Gael na Míosa (Eanáir) – Cathal Póirtéir

Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil Cathal Póirtéir roghnaithe mar Ghael na Míosa do mhí Eanáir

Poirtéir

Tá Cathal Póirtéir roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie do mhí Eanáir. Roghnaíodh Cathal mar gheall ar a ról i mbunú oifigiúil Aontas na Scríbhneoirí in Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath ar 17 Eanáir.

Chonacthas do Tuairisc.ie gur chéim thábhachtach dhearfach chun cinn do chothú na scríbhneoireachta Gaeilge a bhí i mbunú an Aontais.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh teacht ag pobal na Gaeilge ar ábhar taitneamhach, spéisiúil léitheoireachta i ndea-Gaeilge agus beifear ag súil go bhfágfaidh obair an Aontais go mbeidh an pobal níos eolaí ar leabhair Ghaeilge ná mar atá agus go gcuirfear feasta ardán mar is ceart ar fáíl do scríbhneoirí atá ag saothrú sa teanga.

Bhí an-áthas ar Chathal an scéal a chloisteáil go raibh sé roghnaithe mar Ghael na Míosa. ‘Is fearr liom moladh na cáineadh lá ar bith!” ar sé.

Táthar ag glacadh le moltaí le haghaidh Gael na Míosa do mhí Feabhra anois. Beidh Cathal Póirtéir agus gach duine eile a ainmneofar mar Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Gael na Míosa (Eanáir) – Cathal Póirtéir'