Tá Gaeil mhí Iúil agus mhí Lúnasa á bhfógairt le chéile an mhí seo. Glacfar le hainmniúcháin do Ghael na Míosa (Meán Fómhair) as seo go lár mhí Dheireadh Fómhair.
Tá Seo Linn roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Iúil. Roghnaíodh Seo Linn mar gheall ar an gcaoi ar mhúscail siad spéis an phobail ina thogra ceol Gaelach a chur os comhair an tsaoil mhóir agus na geallúintí atá tugtha uathu go n-úsáidfí an t-airgead a bailíodh i rith na míosa ar leas na Gaeilge.
D’éirigh le Seo Linn os cionn €50,000 a bhailiú le linn a bhfeachtais sluamhaoinithe an mhí seo caite agus aird an domhain mhóir tarraingthe acu arís eile ar an nGaeilge agus ar a gcuid ceol bríomhar beoga.
Tá Patrick Manley roghnaithe, thar ceann an chomhlachta Zurich Insurance, do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Lúnasa. Thug an comhlacht árachais Zurich, a bhfuil Patrick ina Phríomhfheidhmeannach air, cúnamh airgeadais do scoil Inis Meáin in am an ghátair i rith mhí Lúnasa.
Ba iad Zurich a tháinig i gcabhair ar an sin agus a thug maoiniú breise di chun an dara múinteoir a fhostú. Ní chuirfeadh an Stát an maoiniú ar fáil ach amháin dá mbeadh scór daltaí ag freastal ar an scoil. Tá naonúr ag freastal ar an scoil. Bhí an baol ann go ndúnfaí an scoil murach gur fostaíodh an dara hoide.
Dúirt Patrick gur aithin Zurich “tábhacht na Gaeilge do riachtanais oideachais na ngasúr san oileán” agus todhchaí phobal an oileáin.
“Tá bród ar Zurich as a bheith in ann ár dtacaíocht a thabhairt don scoil,” a dúirt sé.
Beidh Patrick Manley, Seo Linn agus gach duine eile a ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie.
Gael Feabhra: Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Gael na Márta: Alan Titley
Gael Aibreáin: Ciarán Ó Móráin
Gael Bhealtaine: Traolach Ó Buachalla
Gael an Mheithimh: Muir-Sin-É
Gael Iúil: Seo Linn
Gael Lúnasa: Patrick Manley
Fág freagra ar 'Gael na Míosa do mhí Iúil agus mí Lúnasa roghnaithe…'