall sé leantóirí eile.

Is daoine gan Ghaeilge agus cuntais phornagrafaíochta eile na leantóirí is nua atá ag @GaeilgeGaelic, ach tá roinnt mhaith dá chuid seanleantóirí fós ar a liosta leantóirí.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nach raibh “tuairim dá laghad” aige go raibh cuntas oifigiúil an Chonartha ag leanúint an chuntais.

“Ní bhíonn aon bhaint agamsa go díreach le cuntais an Chonartha ar na meáin shóisialta, agus níor chuala mé faoin gcuntas áirithe seo. Tá iontas orm go bhfuil a leithéid ann agus tá sé i gceist agam a rá le foireann na meán sóisialta éirí as a bheith á leanúint láithreach,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

D’éirigh TG4 as a bheith ag leanúint an chuntais nuair a cuireadh ar a súile dóibh go raibh siad i measc an leathchéid leantóirí Gaeilge a bhí ag @GaeilgeGaelic.

“D’éirigh muid as láithreach agus tá muid tar éis an cuntas a thuairisciú le Twitter féin mar chuntas turscair anois. Bhreathnaigh muid tríd an stair idir an cuntas s’againne agus a gcuntas siúd agus ní raibh aon chumarsáid eadrainn riamh. Níor thug muid faoi deara a gcuid tvuíteanna agus níor labhair muid riamh leo,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Bainisteoir Forbartha Ghlór na nGael, Frainc Mac Cionnaith, nach raibh aon tuairim aige go raibh an eagraíocht i measc leantóirí @GaeilgeGaelic.

“Is scéal iomlán nua é seo domsa, ach ní úsáideoir gníomhach Twitter mé. Tá cuntas pearsanta agam agus ní mise a bhíonn i bhfeighil ar chuntas oifigiúil Ghlór na nGael. Fiosróidh mé an scéal leis an bhfoireann, ach is cinnte gur thosaigh muid á leanúint mar gheall ar an ábhar Gaeilge. 

“Cuireann sé díomá orm go bhfuil duine éigin ag cur i gcéill ar na Gaeil agus ag scaipeadh ábhar míoiriúnach faoi ainm na Gaeilge,” a dúirt Frainc Mac Cionnaith ó Ghlór na nGael.

Fág freagra ar 'Móreagraíochtaí Gaeilge i measc na leantóirí atá ag cuntas Twitter a scaipeann ábhar pornagrafaíochta'

  • Pól Réamonn

    Tá sé seo scéal náireach………. Rinne mé mo chuid taighde agus tá an cuntas i mBéarla.