Is mó an dea-thoil a chothaigh ‘Tá Comhionannas’ don Ghaeilge ná scata eagraíochtaí Gaeilge le blianta

D’fhéadfadh sé gur mó a rinne an feachtas ‘Tá Comhionannas’ leas na Gaeilge ná mar a rinne scata eagraíochtaí Gaeilge in imeacht na scórtha bliain, a scríobhann ár gcolúnaí

Cartún Hipsters
LÉARÁID Tuairisc.ie/CÓS

Fiú más go fo-chomhfhiosach féin é, dúirt na scórtha míle Éireannach ‘Tá’ don Ghaeilge le deireanas.

Shiúladar sráideanna na tíre agus ceann de na focail is coitianta sa chéad teanga náisiúnta ar taispeáint ar a gcliabhrach go bródúil.

Agus cuairt oibre á tabhairt agam ar Éirinn sa choicís dheireanach roimh reifreann na hAoine seo caite, thug mé suntas don líon daoine a thacaigh leis an bpósadh comhghnéis a raibh cnaipe leis an bhfocal ‘Tá’ á gcaitheamh acu seachas ceann leis an an bhfocal ‘Yes’. Ní fear mór matamaitice mé, ach ba léir don dall go raibh céatadán na gcnaipí ‘Tá’ ina measc siúd a thacaigh le rún an reifrinn i bhfad níos airde ná céatadán na gcainteoirí Gaeilge i ndaonra na hÉireann i gcoitinne.

Ar ndóigh, ní hionann cnaipe ‘Tá’ agus an Fáinne; seans nach mbeadh ach líon beag daoine a raibh cnaipe ‘Tá’ ar a gcliabhrach acu sna seachtainí deireanacha roimh an reifreann in ann comhrá a choinneáil i nGaeilge.

Ach ní hé sin an pointe.

Is éard a léiríonn an ráchairt mhór a bhí ar na cnaipí ‘Tá’ ná go nglacann cuid mhór de mhuintir na hÉireann – go leor daoine nach cainteoirí Gaeilge iad ina measc – leis an nGaeilge mar chuid dhearfach de thírdhreach nua-aimseartha, ‘iar-reifreann-na-hAoine-seo-caite’ na tíre.

I bhfocail eile, fianaise é fairsinge na gcnaipí ‘Tá’ nach mbreathnaítear ar an nGaeilge a thuilleadh mar ghné den chuing choimeádach, Chaitliceach a mhothaigh go leor Éireannach ar a nguaillí leis na céadta bliain.

Más fíor don anailís shocheolaíoch – agus go hiomlán neamheolaíoch – seo atá ar bun agam, d’fhéadfadh sé gur mó an dea-thoil a d’éirigh leis an bhfeachtas ‘Tá Comhionannas’ a chothú don Ghaeilge in imeacht míosa nó dhó ná mar a d’éirigh le scata eagraíochtaí teanga agus polasaithe stáit a chothú in imeacht na scórtha bliain.

Níor cheart go gcuirfeadh sé sin iontas ar éinne.

Mar a dúirt Gaeilgeoir gaoiseach liom an tseachtain seo caite: ‘Ní thuigim conas a d’fhéadfadh éinne a labhraíonn Gaeilge a bheith i gcoinne an rúin atá á mholadh sa reifreann. Níl dream ar bith in Éirinn a bhfuil oiread tuisceana acu ar cad is brí le cearta mionlaigh.’

Tuar dóchais don teanga a bhí sa cheangal láidir, feiceálach a cruthaíodh – d’aon ghnó nó trí thaisme – idir an feachtas ar son cearta comhionannais agus an Ghaeilge.

Lá éigin amach anseo, d’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfaí ar mhuintir na hÉireann a mbreith a thabhairt ar stádas bunreachtúil na Gaeilge i reifreann.

Má tharlaíonn sin, molaim iarraidh ar an dream a bhí i gceannas ar an bhfeachtas ‘Tá Comhionannas’ i mbliana an feachtas ar son na Gaeilge a eagrú.

Fág freagra ar 'Is mó an dea-thoil a chothaigh ‘Tá Comhionannas’ don Ghaeilge ná scata eagraíochtaí Gaeilge le blianta'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    N’fheadar.

    Sílim go raibh rath na gcnaipí Tá ag tógáil ar rath saothar leithéidí TG4, TG Lurgan, fiú CnaG ag cothú íomhá fhaiseanta don nGaeilge roimhe sin.

    Agus ní gá go mbeadh bá don nGaeilge fiú ag lucht caite an cnaipe Tá – chonaic cúpla sampla ar líne den táir don nGaeilge, agus féach taithí Mhaitiú nuair a d’iarr duine a bhí ag caitheamh cnaipe Tá air éirí as an nGaeilgeoireacht lena chairde in áit phoiblí!

    Níl aon cheist ach go raibh an feachtas Tá glic agus éifeachtach, agus ar an mbonn sin is maith do chomhairle! Ach bhí go leor réamhoibre déanta acu le go mbeadh an reifreann á reáchtáil ar théarmaí s’acu – ainm an bhille fiú.

    An tátal as sin mar sin na gur cheart do lucht na Gaeilge an reifreann ar Airteagail 8 a lorg iad féin, ar a dtéarmaí féin, mar a mhol Joe Steve!

  • Ben

    Ní haon nuacht é go bhfuil muintir na hÉireann báúil leis an nGaeilge – sin an fáth go n-abraíonn 1.7 milliún duine sa daonaireamh go bhfuil Gaeilge acu, nuair is léir nach bhfuil. Is mó an nasc atá ag an meon dearfach seo seo leis an troid a bhí againn in aghaidh an choilíneachais go stairiúil agus an nasc a bhí ag leithéid Chonradh na Gaeilge leis an troid seo cothrom an ama seo céad bliain ó shin (agus ar ndú, mar a deir Aonghus an obair iontach uilig a dhein grúpaí eile le híomha dearfach a chothú don Ghaeilge le blianta beaga anuas) ná leis an dea-obair a dhein an feachtas Tá le cúpla seachtain anuas.

    Is iontach ann na suaitheantais i nGaeilge, níor bhain mé mo cheann fhéin díom go fóilleach. Ach na bimis ag ceapadh go bhfuil aon cheo eisceacthúil i ndán don Ghaeilge mar gheall orthu. Dá mbeadh muid in ann fiú céatadán beag den dream a chaith ceann acu a spreagadh i leith fhoghlaim na Gaeilge anois, bheadh ag éirí go maith linn. Idir an dá linn d’fhéadfadh muid suaitheantais/íomhaannaí ar an straoisleabhar le “BRÓD” scríofa orthu a scaipeadh len an Ghaeilge a choinneáil soiléir sa “tírdhreach teangeolaíoch”?!

  • Eoin Bairéad

    I dtús bhí baint nach beag ag Traolach Ó Buachalla leis an bhfeachtas – fair play dó!

    Agus ar thus sibh faoi ndeara faoin slua i gCaisleán Átha Cliath, iad ag ceiliúradh an toradh, iad beagnach go léir óg, an-chuid aerach go h-oscailte agus go tochtmhar, gur Amhrán na bhFiann a chanadar.

    Tá aos óg na linne seo suimiúil!

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím gur feiniméan spéisiúil a bhí ann fairsinge na gcnaipí ‘Tá’ san fheachtas. Léiríonn sé ar a laghad bá éigin leis an nGaeilge mar shiombal den Éireannachas ach chuile sheans gur sin an méid. Nach raibh ann dáiríre ach cleas stocaireachta ar an gcaoi chéanna a mbaineann Lidl agus Aldi úsáid as íomhá na Gaeilge ina gcuid feachtais fógraíochta. D’aontóinn gur díol spéise é agus b’fhéidir ‘tuar dóchais don teanga a bhí sa cheangal láidir, feiceálach a cruthaíodh – d’aon ghnó nó trí thaisme – idir an feachtas ar son cearta comhionannais agus an Ghaeilge.’ Ach níor chóir an iomarca a léamh as an gceangal. An difríocht mhór idir an dá chúis ná go raibh na meáin agus an bhunaíocht pholaitiúil ad idim faoi cheist an Reifrinn seo – rud nach fíor in aon chor faoi cheist na Gaeilge.

    • Aonghus Ó hAlmhain

      > Nach raibh ann dáiríre ach cleas stocaireachta ar an gcaoi chéanna a mbaineann Lidl agus Aldi úsáid as íomhá na Gaeilge ina gcuid feachtais fógraíochta.

      Léiriú eile sílim ar cuid den rud a bhí á rá ag Alex. Tá bá ag an bpobail leis an teanga, mar sin is gléas éifeachtach bolscaireachta í.

  • Glór í Eo

    Níos mó “cleasanna stocaireachta” atá uainn le haghaidh an Ghaeilge a dhíol. Agus sin atá le déanamh againn. Chuile diabhal cleas a úsáid. Suaitheantais le “Tá don Ghailge” ba cheart a bheith a dhéanamh láithreach ag CnaG. An rud is luachmhaire sa tír. Bíimis á díol!