Gael na Míosa Tuairisc.ie do mhí Feabhra roghnaithe

Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh roghnaithe mar Ghael na Míosa do mhí Feabhra

Ailbhe Ní Ghearbhaigh

Tá Ailbhe Ní Ghearbhuigh roghnaithe do Ghradam ‘Gael na Míosa Tuairisc.ie’ le haghaidh mhí Feabhra. Roghnaíodh Ailbhe mar gheall ar a hainmniúchán ar ghearrliosta na ndánta don chomórtas ‘Dán d’Éirinn’ atá á reáchtáil ag RTÉ.

D’éirigh le dán a scríobh Ailbhe darb ainm ‘Filleadh ar an gCathair’ áit a fháil i measc na ndeich ndán ar an liosta a fógraíodh ag tús mhí Feabhra. Fógrófar an buaiteoir níos deireanaí an mhí seo.

Is iontach an rud é file óg cumasach a fheiceáil ar a leithéid seo de liosta. Samhlaítear an Ghaeilge fós leis an tuath agus an seansaol, mar a léirítear i dtráchtanna ar scéalta faoin nGaeilge ar shuíomhanna áirithe Béarla ó am go chéile (‘Why not get one of them to write a half-way decent poem on any subject other than their love of rural scenery? a fiafraíodh ar cheann acu le deireanas).

Tá ardán faighte ag Ailbhe do dhea-fhilíocht nua-aimseartha i nGaeilge – gaisce ann féin. Chuaigh an tslí a bhain sí leas as an ardán sin i bhfeidhm orainn freisin, í umhal agus tuisceanach ag scaipeadh soiscéal na litríochta Gaeilge.

Táthar ag glacadh le moltaí le haghaidh Gael na Míosa do mhí an Mhárta anois.

Beidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus gach duine eile a ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie.

Gael Eanáir:              Cathal Póirtéir

Gael Feabhra:           Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Fág freagra ar 'Gael na Míosa Tuairisc.ie do mhí Feabhra roghnaithe'