Don dara huair i mbliana tharla ionsaí sceimhlitheoireachta i gcathair atá gar dár gcroíthe ar fad, Páras. An iarraidh seo, áfach, tá líon na marbh níos airde ná mar a bhí i mí Eanáir, nuair a ionsaíodh oifig na hirise Charlie Hebdo agus ollmhargadh de chuid an phobail Ghiúdaigh go gairid i ndiaidh a chéile.
I bhfad níos airde.
Is mó an fhearg atá orainn dá réir.
Ach caithfimid guaim a choinneáil orainn féin.
Caithfimid an lasair a bhaint amach as an mbairille.
Caithfimid an fáinne fí a stop.
Ní féidir linn ligint don scoilt idir Moslamaigh agus an chuid eile againn, idir ‘iadsan’ agus ‘sinne’, leathnú a thuilleadh. Sin é a theastaíonn uathu siúd atá taobh thiar den uafás a tharla aréir: oiread breosla a chaitheamh ar an tine go dtí nach féidir í a mhúchadh.
Caithfimid a bheith airdeallach faoi chontúirt eile, leis.
Cé nach bhfuil ach deich mí caite ó tharla an t-ionsaí ar oifig Charlie Hebdo agus an t-ionsaí ar an ollmhargadh Giúdach, tá cor nua tagtha i gcinniúint na hEorpa ó bhí mí Eanáir ann. Ní hé nach raibh teifigh ag triall ar an Eoraip an t-am sin, ach chuaigh a líon i méad chomh mór sin ó shin go bhfuil ceist na dteifeach i lár stáitse in aigne choiteann na mór-roinne anois.
Is cinnte go mbeidh glórtha ann a mbeidh sé á mhaíomh acu gurb iad na teifigh ba chiontach lenar tharla i bPáras aréir. Ná éistimís leo. Ar ndóigh, tá baint ag an dá scéal lena chéile, ach ná meascaimís suas iad. An chuid is mó de na teifigh a tháinig nó atá ar a mbealach go dtí an Eoraip ón meánoirthear, is ag teitheadh uathu siúd atá taobh thiar d’ionsaithe Phárais atá siad.
Seasaim leis an méad a scríobh mé anseo i mí Eanáir, tar éis an ionsaithe ar oifig Charlie Hebdo. Níl de leigheas ar uafáis den chineál a tharla i bPáras aréir ach iarracht a dhéanamh iad a chosc i bhfad roimh ré, sula gcothaítear fuath i gcroí dhuine a mhothaíonn go bhfuil sé féin, nó a phobal, á scoitheadh amach ón sochaí. Tá sé i bhfad níos deacra urchar a chur i mblaosc dhuine a bheannaíonn duit ná i mblaosc dhuine a ligeann air féin nach ann duit.
Tá ról anseo dúinn ar fad.
PólRéamonn
Má tá sé dearbhaithe gur bhain na ionsaitheoirí úsáid as an ngéarchéim dídeanaí a theacht isteach san Eoraip ansin d’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha do dhídeanaithe ag iarraidh fanacht san Eoraip.
cormac
Bunchuiseanna na triobloide an folus polaitiochta a chruthaigh agus a chruthaionn NATO/SAM san Iaraic agus sa tSiria. ‘The world will be a better place’ a mhaigh G Bush t’reis do Saddam Hussein a chur da dhroim. Feach anois an raibh an ceart aige? Ni bheadh faic deanta faoin gcogadh sa tSiria murach Putin. Ta na sceimhlitheoiri ar gach taobh againn ach is iad na Meiriceanaigh is measa ar fad acu. An tsior-chogaiocht ata ag teastail uathu sin agus is chuige sin at a siad.; ‘war is business, business is war’. Ba cheart go mbeadh a fhios acu fen dtaca seo ‘go bhfilleann an feall ar an bhfeallaire’ ach an bhfuil fhios ?
Fearn
“Níl de leigheas ar uafáis den chineál a tharla i bPáras aréir ach iarracht a dhéanamh iad a chosc i bhfad roimh ré, sula gcothaítear fuath i gcroí dhuine a mhothaíonn go bhfuil sé féin, nó a phobal, á scoitheadh amach ón sochaí.”
Aidhe! Croí an duine? Sin blár catha níos mó ná an saol mór, cé nach bhfuil caineadh agam ar idéalachas an udáir seo . Ach cad é sochaí? Sochaí mhór tomhaltais cheadaitheach an iarthair? Ní shílim go bhfuil an “Chailifeacht” á shantú
“Tá fearg orainn ar fad…”
I gcead duit, nach bhfuil an tSír á léirscriosadh le ceithre bliana anuas agsu slad ar an scála seo go laethúil ar bun.
Rith gníomhartha Ghandaí liom: Bhí sé sásta an easumhlaíocht shíochánta a imirt ar an Sasanach le saoirse na hInde a bhaint amach. Ach i dtaca leis an tSeapánaigh sa dara chogadh domhanda, thuig sé nach n-oibríodh sí. mhol sé caitheam ina choinne le foiréigin.
Mise Åine
@ ach iarracht a dhéanamh iad a chosc i bhfad roimh ré
Labhairt agus éisteacht, ansin réiteach, más féidir.
@ Tá sé i bhfad níos deacra urchar a chur i mblaosc dhuine a bheannaíonn duit ná i mblaosc dhuine a ligeann air féin nach ann duit.
Hmmm….