An Ghaeilge ar fáil ar ghléasanna Samsung an athuair

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha a mbíonn feidhm leo ar fhóin de chuid Samsung, breis is bliain ó baineadh den liosta í.  Chuir ríomheolaí Andy Caomhánach an scéala amach ar Twitter inné go bhfuair sé ríomhphost ón gcomhlacht inar deimhníodh go raibh an Ghaeilge i measc na roghanna ar fhóin nua Samsung agus […]

Samsung

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha a mbíonn feidhm leo ar fhóin de chuid Samsung, breis is bliain ó baineadh den liosta í. 

Chuir ríomheolaí Andy Caomhánach an scéala amach ar Twitter inné go bhfuair sé ríomhphost ón gcomhlacht inar deimhníodh go raibh an Ghaeilge i measc na roghanna ar fhóin nua Samsung agus go bhféadfaí í a chur ar fhóin atá níos sine trí uasdátú a dhéanamh ar an gcóras oibriúcháin.

“Fuair mé ríomhphost maidin inniu ina ndúirt siad gur chóir go mbeadh an t-uasghrádú ar fáil ó mhaidin inniu don S6, a tháinig amach anuraidh, agus go bhfuil rogha na Gaeilge ar fáil ar an S7, a tháinig amach i mbliana cheana féin.

“Ní raibh an Ghaeilge ar fáil ar an S6 nuair a tháinig sé amach agus an míniú a thug Samsung air sin ná nach raibh an leagan Gaeilge cóirithe i gceart nuair a tháinig sé amach ar dtús ach go ‘gcuirfí an scéal ina cheart amach anseo’” a dúirt Caomhánach le Tuairisc.ie.

Tháinig an míniú sin ó Samsung an 16 Bealtaine 2015 ach dúirt Caomhánach go raibh “rudaí an-chiúin ó shin i leith” go dtí gur thosaigh feachtas ar na meáin shóisialta níos túisce i mbliana le haird Samsung a tharraingt ar an gceist arís.

“Bhíothas ag teacht chugamsa ag gearán nach raibh an rogha Ghaeilge ar fáil fós ag tús na bliana seo. Thosaíomar ag cur tvuíteanna chuig Samsung en masse an 13 Márta agus chuir muid brú orthu. Fuaireamar tacaíocht ó na heagraíochtaí Gaeilge a d’ardaigh próifíl an fheachtais. Dhá mhí ina dhiaidh sin bhí an t-aistriúchán déanta,” a dúirt Caomhánach.

Dúirt sé nach raibh aon tagairt shonrach sna ríomhphoist a fuair sé ó Samsung do na táibléid a dhéanann an comhlacht ach go “nglacann sé leis” go bhfuil an t-uasghrádú agus an rogha Ghaeilge ar fáil do na mórtháibléid freisin.

Dúirt sé freisin gurb í a thuairim go raibh an comhlacht Apple, a bhfuil a chóras oibriúcháin iOS in iomaíocht go mór leis an gcóras Android a úsáideann Samsung, ag obair ar leagan Gaeilge dá chóras, ach go mbíonn sé “deacair a rá” céard a bhíonn ar bun ag Apple go dtí go mbíonn sé déanta.

“Tá Apple ag obair ar chomhéadan Gaeilge, ach níl a fhios agam cén uair a tharlóidh sé sin. Rinne Tim Cooke, príomhfheidhmeannach Apple, cur i láthair ar an iOS agus bhí an Ghaeilge le feiceáil i measc na dteangacha an uair sin.

Ach bíonn Apple rúnmhar ceilteach faoi na rudaí seo, ní dhéanann siad mórán fógraíochta ar rudaí go dtí go mbíonn siad ar fáil. De réir mar a thuigim, tá Coláiste na Tríonóide ag obair ar chúpla rud – Siri as Gaeilge agus araile – agus bheadh iontas orm mura ndéanfadh Apple an córas ar fad a chur i nGaeilge, má tá an méid sin le haistriú,” a dúirt Caomhánach.

Glacadh le rún ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2015 go gcuirfeadh an eagraíocht iarratas isteach chuig Apple a d’éileodh go gcuirfí leithéidí Siri ar fáil i nGaeilge. D’iarr an Conradh ar lucht a leanta ar Facebook éileamh ar Apple córas oibriúcháin Gaeilge a chur ar fáil ina dhiaidh sin ach níl dada cloiste ag an eagraíocht ó shin.

Mhol an tOllamh Kevin Scannell ag an seimineár ‘Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach’ a reáchtáladh i gCois Fharraige i mí an Mhárta go mbunódh daoine agus grúpaí ar spéis leo cur chun cinn na Gaeilge ar líne ‘cónaidhm’ ar mhaithe le saineolas, acmhainní agus ábhar a roinnt.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ar fáil ar ghléasanna Samsung an athuair'

  • Bernard Mac Brádaigh

    Cad é faoin Samsung Galaxy S5, ní bhfuair mé uasghráda fós agus bhí an Ghaeilge agam ar an S2 agus S4?