Na héin, na beacha, cogadh agus cruthaíocht

Taispeánaimis dóibh siúd a dteastaíonn uathu anam an chine daonna a mharú nach n-éireoidh go deo leo, a scríobhann ár gcolúnaí

Birds

Maidin Dé Sathairn, an mhaidin tar éis an áir i bPáras, bhí na héin ag giolcadh sna crainn ar chúl an árasáin mar a bhfuil cónaí orm. Ní raibh cosúlacht ar bith idir a ngiolcadh siúd agus an bhéicíl, an screadaíl, an caoineadh agus an ghuí a bhí ar siúl ar na mílte milliún ríomhaire agus guthán póca ar fud an domhain ag an am céanna – ar an ngléas úd a chum an duine chun aithris a dhéanamh ar chumarsáid na n-éan. Fuaim bhinn a bhí ag na héin ar chúl an árasáin, fuaim a chuir suaimhneas orm go mion minic. Ach an uair seo, ghortaigh an giolcadh gleoite mo chluasa mar a ghortódh rois philéir as béal gunna.

Chuimhnigh mé, agus mé i mo sheasamh ag an bhfuinneog féachaint cérbh iad na héin mhímhúinte seo nach raibh meas madra acu ar na mairbh, go raibh barúil agam, nuair a bhí mé i mo pháiste óg, gur fhan éiníní an domhain go léir ina dtost le linn an Dara Cogadh Domhanda ar fad. Oiread agus giolc níor ligeadar as a ngob ar eagla go maródh na naitsithe iad!

Bhí barúil agam, leis, an t-am sin, go raibh an saol ar fad dubh agus bán le linn an Dara Cogadh Domhanda; go ndeachaigh an ghrian i bhfolach taobh thiar de bhrat tiubh scamall dorcha an lá ar thosaigh an cogadh agus nár thosaigh sí ag scaladh arís go ceann nach mór sé bliana ina dhiaidh sin.

Ar ndóigh, ní raibh barúil ar bith ag na héin ná ag an ngrian go raibh cogadh ar siúl. Agus fiú Anne Frank í féin, buíochas mór le Dia, a deirim, is léir ó shleachta ina dialann go raibh amanta ann gur mó i bhfad a spéis sna héin agus sna beacha agus ina raibh ag tarlú ina colainn agus ina haigne dhéagóra féin ná an spéis a bhí aici sna huafáis a bhí ag titim amach taobh amuigh den teach ina raibh sí i bhfolach. 

Le cúpla lá anuas, táimid tagtha ar an tuiscint, san Iarthar, go bhfuil cogadh ar siúl. Ar ndóigh, bhí an cogadh céanna ar siúl le blianta fada i bhfad uainn, sa mheánoirthear, ach bhíomar ródhall, róshaonta, róshoineanta nó róleithleasach lena aithint. Anois agus an t-ár ar leic an dorais againn féin, ní féidir linn a shéanadh a thuilleadh go bhfuil sé ina chogadh san Eoraip.

paris4

Rinneadh ionsaí i bPáras ar dhaoine a bhí ag baint súp as an saol, ar anam cathrach, ar anam an duine dhaonna. Más duine thú atá cosúil liomsa, bhí sé deacair ort aghaidh a thabhairt ar an saol le cúpla lá anuas. Cad is fiú dom éirí ar maidin nuair is léir go bhfuilimid ar bhruach na haibhéise, a bhí mé ag fiafraí díom féin. Cad is fiú dom oiread agus peann a chur le pár agus muid ar fad ag fanacht, ár gcroí i mbéal ár gcléibh, leis an gcéad ár eile?

Ach bhí ceacht ag na héin sna crainn ar chúl an árasáin dom maidin Dé Sathairn agus tá an ceacht céanna á thabhairt acu anois agus na focail seo á scríobh. Níor stopadar ag giolcadh. Agus an ghrian, níor stop sí ag éirí. Tá ceacht acu dúinn uilig: níor cheart dúinn stopadh ag baint súp as an saol agus níor cheart dúinn stopadh ag cur lena áilleacht.

An freagra is fearr ar chogadh, dar liom, ná an chruthaíocht. Is féidir talamh slán a dhéanamh de nár thuig Anne Frank, agus leathanach i ndiaidh leathanaigh á líonadh aici ina dialann, go raibh ceann de na leabhair is mó díol riamh á scríobh aici. Ag Dia amháin atá a fhios ar thuig sí céard a bhí i ndán di féin. Is cinnte gur thuig sí nach raibh bealach ar bith aicise, cailín cúig bliana déag d’aois, stop a chur leis na huafáis a bhí ag tarlú ina timpeall – éagumas a mhothaímid ar fad go géar ar na saolta seo. Ach dhiúltaigh sí géilleadh don duibheagán agus thug sí aghaidh ar an saol; bhain sí súp as, fiú amháin, ar an leathanach bán.

Nílim ag rá gur cheart dúinn ar fad peann a chur le pár. Tá a cheird agus a thalann féin ag gach duine. Ach scríbhneoirí, scriobhaimis! Potadóirí, déanaigí potaí! Amhránaithe, canaigí! Imreoirí sacair, imrígí sacar! Lucht freastail i dtithe caife an domhain, déanaigí cappuccinos ealaíonta, túr Eiffel orthu i bpúdar cócó más gá! Taispeánaimis dóibh siúd a dteastaíonn uathu anam an chine dhaonna a mharú nach n-éireoidh leo go deo.