Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2

Bíodh súil in airde agaibh mar is gnáth le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Dara Ó Cinnéide, Sara Ní Chuirreáin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha agus John Allen i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

 


TUAIRISC Ó PHÁRAS: ‘An cogadh atá anseo againn, a mhamaí?’

 


Gaelcholáiste nua le hoscailt i Maigh Nuad i 2019

 


‘Is banscríbhneoir mé, scríobhaim i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo’ – tá mé bréan de bheith ag gabháil leithscéil

 


Tá fearg orainn ar fad…

 


Tá tríbhratach na Fraince ar mo leathanach Facebook agus ní dóigh liom gur údar náire dom é

 


A ndúirt siad…

Is cinnte go gcaithfidh an Fhrainc í féin a chosaint. Ach is cinnte freisin go gcaithfear poblachtánachas na Fraince, agus prionsabail uaisle bhunúsacha an phoblachtánachais sin – uilíochas, fáiltiúileacht agus ionannas – a chosaint. Sin é guí an chuairteora áirithe seo.

Paddy Bushe

 

Ar chúis éigin, níor thagair ach Teachta Dála amháin don chúis is soiléire leis an imní a bheadh ar dhuine go n-ionsófaí sprioc in Éirinn: an cead a thugtar d’eitleáin mhíleata na Stát Aontaithe tuirlingt in Aerfort na Sionainne ar a mbealach go dtí nó ar ais ó thíortha ina bhfuil na Meiriceánaigh i mbun cogaidh.

Cathal Mac Coille

 

Bhí Béarla ag chuile dhuine chomh maith céanna. Mar a dúirt tuismitheoir amháin liom le deireanas, ‘d’fhéadfá iad a thógáil i bpluais agus d’fhoghlaimeoidís Béarla’

Bridget Bhreathnach

 

Le tamall fada, bhíothas ag caint faoi chríoch a chur le polaitíocht an chogaidh chathartha, ach seans maith go bhfuil muid ar tí a leithéid a fheiceáil.

Eoin Ó Murchú

 

Amhránaithe, canaigí! Imreoirí sacair, imrígí sacar! Lucht freastail i dtithe caife an domhain, déanaigí cappuccinos ealaíonta, túr Eiffel orthu i bpúdar cócó más gá! Taispeánaimis dóibh siúd a dteastaíonn uathu anam an chine dhaonna a mharú nach n-éireoidh leo go deo.

Alex Hijmans

 

An mbeidh Eastwood in ann a áiteamh ar dhaoine gurbh fhiú vótáil don SDLP, go bhfuil polasaithe agus cur chuige ag an bpáirtí nach bhfuil le fáil ó éinne eile?

Póilín Ní Chiaráin

 

Did you not think of asking, ‘What the hell is going on here?’

John Deasy

ag Coiste na gCuntas Poiblí agus é ag trácht ar an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís Árann

Rogha na seachtaine


Is cúng an léargas a bheadh againn dá mbeimis bodhar ar an teanga labhartha


I gConamara le Ryan Tubridy, ag plé Casement, an Aud agus an Cheathrú Rua, agus a mhuintir féin…


Seo chugainn Star Wars i nGaoluinn Chorca Dhuibhne!

 


Físeán na seachtaine…

FÍSEÁN: ‘Sure there’ll be turf to be cut somewhere!’ – Réalta ‘Frostbit’ Dhoire ag staidéar i gConamara!


Pictiúr na seachtaine


GAILEARAÍ: Ceiliúradh 2016! Éire ag dul chun na Fraince do Chraobh na hEorpa…


Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey 

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie