D’fhéadfá iad a thógáil i bpluais agus d’fhoghlaimeoidís Béarla…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Níl aon chall imní ag aon tuismitheoir sa tír seo go mbeidh aon pháiste a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge taobh thiar ó thaobh an Bhéarla de

Patch Bridget

Ghlacfá leis go raibh an luath-thumoideachas i bhfeidhm riamh i scoileanna Gaeltachta, agus an mall-thumoideachas é féin agus an tumoideachas ó eireaball go ceann. B’shin é mo thaithí féin ar an oideachas Gaeltachta, fadó, fadó, agus is fadó a bhí.

Ach, ar ndóigh, níorbh é an taithí i scoileanna Gaeltachta le roinnt mhaith blianta. Bhí áthas orm a léamh an tseachtain seo caite go mbeidh an tumoideachas ar ais anois arís agus a beannacht tugtha ag an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan don luath-thumoideachas suas go dtí na naíonáin mhóra.

Fuair mé mo chuid scolaíochta féin i scoileanna Gaeltachta agus ní chuimhním gur labhair aon duine de na múinteoirí riamh i mBéarla linn, fiú agus gan mórán Gaeilge a agam féin nuair a thosaigh mé amach sa scoil mar go raibh toisc go raibh mo mhuintir díreach tar éis sinn ar fad a thabhairt abhaile as Meiriceá, áit a raibh roinnt blianta caite acu féin ar imirce. Ach ní raibh mé i bhfad ag foghlaim.

Níor mé an t-aon duine sa scoil a chaith tús a saoil i dtír eile. Bhí roinnt teaghlach eile cosúil  linne, daoine a chuaigh ar imirce go Sasana nó Meiriceá agus a tháinig ar ais go dtí a n-áit dúchais lena gclann a thógáil. Taithí saoil coitianta go maith atá ann sa Ghaeltacht ar aon chaoi, agus is dócha go bhfuil sé fíor ar fud na tíre. Is dócha go bhfuil roinnt mhaith gasúr ag teacht isteach sa nGaeltacht i gcónaí gan aon Ghaeilge nó ar bheagán Gaeilge mar gheall ar an imirce. Ach ní hionann agus daoine fásta, ní bhíonn páistí i bhfad ag foghlaim.

Is é an t-aon bhealach go loicfí ar pháistí a fhaigheann scolaíocht sa nGaeltacht ná mura gcuirfí oideachas trí Ghaeilge ar fáil dóibh. Ní bhíonn gasúir i bhfad nó go mbeidh siad líofa sa nGaeilge nuair a bhíonn chuile shórt sa scoil trí Ghaeilge agus an pobal á labhairt freisin.

Chuaigh mé chuig meánscoil Gaeltachta lán-Ghaeilge chomh maith. Níor rith sé riamh linn go mba cheart ábhair a mhúineadh dúinn trí Bhéarla. Múineadh chuile shórt trí Ghaeilge, an Béarla san áireamh.

Ní raibh aon locht ar an modh oideachais sin, sílim, agus bhí Béarla ag chuile dhuine chomh maith céanna. Mar a dúirt tuismitheoir amháin liom le deireanas, ‘d’fhéadfá iad a thógáil i bpluais agus d’fhoghlaimeoidís Béarla’.’

Aontaím léi; níl aon chall imní ag aon tuismitheoir sa tír seo go mbeidh aon pháiste a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge taobh thiar ó thaobh an Bhéarla de. Ná taobh thiar ó thaobh rud ar bith eile ach an oiread.

Fág freagra ar 'D’fhéadfá iad a thógáil i bpluais agus d’fhoghlaimeoidís Béarla…'