Próiseas tairisceana aersheirbhís Árann cáinte mar ‘botched job’ ag Coiste na gCuntas Poiblí

Dúradh ar maidin go gcaithfeadh an Rialtas glacadh leis nach bhféadfaí an aersheirbhís a reáchtáil ach ó Aerfort na Mine. Mar fhreagra air sin, dúradh go mb’fhéidir go dtiocfadh dlíthe iomaíochta agus cúrsaí monaplachta i gceist

John Deasy
An Teachta Dála John Deasy

Deineadh cáineadh géar inniu ag Coiste Oireachtais na gCuntas Poiblí ar an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís Árann ar cuireadh deireadh leis i mí Mheán Fómhair tar éis conspóid fhada.

Ag tagairt dó don phróiseas tairisceana sin, d’fhiafraigh an Teachta Dála John Deasy ó Fhine Gael d’Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Robert Watt, ar rith sé riamh leis an cheist a chur, ‘What the hell is going on here?’

Dúirt Deasy gur  “botched job” a bhí sa phróiseas ó thús deireadh. Fiú an té a mbeadh oiread na fríde de thuiscint agus d’eolas aige ar chás na seirbhíse agus na n-oileán, ní fhéadfadh sé dul i mbun an phróisis faoi mar a chuathas, a dúirt Deasy.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí, Robert Watt, nach ndúirt an t-iarratasóir a roghnaíodh mar chuid den chéad phróiseas tairisceana go raibh ceist ann maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil dóibh sa chás go mbeadh rath ar a n-iarratas.

Dúirt sé go raibh sé sásta go raibh an tairiscint don chonradh agus an próiseas a lean ‘réasúnta’ agus gur cuireadh ‘díograis chuí’ i bhfeidhm le linn an phróisis chéanna.

Mhaígh John Deasy gurb amhlaidh go raibh an t-ádh leis an Rialtas go raibh ceist ann sa deireadh faoi Aerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil mar nach raibh ‘ciall ar bith’ leis an tairiscint an chéad lá agus go raibh an cur chuige ann ‘crazy’.

Dúirt Deasy go gcaithfeadh an Rialtas glacadh leis gurb í fírinne an scéil ná nach bhféadfaí an aersheirbhís a reáchtáil ach ó láthair amháin, Aerfort na Mine in Indreabhán i gConamara.

Ó tharla gur le húinéir Aer Arann Islands, an comhlacht atá ag cur na seirbhíse ar fáil faoi láthair, Aerfort na Mine, ní fhéadfadh ach toradh amháin a bheith ar an gcomórtas nua don chonradh a chuirfear ar bun sa Mhárta seo chugainn, a dúirt Deasy.

Mhol Deasy gan cur i gcoinne na fírinne loime sin ach glacadh léi ar mhaithe leo siúd atá ag brath ar an tseirbhís aeir.

Cé nár chuir sé as an áireamh é nach mbeadh ach láthair amháin, Aerfort na Mine, luaite sa chéad tairiscint eile, dúirt Príomh-Oifigeach Soláthair na hOifige um Sholáthar Rialtais, Peter Quinn, go raibh an scéal níos casta ná sin.

Dá dtarlódh sé nach luafaí go sonrach sa tairiscint nua ach Aerfort na Mine d’fhéadfadh dlíthe iomaíochta a bheith i gceist mar go mbeadh ‘de facto monopoly’ ag Aer Arann Islands.

Ba chúis díomá do John Deasy nach raibh éinne ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair ag an gcruinniú inniu chun ceisteanna i dtaobh an phróisis chonspóidigh a fhreagairt.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh ar an 25 Meán Fómhair go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Is ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann.

Ó rinne an tAire an fógra sin, bhí feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Níor chuir Roinn na Gaeltachta tús riamh leis an bpróiseas idirbheartaíochta maidir le conradh a aontú leis an gcomhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana.

Ar an 10 Méan Fomhair, d’iarr Aire na Gaeltachta ar chomhairlí cathrach agus contae na Gaillimhe soiléiriú a thabhairt faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil san athbhliain do Executive Helicopters Limited.

Bhí sé i gceist ag an gcomhlacht Aerfort an Chairn Mhóir a úsáid don tseirbhís héileacaptair a bhí beartaithe acu.

Ghlac Comhairleoirí Contae na Gaillimhe d’aon ghuth le rún nach ceadmhach Aerfort na Gaillimhe ar an gCarn Mór a úsáid le haghaidh seirbhís aeir go hOileáin Árann.

Ar an 13 Deireadh Fómhair, d’fhógair Aire na Gaeltachta, go raibh conradh bliana, ar fiú €1.62m é, sínithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an gcomhlacht Aer Arann Islands chun leanúint ar feadh bliana lena seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Fág freagra ar 'Próiseas tairisceana aersheirbhís Árann cáinte mar ‘botched job’ ag Coiste na gCuntas Poiblí'