www.síneadhfada.ie! An bealach á réiteach do cheadú sínte fada ar ainmneacha fearainn na hÉireann!

Deir Michele Neylon, ball de Choiste Comhairleach an IEDR gurb í ‘tábhacht na Gaeilge’ i gcultúr na hÉireann’ is cúis leis an moladh

finger-769300_1920

D’fhéadfadh nach fada uainn an lá go bhfeicfimid suíomhanna ar nós focloir.ie, tearma.ie, coimisineir.ie, nos.ie agus duchas.ie agus síneadh fada mar is ceart.

Beidh cead feasta síneadh fada a úsáid ar ainm fearainn Éireannach ar an idirlíon má chuirtear i bhfeidhm moladh atá déanta ag lucht bainistíochta na clárlainne IE, an IE Domain Registry.

Tá Coiste Comhairleach an IEDR ag moladh go gceadófaí sínte fada in ainmneacha fearainn na hÉireann.

Dúirt Michele Neylon atá ina ball de

Choiste Comhairleach an IEDR gurb í “tábhacht na Gaeilge i gcultúr na hÉireann” is cúis leis an moladh.

“Níltear ag moladh go gcuirfidh IEDR tacaíocht ar fáil do gach aon charachtar idirnáisiúnta, ach is linne an Ghaeilge agus níl aon chiall le fearann ‘náisiúnta’ mura ndéanann sé freastal cuí ar an dteanga náisiúnta”, dúirt Michele Neylon ón gcomhlacht Blacknight.

Dúirt Neylon nach iad lucht na Gaeilge amháin a chuirfeadh fáilte roimh an scéal go gceadófaí an síneadh fada in ainmneacha fearainn.

“Fiú muna labhrann tú Gaeilge, níl aon éalú uaithi. Tá sí sna logainmneacha, in ainmneacha comhlachtaí agus eagraíochtaí, i nathanna agus i bhfrásaí an Bhéarla atá againn”.

“Mar chomhlacht dúchasach Éireannach, tá Blacknight bródúil as an nGaeilge mar chuid bhunúsach de chultúr na tíre seo, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil an meas is cóir le taispeáint di ag an bhfearann náisiúnta,” a dúirt Michele Neylon.

Dúirt an ríomhchláraitheoir Michal Boleslav Měchura, a bhíonn ag obair leis na  tionscnaimh fhoclóireachta ar líne, focloir.ie agus tearma.ie, a chuireann áiseanna ar fáil do phobal na Gaeilge, go gcuirfidh úinéirí suíomhanna Gaeilge “spéis láithreach” sa scéal.

Sheol an IEDR próiseas comhairliúcháin poiblí faoin gceist an tseachtain seo caite agus tá moltaí an choiste a bhí ag plé na ceiste foilsithe ag an gClárlannaí.

Deir an comhlacht Blacknight go bhfuil cur síos anois ann ar an athrú polasaí faoin síneadh fada agus faoin tslí  a d’fhéadfaí an polasaí nua chur i bhfeidhm.

Deir Blacknight gur de réir a chéile a chuirfí an t-athrú i bhfeidhm agus go dtabharfaí tús áite d’úinéirí trádmharcanna agus do dhreamanna a bhfuil an síneadh fada ‘ar lár’ sna hainmneacha fearainn atá cláraithe cheana acu.

Tá tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín an IEDR faoin moladh go gceadófaí an síneadh fada in ainmneacha fearainn agus táthar ag glacadh le haighneachtaí ón bpobal faoin scéal go dtí an 21 Márta.

Fág freagra ar 'www.síneadhfada.ie! An bealach á réiteach do cheadú sínte fada ar ainmneacha fearainn na hÉireann!'

  • Tomás Ó hÓgáin

    GRMA le Tuairisc.ie as an t-alt seo a chur os ár gcomhair.

    Bhíos ag caint le IEDR.ie faoi chomh deacair is atá sé teacht ar an gcáipéis chomhairliúcháin ar a suíomh, rud a ghéilleadar go drogallach ár rá gur ‘internationalisation’ an téarma teicniúil etc. Dúrtsa leo gur cuma le lucht úsáidte na Gaeilge más é sin an téarma teicniúil an téarma acu féin air is ea ‘an síneadh fada’ agus go raibh an focal ‘fada’ in easnamh i dteideal na Cáipéise Chomhairliúcháin etc. Dúrt leo go raibh ag teip orm le Google (IEDR + an síneadh fada) fiú agus gur mithid dóibh an scéal a chur ina cheart leis na ‘heochairfhocail’/meiteashonraí agus fiú optamú inneall cuardaigh (SEO) a chur in oiriúint don faux pas ata deanta acu. …is é an freagra a thug sí ná: “I’ll pass on your comment…”

    Tá an cháipéis ag an nasc seo: https://www.iedr.ie/?s=fada

    T.

  • padraig

    síneadh fada…………an-tábhacht ag baint leis, cuir i gcás sa sampla seo;
    ‘sin sin’ a dúirt an Síneach sin ó Bhéising nuair a síneadh é!

  • ciara

    “Fiú muna labhrann tú Gaeilge, níl aon éalú uaithi. Tá sí sna logainmneacha, in ainmneacha comhlachtaí agus eagraíochtaí, i nathanna agus i bhfrásaí an Bhéarla atá againn”.

    An-ráiteas.

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    https://www.iedr.ie/internationalised-ie-domain-names/ an nasc.

    Is fíor gur béarlagair atá ann, ach bheadh an béarlagair ar eolas ag mórchuid de na daoine a bheadh i gceist.