Gael na Míosa do mhí Bhealtaine roghnaithe…

Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil Traolach Ó Buachalla, ón bhfeachtas Tá Comhionannas, roghnaithe mar Ghael na Míosa le haghaidh mhí Bhealtaine

Traolach cropped

Tá Traolach Ó Buachalla roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Bhealtaine. Roghnaíodh Traolach mar gheall ar an obair a rinne sé chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh le linn an fheachtais maidir leis an reifreann pósta.

D’éirigh le Traolach, a bhí ina urlabhraí d’fheachtas ‘TÁ Comhionannas’, aird na meán Béarla agus Gaeilge a tharraingt ar an reifreann agus an plé a bhí ar bun faoi i measc Gaeilgeoirí.

Léirigh Alex Hijmans an tí seo an tionchar dearfach a bhí ag an bhfeachtas ar fheiceálacht na Gaeilge i measc mhuintir na hÉireann. Bhí meas ag lucht an taoibh ‘Níl’ agus ‘Tá’ araon ar Thraolach as a chur i láthair slachtmhar agus as an nGaeilge a chur i lár an aonaigh sna seachtainí roimh an reifreann.

Beidh Traolach Ó Buachalla agus gach duine eile a ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie

Gael Eanáir: Cathal Póirtéir

Gael Feabhra: Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Gael na Márta: Alan Titley

Gael Aibreáin: Ciarán Ó Móráin

Gael Bhealtaine: Traolach Ó Buachalla

Fág freagra ar 'Gael na Míosa do mhí Bhealtaine roghnaithe…'

  • Ruairi s. O'Donaill

    CE ROGHNAIONN ‘GAEL NA MIOSA’ ? CAD IAD NA CUINSI ATA MAR BHUNUS DO?

  • Seán Mac Risteird

    Maith an fear, a Thraolaigh!!