Bhí ambasadóir na Fraince Jean Pierre Thábáilte ina shuí in áiléar na gcuairteoirí i nDáil Éireann Dé Máirt agus comhbhrón le muintir a thíre á dhéanamh ar chaon taobh den teach. Dúirt an Ceann Comhairle, Sean Barrett go seasfadh Éire gualainn ar ghualainn leis an bhFrainc agus aghaidh á thabhairt ag an tír sin ar an dream a bhí freagrach as rud ar thug sé “an t-uafás gan chiall” air i bPáras.
Labhair an Taoiseach agus ceannairí na bpáirtithe ina dhiaidh sin chomh maith le scata mór Teachtaí Dála, agus sheasadar ina dtost mar chomhartha comhbhróin. Chualathas ábhar machnaimh, comhairle agus caint ar an gcontúirt d’Éirinn chomh maith le linn na díospóireachta.
Ach ar chúis éigin, níor thagair ach Teachta Dála amháin don chúis is soiléire leis an imní a bheadh ar dhuine go n-ionsófaí sprioc in Éirinn: an cead a thugtar d’eitleáin mhíleata na Stát Aontaithe tuirlingt in Aerfort na Sionainne ar a mbealach go dtí nó ar ais ó thíortha ina bhfuil na Meiriceánaigh i mbun cogaidh.
Dúirt Clare Daly ón bPáirtí Sóisialach, mar atá ráite aici go minic roimhe seo, gur chóir tuirlingt na Meiriceánach a chosc, agus nach bhféadfaí a rá go raibh Éire i bhfabhar na síochána i Siria, mar shampla, agus cead leanúnach tuirlingthe á thabhairt againn do thír atá ag ionsaí spriocanna sa tír sin lena n-eitleáin chogaidh.
Is féidir a tuairim a cháineadh agus a chosaint, ach focal ní dúirt oiread agus Teachta Dála amháin eile faoi cheist na Sionainne. Cibé cúis a bhí lena dtost, ní athróidh sé dhá ghné den fhírinne:
1. Más mian agus más féidir le ceannairí ISIS leas a bhaint as tuirlingt na Meiriceánach in aerfort na Sionainne mar leithscéal chun sprioc abhus a ionsaí, bainfidh.
2. Ainneoin thost na Dála Dé Máirt, tarraingeofar anuas cruacheisteanna faoi mhoráltacht an pholasaí, agus faoi leas agus sábháilteacht na hÉireann, le linn fheachtas an olltoghcháin.
L’effet du sport?
Má éiríonn go geal le foireann Éireannach i gcomórtas mór domhanda, an athraíonn ár meon polaitiúil dá bharr? An bhfuil údar dóchais ag páirtithe an rialtais go rachaidh an lúcháir agus an mórtas cine a spreagfaidh ár rannpháirtíocht i mbabhtaí ceannais Chomórtas na hEorpa an bhliain seo chun tairbhe dóibh?
Tá fianaise áisiúil agus ábhar beag dóibh, i stair spóirt na tíre. (Nóta: níl an éacht a rinne foireann an Tuaiscirt faoi chaibidil anseo, tharla nach féidir an tionchar polaitiúil ó thuaidh a mheá ar an dóigh chéanna).
Bhí foireann na Poblachta páirteach roimhe seo i mbabhtaí ceannais Chomórtas na hEorpa i 1988 agus i 2012, agus i gcraobh-bhabhtaí Chorn an Domhain i 1990, 1994, agus 2002. Níl sa mheá mar sin ach bliain amháin inar reáchtáladh mórchomórtas eile agus olltoghchán gar dá chéile. Thosaigh comórtas Chorn Domhanda 2002 coicís tar éis olltoghchán na bliana sin.
Cuimhneoidh Éireannaigh ar feadh i bhfad, faraor, ar 2002, ó thaobh cúrsaí sacair de, mar bhliain an achrainn idir Roy Keane agus Mick McCarthy i Saipan. Ach cuimhneoidh lucht leanta na polaitíochta ar 2002 mar bliain eisceachtúil toisc gur atoghadh an rialtas céanna an athuair (Fianna Fáil agus na Daonlathaigh), rud nár tharla roimhe sin ó 1969, agus nár tharla in aon chor ó shin.
Ar ndóigh, bhí geilleagar na hÉireann níos folláine an uair sin ná mar atá sé anois, nó síleadh go raibh. Ní raibh fearg ná míshásamh baileach chomh láidir sa tír agus atá anois. Ach ní dhéanfaidh éacht na foirne oíche Dé Luain ná an dóchas a spreagfar idir seo agus olltoghchán 2016 aon dochar don rialtas.
– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon
Fág freagra ar 'ISIS, Aerfort na Sionainne agus neamhshuim na Dála'