‘Is banscríbhneoir mé, scríobhaim i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo’ – tá mé bréan de bheith ag gabháil leithscéil

Bhí ár dtráchtaire i láthair ag an ócáid Waking the Feminists an tseachtain seo caite. Ní hé go bhfuil sí ag iarraidh am a chaitheamh i mbun agóide ach braitheann sí gur gá di é sin a dhéanamh

12/11/2015 Pictured are authors and actors in the Abbey theatre today. The Abbey agreed to allow the 'Waking The Feminists' campaign group to hold the public meeting in the theatre auditorium. The group is calling on the Abbey board to lead the way in establishing equality for women artists. The #WakingTheFeminists campaign says its objective is equality for women artists and that, prior to 2006, 14% of the plays presented at the Abbey Theatre were by women writers, but since then that figure has fallen to 12.3%. The Abbey yesterday said its board and director, Fiach Mac Conghail, acknowledged that the 2016 programme does not represent gender equality and had approved requests for the Abbey auditorium to host a Waking The Feminists debate. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ba bhall den slua a phlódaigh isteach in Amharclann na Mainistreach an Déardaoin seo caite mé, drámadóir a bhí i láthair ag an ollchruinniú a tionóladh ag Waking the Feminists. Bhraith mé neart san amharclann an lá úd. Bhraith mé fearg agus fuinneamh freisin. Bhraith mé náire: go raibh mé thar n-ais ag tús an chéid seo caite, tráth a raibh an vóta á lorg ag mná.

Labhair suas le caoga bean: bhí píosaí ullamh ag suas le tríocha acu agus labhair thart ar scór eile ón urlár.

A scéalta féin a bhí á ríomh acu – scéalta ar cuireadh tús mar seo leo: Máire is ainm dom; is scríbhneoir/ léiritheoir/stiúrthóir/aisteoir mé. Ach cén fáth ar tionóladh an t-ollchruinniú seo? Cén fáth nach bhfuil cothrom na féinne á fháil ag mná in amharclann náisiúnta na hÉireann? Cén fáth nach léirítear níos mó drámaí atá scríofa ag mná?

Níl freagra na gceisteanna seo agam. Chomh fada is a bhaineann sé le saol amharclainne na tíre seo, níl aon cheo dubh nó bán.

portrait
Celia de Fréine

An bhfuil an éagothroime i gclár Amharclann na Mainistreach le sonrú mar go ndearna an stiúrthóir Fiach Mac Chongail botún? Fiú má rinne, céard faoin mBord? Nár thug siadsan faoi deara é? Nach bhfuil mná ag freastal ar an mbord céanna nó an amhlaidh nach bhfuil an stiúrthóir freagrach don mbord?

Ní léir ach oiread cén fáth nach léirítear níos mó drámaí le mná i móramharclanna eile na tíre seo – sa ‘Gate’, mar shampla.

Bhí mise bainteach leis an amharclann náisiúnta blianta ó shin agus míniú simplí ar an scéal ná go raibh orm éirí as toisc na cúraimí eile a bhí orm. Ach níl an scéal ina iomláine sa mhéid sin ach oiread.

Marie Mullen duine de na mná a labhair ag an ollchruinniú. D’inis sí a scéal féin faoin gcaoi ar bhunaigh sise, in éindí le Garry Hynes, amharclann an Druid. Murach gur bhunaigh, ní bheadh an bheirt acu in ann a slí bheatha a bhaint amach san amharclannaíocht. Agus tá a fhios ag an domhan mór agus a mháthair gur bhoichte í an tír seo d’uireasa na hamharaclainne sin. Ach cá mhéad dráma le mná a léirigh an Druid ó bunaíodh í? Níl na huimhreacha agam ach déarfainn gur líon fíoríseal atá i gceist.

Cúpla bliain ó shin, bhunaigh mise, in éindí le triúr eile – triúr fear, mar a tharlaíonn sé – an compántas Umbrella Theatre Company. D’eascair Umbrella as na Pavilion Playwrights, grúpa a tháinig le chéile faoi stiúir Conall Morrison in amharclann an Pavilion ceithre bliana ó shin. B’shin an chéad uair dom a bheith páirteach i ngrúpa ina raibh fir agus mná ag obair gualainn ar ghualainn. Nuair a bunaíodh Umbrella, cé gur tairgeadh cuireadh do na mná eile a bheith páirteach ann, níor glacadh leis an tairiscint.

Ar dtús, bhraith mé sách aisteach ag obair le fir agus bhí orm dul i dtaithí ar a modhanna oibre siúd, ach níl mé ag clamhsán. Foireann iontach muid agus ní bheadh na drámaí liom féin – sé cinn (i mBéarla), go dtí seo – curtha ar an stáitse murach iad.

Fós níl mé in ann na ceisteanna a chuir mé níos túisce a fhreagairt: cén fáth go bhfuil dúshlán chomh mór sin ag baint le dráma le bean a chur ar an stáitse?

Ceathracha bliain ó shin, ní raibh mórán leabhar filíochta ná úrscéalta le mná á bhfoilsiú ach oiread. Ach tháinig feabhas ar an scéal seo idir an dá linn, cé nár baineadh cothromaíocht amach agus nach bhfoilsítear an méid céanna leabhar le mná is le fir san am i láthair.

An rud faoi dhráma a scríobh, tá sé fíordheacair é a dhéanamh. Cé go bhfuil triail bainte agam as gach seánra scríbhneoireachta, níl aon amhras orm ach gurb é an drámaíocht an seánra is deacra díobh.

Dúirt mé go poiblí cúpla bliain ó shin nach raibh mé chun dráma eie a scríobh i nGaeilge. An bhliain dár gcionn, thug mé faoin dráma SLÁN, dráma a scríobh mé in ómós do An Triail caoga bliain tar éis a chéad léirithe. Braithim gur dráma fíorthábhachtach é An Triail. ‘Sea, baineann sé le cás ógmhná agus leis an gcaoi a gcaitheann sochaí na hÉireann léi. Theastaigh uaim dráma a scríobh mar fhreagra ar na téamaí in An Triail agus iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe a tharla i saol na mban in Éirinn idir an dá linn, más ann dóibh.

Ar léiríodh an dráma seo? Beidh an t-aistriúchán Béarla de, SAFE, ar siúl i Stiúideo Maureen O’Hara, an Muilleann, Dún Droma, an tseachtain seo chugainn. Foireann agus criú dochreidte a chuidigh liom an léiriú seo a thabhairt chun críche, buíochas ó chroí leo.

Agus ó tharla go raibh mé ag plé go príomha le saol na mban, scríobh mé dráma eile, CATHÚ arbh é cás Ms Y a spreag é. Bhuaigh an dráma seo an chéad duais do dhráma aonghnímh san Oireachtas i mbliana. Tá súil agam go mbeidh sé le feiceáil ag an Oireachtas an bhliain seo chugainn.

Cé chomh deacair is atá sé dráma atá scríofa i nGaeilge ag bean a chur ar an stáitse? I mbliana léirigh Aisteoirí Bulfin dhá dhráma liom: Cruachás – dráma comhaimseartha faoin méid a tharlódh dá dtionólfaí Cúirt an Mheán Oíche san am i láthair, mar aon leis an gcóiriú drámata a rinne mé ar an gCúirt féin le Brian Merriman, i leagan suimiúil athchóirithe agus caighdeánaithe ag Fidelma Ní Ghallchobhair.

Léiríodh Cruachás ag an Oireachtas i gCill Airne anuraidh agus i Scoil Bhríde i mbliana; léiríodh Cúirt an Mheán Oíche i Scoil Bhríde i mbliana agus ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta in Indreabhán, áit ar bháin sé dhá mhórghradam. Cosnaíonn sé airgead drámaí a léiriú: bhí ar na haisteoirí agus ar an gcriú sa dá dhráma seo íoc as a gcostais taistil agus lóistín – go bhfios dom, ní bhfuair siad maoiniú ar bith. Buíochas ó chroí leo!

In Amharclann na Mainistreach an Déardaoin seo caite, labhair bean nó dhó faoi na drámaí atá á gcur ar an stáitse acusan ar fud na tíre, lasmuigh den phríomhchathair agus in amharclanna beaga sa gcathair féin. Tuigim dóibh. Beidh SAFE á léiriú an tseachtain seo in amharclann bheag imeallach. Ceathracha suíochán atá inti. Agus deich euro ar gach suíochán, ar éigean a bheimid in ann na costais léirithe a ghlanadh, fiú agus deontas beag faighte againn ó Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Mar sin is fiú cuimhneamh, cé nach bhfuil mórán drámaí le mná ar na príomhstáitsí, go bhfuil siad á léiriú, agus gur gá tacaíocht a thabhairt dóibh.

An bhliain seo chugainn, mar chuid de chomóradh an chéid, le cúnamh ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, léireoidh Umbrella LÚISE, dráma liomsa faoi Louise Gavan Duffy, bean nár ligeadh isteach in Ollscoil na hÉireann toisc gur bhean í; bean a bhunaigh Scoil Bhríde, an chéad Ghaelscoil sa tír seo, scoil atá ag dul ó neart go neart. Bean a mbeadh iontas uirthi dá mbeadh sí i láthair in Amharclann na Mainistreach an tseachtain seo caite.

‘Sea, bhí mise i láthair ag an ócáid stairiúil sin a tharla an tseachtain seo caite. Níor theastaigh uaim í a chailliúint, cé gur chaill mé lá oibre dá bharr. Tá náire orm agus an méid seo á scríobh agam. Ní theastaíonn uaim go mbeadh orm a leithéid a scríobh. Bhí mé ag ceapadh go raibh mo sheal im’ throdaí tugtha agam cheana féin. Nílim ag iarraidh am a chaitheamh i mbun agóide ach is cosúil gur gá dom é sin a dhéanamh. Tá mé bréan de bheith ag gabháil leithscéil as an obair atá idir lámha agam – de bheith ag rá: is banfhile mé, is bandrámadóir mé, scríobhaim i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo.

As seo amach déanfaidh ráiteas níos loime cúis: is Éireannach mé; is scríbhneoir mé.

Fág freagra ar '‘Is banscríbhneoir mé, scríobhaim i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo’ – tá mé bréan de bheith ag gabháil leithscéil'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bheir scéaltaí mar seo misneach daofa siúd a bhíonn ag troid ar son chéad teangaigh na tíre seo. Seasóidh mé gualainn ar ghualainn le duine ar bith atá dáiríre fá chaomhnú na Gaedhilge agus na Gaedhealtachta. Is Éireannach mé; is gníomhaí pobail mé.

  • Pauline Nic Chonaonaigh

    Ní scaoilim seachtain tharam nach mbreahnaím ar Tuairisc.ie. Bhaineas an sásamh ar fad as an bpíosa a scríobh an scríobhneóir/drámadóir Celia de Fréine is í ag labhairt ag an ollschruinniú Waking the Feminists in Amharclann na Mainistreach. Buíochas as ucht muide, nach raibh i láthair, ach gur suim linn an tábhar, muid a chur ar an eolas.

    Beir bua
    Pauline

    Pauline