Seo chugainn Star Wars i nGaoluinn Chorca Dhuibhne!

Fadó fadó i réaltra i bhfad uainn, tuairiscíodh go raibh lucht déanta Star Wars ag teacht go Corca Dhuibhne ( Eag. Bhí sé ag an Sítheach ar Nuacht TG4 an tseachtain seo caite) Mar chabhair dóibh, chuir Tuairisc.ie caint na dúichí ar chuid de na ráitis is cáiliúla ón sága…

‘Tá rud éigint fén bpaca aige seo...’ (The force is strong with this one…Darth Vader – A New Hope)

‘Tá rud éigint fén bpaca aige seo…’

(The force is strong with this one…Darth Vader – A New Hope)


02 yoda-return-of-the-jedi

‘Nuair a bheirse 900 bliain d’aois ní bheidh aon oidhre ort ach poll tóna gadhair a cimilíodh le neantóga lá seaca.’ 

(When 900 years old, you reach… Look as good, you will not – Yoda – Return Of The Jedi)


04 senator-palpatine-revenge-of-the-sith

‘Cleasaíocht Phaul Galvin, ambaiste. Níl aon teora leis. Is mó lúbaire Corcaíoch a mhínigh sé. Mo sheasamh air.’

(The Dark Side of the Force is the pathway to many abilities some consider to be… Unnatural.  Senator Palpatine – Revenge Of The Sith)


‘Tá buidéal fuiscí age fear Lios Póil!’ 

(He’s holding a thermal detonator! – C-3PO – Return Of The Jedi)


06 darth-vader-the-empire-strikes-back

‘A Liúc, déanfair cocstí den ngamal so. Thánn drochmhianach sa dúchas agat. Téanam. Má bhuafam suathfam agus mura mbuafam suathfam anyway!’

(Luke, you can destroy the Emperor. He has foreseen this. It is your destiny. Join me, and together we can rule the galaxy as father and son – Darth Vader – The Empire Strikes Back)


07 obi-wan-kenobi-a-new-hope (1)

‘Má chuirfear siar ar mo pholl mé duit fhéin is measa, a Dharth, a bhuachaill. Buailfeadsa le raitil tú a bhainfidh critheán agus ceol as do mhagairlí.’ 

(You can’t win, Darth. Strike me down, and I will become more powerful than you could possibly imagine – Obi Wan Kenobi – A New Hope)


08 princess-leia-the-empire-strikes-back 

‘A chníopaire cam, a chnapáin amadáin, tú chomh liobarnach lom le sean-mholtachán!’ 

(Why you stuck-up, half-witted, scruffy-looking nerf-herder! Princess Leia – The Empire Strikes Back)


09 han-solo-a-new-hope

‘Ní mar a chéile gabháil trí pharóiste Mórdhach agus bheith ag glanadh mheaingilí, a gharsúinín.’

(Traveling through hyperspace ain’t like dusting crops, farm boy – Han Solo – A New Hope)


10 darth-vader-the-empire-strikes-back

‘Tá sé in am agat Obi-Wan. Nach ait an mac an saol. Nuair a d’fhágas slán agat go deireadh bhíos chomh dúr le taobh an fhalla; anois níl aon teora leis an gcac a spalpaim.’ 

(I’ve been waiting for you, Obi-Wan. We meet again, at last. The circle is now complete. When I left you, I was but the learner; now I am the master – Darth Vader – A New Hope)


11 the-emperor-return-of-the-jedi

‘Cogar anois a Shiúlóirín, tairriceodsa do chaoláin trí’d chaincín.’

(Now, young Skywalker… you will die – The Emperor – Return Of The Jedi)


12 princess-leia-a-new-hope

‘Chrisht, a Obi-Wan Kenobi, an nglaofá ar phiúnt dom, táimse bearálta ag an mbastairt.’

(Help me Obi-Wan Kenobi, you’re my only hope – Princess Leia – A New Hope)’


13 darth-vader-return-of-the-jedi

‘Thánn tú múinte go maith age Fitzmaurice.’

(Obi-Wan has taught you well – Darth Vader – Return Of The Jedi)


Cuimhnigh, ní thiocfaidh éinne i ngiorracht na hAll-Irelands atá buaite againne!  (Remember...the Force will be with you, always - Obi Wan Kenobi - A New Hope)

‘Cuimhnigh, ní thiocfaidh éinne i ngiorracht na hAll-Irelands atá buaite againne!’

(Remember…the Force will be with you, always –  Obi Wan Kenobi – A New Hope)

Fág freagra ar 'Seo chugainn Star Wars i nGaoluinn Chorca Dhuibhne!'

  • Tuigim

    Er…
    Cultúr eile, cinnte.
    (Casacht)

  • Tuigim

    Caint na ‘leads’ & feicim leads amháin sna phics inniu ar an leathanach seo freisin, seachas Leia.
    úps

  • Tuigim

    GML 22:3 (leia faoi dhó san áireamh) ach cé atá ag cóireamh?
    Agus an scéal faoi
    ‘Is banscríbhneoir mé, scríobhaim i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo’ – tá mé bréan de bheith ag gabháil leithscéil’
    Íoróin

  • cormac

    Obi Wan Kenobi : N’fheadar cen cu a chac e na cen madra a bhaist e!

  • cormac

    fan fada ar star wars gan filleadh gan feacadh orthu.