Gael na Míosa Tuairisc.ie do mhí Aibreáin roghnaithe

Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil Ciarán Ó Móráin, bainisteoir fhoireann peile Phobalscoil Chorca Dhuibhne, roghnaithe mar Ghael na Míosa le haghaidh mhí Aibreáin

Ciarán Ó Moráin, Bainisteoir Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Pictiúr: Tom O'Donoghue
Ciarán Ó Moráin, Bainisteoir Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Pictiúr: Tom O’Donoghue

Ciarán Ó Móráin, bainisteoir fhoireann peile Phobalscoil Chorca Dhuibhne, roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí an Aibreáin. Bhuaigh an Phobalscoil Corn Uí Ógáin don dara bliain as a chéile ag tús na míosa seo caite.

Thóg Ó Móráin, múinteoir Gaeilge agus Tír Eolais, ceannas ar an bhfoireann peile ag tús an tséasúir nuair a tháinig sé isteach in áit Éamonn Fitzmaurice, a bhuaigh Corn Uí Ógáin leis an scoil i 2014. Is éacht stairiúil a bhí sa bhua mar ba é an chéad uair a bhuaigh scoil ó Chiarraí an chraobh dhá bhliain as a chéile. Ba mhó an gaisce fós é do scoil bheag nach bhfuil inti ach timpeall ar 70 buachaill sna ranganna sinsearacha.

Foireann na Pobalscoile ag ceiliúradh Corn Uí Ógáin a bhuachan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Foireann na Pobalscoile ag ceiliúradh Corn Uí Ógáin a bhuachan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Ó Móráin go raibh sé féin agus an fhoireann thar a bheith buíoch as ucht an gradam a fháil agus gur deas an rud é an t-aitheantas a fháil.

Is i gcoinne Scoil na mBráithre, Ros Comáin a bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa chluiche ceannais ar an 11 Aibreán i mbliana. Chuaigh na Connachtaigh chun cinn sa deich nóiméad dheireanacha den chluiche ach bhí an lá le buachaillí na Pobalscoile ar deireadh, a bhuíochas do phointí ó Shéamus Ó Muircheartaigh agus Conchúir Ó Géibheannaigh.

Bhí Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail, i láthair in Óstán na Sceilge sa Daingean an tseachtain seo caite chun na boinn a bhronnadh ar na himreoirí agus a bhfoireann bainistíochta. Is iad Seán Ó Flannúra, Tomás Ó Grifín agus Tomás Ó Beaglaoich a bhí mar roghnóirí ag Ó Móráin.

Gael Eanáir:    Cathal Póirtéir

Gael Feabhra:  Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Gael Mhárta:   Alan Titley

Gael Aibreáin: Ciarán Ó Móráin