70 ‘gnó le Gaeilge’ cláraithe cheana féin le ‘Eolaire’ an Chonartha a sheolfar i mí an Mheithimh

Tá 70 comhlacht cláraithe leis an Eolaire cheana féin agus méadú ag teacht ar an líon sin ‘gach lá’

Ceannáras CnaG Conradh na Gaeilge

Beidh Eolaire Chonradh na Gaeilge beo ar líne ó mhí Mheithimh na bliana seo ar aghaidh. Dheimhnigh an Conradh an méid sin ar Twitter inné agus iad ag iarraidh ar chomhlachtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge clárú leis an tseirbhís nua.

Go dtí seo, tá tuairim is 70 duine nó comhlacht cláraithe leis an Eolaire, ina mbeidh eolas faoi chomhlachtaí atá sásta agus in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí. Is dlíodóirí iad tuairim is 30 de na daoine sin.

Dúirt Ian Mac Gabhann, Oifigeach Iontrála Sonraí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “bunchloch” curtha leis an mbunachar nua agus go bhfuil an Conradh ag súil go mbeidh sé ina “phríomháis teagmhála” ag lucht labhartha na Gaeilge.

“Tá muid ag díriú isteach anois ar an Eolaire agus é le seoladh i mí an Mheithimh. Bhí muid an-ghnóthach le Seachtain na Gaeilge agus Comóradh 1916, mar sin bhí an obair cineál mall ar feadh cúpla seachtain.

“Tá 70 comhlacht cláraithe anois leis agus tá an líon sin ag dul i méid gach lá. Tá muid ag dul i dteagmháil le comhlachtaí ceann ar cheann agus ag scagadh na n-eolairí atá ann cheana féin, ach tá cuid mhaith acu as dáta faoin am seo,” a dúirt Mac Gabhann.

Beifear in ann seirbhísí a lorg ar an eolaire trí eochairfhocal a chur isteach, cuardach de réir earnála, nó cuardach de réir contae a dhéanamh.

Taispeánfar na comhlachtaí atá in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil, agus ainm an duine nó na ndaoine atá fostaithe ag an gcomhlacht a bhfuil Gaeilge acu. Taispeánfar uaireanta oscailte agus seoladh na ngcomhlachtaí freisin. Dúirt Mac Gabhann go mbeidh ‘cuardach casta’ ar fáil “a bheidh thar a bheith sainiúil”.

Beidh teacht ar an Eolaire ar líne agus ar aip PEIG.ie.

Fág freagra ar '70 ‘gnó le Gaeilge’ cláraithe cheana féin le ‘Eolaire’ an Chonartha a sheolfar i mí an Mheithimh'

  • Seán Ó Drisceoil

    Cathain a bhéas Banc na hÉireann, AIB, PermantTSB, agus araile ar an liosta? An bhfuil sé sásúil, inghlactha gur féidir leo diúltú seirbhís a sholáthar sa dá theanga oifigiúil?