Uachtarán ‘síochánta’ SAM i sáinn ag stocaireacht Iosrael

Tá Donald Trump ag súil go mbeidh críoch luath leis na gcogadh, ach tá scrios iomlán na hIaráine ag teastáil ó Benjamin Netanyahu

Uachtarán ‘síochánta’ SAM i sáinn ag stocaireacht Iosrael

Mhaígh Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, riamh gur theastaigh uaidh go mbeadh sé mar cháil air gur uachtarán ar son na síochána é is nár chuir sé tús le cogadh ar bith.

Ach, agus é seo á scríobh agam, tá an chosúlacht ann go mbeidh sé ag glacadh páirt go díreach i gcogadh Iosrael i gcoinne na hIaráine.

Chuir Benjamin Netanyahu, an coirpeach cogaidh atá i gceannas in Iosrael, tús leis an gcogadh seo ar mhaithe le stop a chur le hiarrachtaí Trump teacht ar chomhréiteach leis an Iaráin.

D’éirigh leis.

Tá Trump gafa sa neamhréir idir a mhaíomh gur uachtarán ar son na síochána é agus an tionchar atá ag lucht stocaireachta Iosrael air. Sa bhfeachtas uachtaránachta mhaígh sé go raibh sé níos láidre ar son Iosrael ná aon iarrthóir eile, agus bhain sé leas as uafás Gaza le frith-Sheimíteachas a chur i leith éinne a dhein fiú an cáineadh is lú ar Iosrael.

Bhí – agus, b’fhéidir go bhfuil fós – an rogha ag Trump seasamh le Netanyahu sa gcogadh seo nó teacht amach ina choinne. Agus ag deireadh thiar níor éirigh leis éalú ó ghreim an Stáit Dhomhain sna ranna stáit is cosanta, atá dílis i gcónaí don chlár nua-chaomhach (Neocons) is atá ag iarraidh leanacht leis an iarracht máistreacht Mheiriceá ar an domhan ar fad a thabhairt ar ais leis an lámh láidir.

Tá bagairtí á mbéiceadh amach ag Trump anois, ag éileamh géilleadh gan choinníoll ón Iaráin. Ach ní dóigh liom gur comhartha nirt na bagairtí seo ach comhartha laige, mar is léir go dtagann siad salach ar an nós oibre is fearr leis, margadh a dhéanamh.

Níl an chumhacht ag Trump, nó b’fhéidir an misneach, dúshlán a thabhairt don Stát Domhain ar an ábhar seo. Mar sin féin, tá fianaise ann nach bhfuil gnáthmhuintir Mheiriceá ag iarraidh dul chun cogaidh ar son Iosrael.

Tuairiscíodh i bpobalbhreith de chuid YouGov i Meiriceá nach raibh ach 16% den daonra sásta dul chun cogaidh leis an Iaráin agus 60% ina choinne. Ach sí an fhadhb atá ag Trump ná go bhfuil an córas oifigiúil ar fad 100% taobh thiar d’Iosrael. Sa bPáirtí Poblachtach, tá scoilt ann idir lucht MAGA nach bhfuil fonn cogaidh orthu agus na Neocons a chuir fáilte roimh ionsaí Iosrael ar an Iaráin, ach níl Trump sásta dul sa seans.

Stát fíorchumhachtach é Meiriceá gan dabht, agus dá mbeadh sé ina chogadh gan srian scriosfaí an Iaráin.

Ach tá sé léirithe go ngearrfaidh an Iaráin praghas ar Mheiriceá má théann siad sa treo sin. Féach an damáiste atá déanta ag an Iaráin d’Iosrael in ainneoin an Chruinneacháin Dhaingin a raibh an oiread sin cainte faoi.

Deirtear anois sa Washington Post nach bhfuil ach muinisin coicíse ag Iosrael don chruinneachán sin faoi láthair. Go deimhin, is é teip Iosrael a thug ar Netanyahu rannpháirtíocht Mheiriceá sa gcogadh a éileamh.

Tá cairde ag an Iaráin. Beidh an Rúis agus an tSín ag súil go dtiocfaidh an Iaráin slán as an mbaol seo. Ach, é sin ráite, ní fheicim seans ar bith go dtabharfadh ceachtar den dá thír cúnamh díreach míleata don Iaráin, cé gur dócha go dtabharfadh siad armlón dóibh.

Tá Trump ag súil go mbeidh críoch luath leis na gcogadh, ach tá scrios iomlán na hIaráine ag teastáil ó Netanyahu. Tuigeann Trump – agus tuigeann na stáit Arabacha atá in aice leis an Iaráin – go spreagfadh a leithéid tubaiste ar fud an réigiúin.

Ní dóigh liom, ámh, go dtabharfaidh an Iaráin bealach simplí do Trump as an tsáinn ina bhfuil sé. Cinnte, an fhad is a leanann sé air ag déanamh bagairtí gan aon bheart a dhéanamh, beidh sé ag déanamh ceap magaidh de féin.

Cá seasann Éire?

Níl tada ráite go díreach ag an rialtas ach is fiú a thabhairt faoi deara gur labhair na feisirí Eorpacha de chuid Fhianna Fáil, gach aon duine acu – Billy Kelliher, Barry Andrews agus Cynthia Ni Mhurchú – amach i gcoinne Ursula von der Leyen is a cuid ráiteas gan údarás ag tacú le hIosrael sa gcogadh.

Séanann na feisirí seo – in éineacht le feisirí na heite clé as Éirinn – go bhfuil an cead ag von der Leyen tacaíocht den chineál sin a fhógairt in ainm an Aontais Eorpaigh ar fad.

Tá Micheál Martin féin i bhfad níos cúramaí ar ndóigh, ach fiú Martin, caithfidh go bhfeiceann sé nach bhfuil Trump i gceannas ar an bpolasaí is go bhfuil sé ag imeacht ó thaobh go taobh deir réir mar atá an scéal ag titim amach.

Fág freagra ar 'Uachtarán ‘síochánta’ SAM i sáinn ag stocaireacht Iosrael'

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn.

  • Aonghus Mac an tSaoir

    ‘Chuir Benjamin Netanyahu, an coirpeach cogaidh atá i gceannas in Iosrael, tús leis an gcogadh seo ar mhaithe le stop a chur le hiarrachtaí Trump teacht ar chomhréiteach leis an Iaráin. ‘

    Tá dul amú ar Eoin (arís). Thángthas ar shos cogaidh an lá i ndiaidh d’Eoin an t-alt thuas a scríobh.

    Maidir le Netanyahu a bheith ina choirpeach cogaidh, bheadh níos mó suime agam tuairimí Eoin a léamh ar an ábhar sin sin dá mba rud é go raibh coireanna cogaidh Vladimir Putin pléite aige ina chuid colún. Ach is beag inchreidtheacht atá aige nuair a bhíonn sé an-fhonnmhar Iosrael a dhamnú ach gan faic ráite aige faoi na huafáis atá ar bun ag a laoch Putin san Úcráin.