Gael na Míosa Tuairisc.ie do mhí an Mhárta roghnaithe

Tá áthas ar Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil an scríbhneoir Alan Titley roghnaithe mar Ghael na Míosa le haghaidh mhí an Mhárta

Titley Screenshot

Tá Alan Titley roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Márta. Roghnaíodh Alan mar gheall ar a aistriúchán ar mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille. Ba i mí an Mhárta a foilsíodh The Dirty Dust – os cionn leathchéad bliain ó cuireadh an bunleagan Gaeilge de i gcló.

Tá cáil mhór ar scríbhneoirí Béarla na hÉireann ar fud an domhain ach is fíorannamh a chloistear caint ar mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus is minic a chaitear leo amhail is nach ann dóibh ar chor ar bith.

Táthar ann a déarfadh nár cheart focail Bhéarla a chur i mbéal Chaitríona Pháidín agus a bhfuil ann i gcré sin na cille i gConamara, ach a bhuíochas le haistriúcháin Titley, tá eolas ina dtaobh a scaipeadh go forleathan agus tá a fheabhas is a bhí an Cadhnach mar scríbhneoir a chur ar a súile dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu.

Tá aird, agus níos tábhachtaí fós, meas dhomhan an Bhéarla (domhan atá seacht n-oiread níos mó ná domhan na Gaeilge) tarraingthe ag an Titlíoch ar shaothar Uí Chadhain agus go deimhin ar scríbhneoireacht na Gaeilge í féin lena aistriúchán a bhfuil moladh mór faighte aige ó chriticeoirí i gcian agus i gcóngair.

Áirítear an Cadhnach a bheith ar comhchéim le leithéidí Joyce, Beckett agus Yeats sna léirmheasanna ar aistriúchán Titley go dtí seo – comparáid atá á déanamh ag na Gaeil le fada an lá ach a bhfuil saol an Bhéarla dall uirthi.

Dá bhrí sin, is buille dearfach ar son na teanga é aistriúchán Alan Titley.

Beidh Alan Titley agus gach duine eile a ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie.

 

Gael Eanáir:    Cathal Póirtéir

Gael Feabhra:  Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Gael Mhárta:   Alan Titley

Fág freagra ar 'Gael na Míosa Tuairisc.ie do mhí an Mhárta roghnaithe'

  • Concubhar Ó Liatháin

    An bhfuil domhan an Bhéarla seacht n-oiread níos mó ná domhan na Gaeilge? Cé dhein an tomhas seo? I gcead don Titlíoch cheapfainn go raibh gradam den tsort seo tuillte ag Liadh Ní Riada as a feachtas an Ghaeilge a chur i mbéal Phairlimint na hEorpa. Tá gradaim Gaelacha tuillte go maith as a leabhair Ghaeilge gan trácht ar a leabhar nua i mBéarla. Cé dheineann moltóireacht ar ‘Gael na Míosa’?

    • Maitiú Ó Coimín

      A Concubhair a chara,

      Go raibh maith agat as spéis a léiriú i nGael na Míosa. Glactar le moltaí an phobail gach mí don Ghradam. Féadfar moladh a chur chuig nuacht@tuairisc.ie faoin ábhar “Gael na Míosa”.

      Le dea-ghuí,

      Maitiú

  • Concubhar Ó Liatháin

    Grma a Maitiú – ach cad faoin cheist faoin moltóireacht? Cé dheineann moltóireacht ar na h-ainmniúcháín a fhaightear agus cad iad na critéir?

    • Maitiú Ó Coimín

      A Choncubhair,
      Tá gach eolas faoi Ghael na Míosa le fáil anseo https://tuairisc.ie/fisean-gradam-gael-na-bliana-tuairisc-ie-2015/

    • Tóirneach

      An bhfuil fonn ort féin a bheith ainmnithe nó rud éigin? “Concubhar Ó Liatháin – as íomhá den sean-Ghael canntalach a chothú”…

  • Feardorcha

    D’aontóinn le Conchubhar go ndein an Riadach a cion agus breis ar son na teanga – arís gan aon bhéim síos a thabhairt don aistritheoir.