Tá infheistiú €9.7 milliún in aghaidh na bliana le déanamh ag TG4 san earnáil léiriúcháin neamhspleách agus maoiniú nua “ollsoláthair ábhar” fógartha ag an stáisiún Gaeilge.
Deir TG4 go mbeidh “suas le 17 gconradh”, a mhairfidh trí bliana, le bronnadh ar chomhlachtaí léiriúcháin agus maítear go bhfuil an babhta seo maoinithe “ar cheann de na deiseanna coimisiúnaithe is suntasaí d’earnáil léiriúcháin na Gaeilge” a dhéanfar as seo go ceann cúpla bliain.
Tá an stáisiún sa tóir ar iarratais le haghaidh “réimse leathan seánraí” agus cuirfear fáilte ar leith roimh “ábhar nua, reatha, misniúil, agus comhaimseartha” a “sheasfaidh amach ar an scáileán”.
“[Táimid] ag iarraidh ábhar den chéad scot atá fréamhaithe i bpobal na Gaeilge agus Gaeltachta, agus a tharraingíonn aird lucht féachana níos leithne in Éirinn agus níos faide i gcéin. Beidh béim ar leith ar thograí a léiríonn saol, cultúr, spriorad, greann agus féiniúlacht na nGael ar bhealach barántúil, físiúil agus comhaimseartha.
“Tá smaointe á lorg againn a spreagann comhrá agus a léiríonn Súil Eile TG4,” a dúirt urlabhraí de chuid TG4 agus an maoiniú nua á fhógairt.
Tá an stáisiún ag lorg ábhar a d’fhéadfaí a chraoladh ar an gcainéal teilifíse féin ach tá siad sa tóir freisin ar ábhar a d’fheilfeadh do na hardáin dhigiteacha atá acu – leithéidí Molscéal, Bloc agus Seinnteoir TG4.
Tá trí chonradh ar leith le bronnadh ar chomhlachtaí léiriúcháin atá lonnaithe taobh amuigh de Chonamara mar chuid de sprioc TG4 “earnáil léiriúcháin a chothú agus a fhás ar fud na Gaeltachta”.
Deir lucht an stáisiúin go bhfuil “béim mhór” á cur acu ar “inbhuanaitheacht na hearnála léiriúcháin”.
“Tá tús á chur ag TG4 le ré nua ábhair agus léiriúcháin leis an bhfógra tábhachtach seo don earnáil léiriúcháin Ghaeilge,” a dúirt Deirdre Ní Choistín, ardstiúrthóir TG4.
“Tá sé mar sprioc againn an chruthaitheacht a chumasú san earnáil d’fhonn an t-ábhar is fearr a chur ar fáil don lucht féachana atá ag TG4 ar gach ardán.
“Leis an infheistíocht shuntasach chinnte ilbhliantúil seo, déanfar athrú ó bhonn ar earnáil léiriúcháin neamhspleách na Gaeltachta agus na Gaeilge, trí chur le fostaíocht inbhuanaitheach agus tacú le pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge.”
Deir TG4 go bhfuil iarratais á lorg acu i réimsí éagsúla ábhair – cúrsa reatha, ábhar do dhaoine óga, siamsaíocht, ceol, agus cláir fhíorasacha ina measc.
Beidh seisiún eolais ar líne do léiritheoirí ar siúl an tseachtain seo chugainn agus beidh go dtí an 17 Iúil ag comhlachtaí lena n-iarratas a chur isteach. Tá súil ag an stáisiún go dtosóidh na conarthaí nua i bhfómhar na bliana seo.
Fág freagra ar '€9.7m in aghaidh na bliana le tabhairt ag TG4 don earnáil léiriúcháin neamhspleách'