Is cúng an léargas a bheadh againn dá mbeimis bodhar ar an teanga labhartha

Is iomaí leagan Gaeilge nach bhfaighfeá i bhfoclóir ar bith, a deir ár gcolúnaí

Cartún

Is iomaí laoch gan iomrá in arm seasta na Gaeilge. Áirím ina measc an mheitheal a rinne tras-scríobh ar na hábhair i gcartlann Roinn Bhéaloideas Éireann atá anois le fáil ar www.duchas.ie. Gura fada beo iad gan tálach ar a lámha ná tuirse ina súile.

Agus tá an Foclóir Nua Béarla–Gaeilge le moladh as na céadta míle focal a bhreacadh síos ó chláir chainte de chuid Raidió na Gaeltachta seachas a bheith ag brath ar théacsanna clóite ar fad. Is cúng an léargas a bheadh againn dá mbeimis bodhar ar an teanga labhartha.

Déanaim amach go n-éireoidh an dúrud ceisteanna as pé scagadh a dhéanfar ar an chorpas labhartha seo. Féach, cuir i gcás, na focail is na leaganacha cainte atá go tréan sa chaint agus nach bhfuair bheith istigh i bhfoclóir ar bith go dtí seo. A leithéid seo: nuair is mian le daoine a rá go bhfuil spéis acu sna rudaí céanna nó go bhfuil a gcúinsí saoil an-chosúil le chéile, seans maith go ndéarfadh siad, ‘Tá cuid mhór i gcoitinne againn’. Is dóigh liom gurb é sin an friotal is coitianta a chuirtear ar an choincheap áirithe sin, ach ní luaitear an bhrí sin leis sna foclóirí. Níl ann ach frásaí ar nós ‘an pobal i gcoitinne’ (is é sin, ‘an pobal trí chéile’). 

Chuala mé agallamh á chur ar dhuine faoi chúrsaí ginmhillte le gairid. Caithfear socrú ‘stáititiúideach’ a bheith ann, a dúirt an cainteoir. Is deacair bheith ag pléadáil ar son an fhocail sin, atá go mór faoi anáil an fhocail Béarla statutory. Ní hé go bhfuil bearna á líonadh aige nuair atá ‘reachtúil’ ann cheana. Is ann dó, mar sin féin, in ainneoin na bhfoclóirí. Ní chuirfeadh sé a dhath i gcuimhne duit ach an seanrann:

Ó táthar dom’ chur amach,

is nach ligtear dom istigh;

buíochas le rí na bhfeart,

nach féidir mé a chur amach amuigh.

Ach cuir i gcás go mba mhian linn bheith istigh a thabhairt dó; ní gan dua a dhéantar a leithéid. An litriú féin, tá sé achrannach go leor. Ar feadh na mblianta fada, tá an focal ‘sacrálta’ sa chaint sa chiall ‘naofa’ nó ‘beannaithe.’ Leabhair ‘shacrálta’ iad an Bíobla agus an Córán, cuir i gcás. Níor luadh an leagan seo i bhfoclóir de Bhaldraithe ná i bhfoclóir Uí Dhónaill ach tá sé ar www.tearma.ie agus ar www.focloir.ie faoin litriú ‘sácráilte’. B’ait leat sin nuair atá ciall eile le ‘sácráilte’. Féach an míniú a thug Máire Feiritéar ar an fhocal, ar chlár raidió Rónáin Mhic Aodha Bhuí thiar i mí na Nollag 2014:

“Ciallaíonn sé a bheith ar do chompord nó breá tirim. Tá abairt ann a deireann “breá tirim sácráilte”, is é sin nach bhfuil braon aníos ná anuas ann. Tá an t-ainmfhocal freisin ann: ‘sácráilteacht’ a chiallaíonn sáile, leisciúlacht nó macnas; féinshásamh, ligean leat féin. Géilleadh don pheaca!”

Cuireann sin casadh i gciall ‘leabhar sácráilte’!

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Is cúng an léargas a bheadh againn dá mbeimis bodhar ar an teanga labhartha'