I gConamara le Ryan Tubridy, ag plé Casement, an Aud agus an Cheathrú Rua, agus a mhuintir féin…

Chas ár gcolúnaí leis an gcraoltóir Ryan Tubridy ag Teach an Phiarsaigh an tseachtain seo agus ba léir dó bród an Tiobradaigh as an mbaint a bhí ag a mhuintir féin le stair na hÉireann

"Fáilte go Ros Muc". Ryan Tubridy agus Seosamh ag bualadh le chéile. Pictiúir le Seán Ó Mainnín
‘Fáilte go Ros Muc’. Ryan Tubridy agus Seosamh Ó Cuaig ag bualadh le chéile. Pictiúir le Seán Ó Mainnín

Tá a fhios agam go cinnte anois go bhfuil suim sa stair ag an láithreoir teilifíse agus raidió Ryan Tubridy. Tá a fhios agam freisin go bhfuil sé thar a bheith bródúil as an mbaint a bhí ag a mhuintir féin le stair na hÉireann.

Cruthaíodh é sin dom an tseachtain seo agus mé ag cuidiú leis clár teilifíse a dhéanamh faoi Éirí Amach 1916.

Ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc a bhí muid ag obair.

Ceithre chlár speisialta atá RTÉ a dhéanamh faoin Éirí Amach, chomh fada agus a bhain sé le contaetha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Is iad na contaetha atá i gceist Gaillimh, Tír Chonaill. Corcaigh agus Loch Garman.

Poblachtach neamh-leithscéalach, ar ndóigh, ba ea seanathair Ryan Tubridy, Todd Andrews, ar thaobh amháin. Ach mianach poblachtach atá ann freisin ón taobh eile.

Bhí a shin-sheanmháthair, Jane Tubridy, ag múineadh scoile ar an gCeathrú Rua agus bhí a mac siúd, an Dr. Seán Tubridy, páirteach i gCogadh na Saoirse agus é ina Theachta Dála ag Fianna Fáil i gConamara ina dhiaidh sin.

Bhí eolas mór ag Jane Tubridy ar Roger Casement. Chuir Casement ciste airgid le chéile le lón a cheannacht do na gasúir scoile ar an gCeathrú Rua.

Ag plé cúrsaí staire taobh amuigh de theach an Phiarsaigh.
Ag plé cúrsaí staire taobh amuigh de theach an Phiarsaigh

Ba mhór an t-údar bróid do Ryan Tubridy gur éirigh le léiritheoirí an chláir a theacht ar chóip de litir a scríobh Jane Tubridy chuig Roger Casement ag glacadh buíochais leis.

Mheabhraigh mise dóibh gur ar an gCeathrú Rua ab fhearr le Roger Casement na gunnaí a chur i dtír as an Aud i 1916.

Fuair léiritheoirí an chláir cruthú gurb amhlaidh a bhí.

Seo mar a dúirt Casement lena chara Lady Cadbury nuair a bhí sé le crochadh:

“Emmeline, if only they had landed me in Carraroe, things might have gone differently. They were waiting for me in Carraroe—armed men who would have protected me and hidden me. But the Germans chose instead to land me on an open beach in Tralee.”

Tá a fhios ag fia agus ag fiolar anois gur go Baile Átha an Rí a bhí gunnaí an Aud le tabhairt ó thús deireadh go tosaigh. Bhí 500 óglach faoina cheannas ag Liam Ó Maoilíosa in oirthear na Gaillimhe agus maidir leis an gCeathrú Rua, ní raibh sé an fhaid sin as láthair ar chor ar bith nuair a chuirtear san áireamh go raibh stáisiún traenach ar an Teach Dóite ag an am agus go raibh báid mhóna ag gabháil soir go Cinn Mhara formhór na bliana.

Tar éis dom míniú a thabhairt do Ryan Tubridy ar an mbaint a bhí ag deartháir mo sheanathar féin, Colm Ó Gaora, leis an scéal ar fad, bhí an-áthas orm a chur in iúl dó gur i dteach le hiníon le fear as Ros Muc a bhí a cheanncheathrú ag Liam Ó Maoilíosa i 1916. Ba shin í Bríd Bhreathnach, iníon le hAodh Breathnach, as Ros Muc.

Bíonn bean mhuintreach léi, Bríd eile, ag scríobh do Tuairisc.ie.

Ryan agus an criú ceamara ag réiteach don chéad phíosa ceamaradóireachta eile.
Ryan agus an criú ceamara ag réiteach don chéad phíosa ceamaradóireachta eile

Chomh maith leis an mír as Ros Muc a bheith sa gclár, beidh míreanna ann freisin as an gCeathrú Rua agus as oirthear na Gaillimhe.

Labhraíodh neart Gaeilge i dTeach an Phiarsaigh agus an chuid sin againne den chlár á chur i dtoll a chéile. Gaeilgeoir breá líofa é an té a bhí ag stiúradh na hoibre, Traolach Ó Buachalla. Tá Gaeilge freisin ag an léiritheoir a bhí in éineacht leis, Mairéad Tucker-Mamalis. Chaith sise seal i meánscoil an Spidéil.

Bhí Gaeilgeoir maith, Cillian De Grás, i láthair thar ceann Oifig na nOibreacha Poiblí.

Agus, ar ndóigh, ba mhór an tógáil croí dúinn ar fad go raibh Gaeilgeoir eile fós, Seán Ó Mainnín, ansin le pictiúir a thógáil do Tuairisc.ie.

Taispeánfar an clár ar RTÉ 1 ar an 6ú lá den mhí seo chugainn ag 8.30 p.m.

Fág freagra ar 'I gConamara le Ryan Tubridy, ag plé Casement, an Aud agus an Cheathrú Rua, agus a mhuintir féin…'