FÍSEÁN: Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie 2015

Is mór ag Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil tús á chur go luath againn le ‘Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie’. Ag deireadh na bliana a bhronnfar an gradam ar an té is mó a mbeidh éacht déanta aige ar son na teanga le linn na bliana seo

Is mór ag Tuairisc.ie a fhógairt go bhfuil tús á chur go luath againn le ‘Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie’. Ag deireadh na bliana a bhronnfar an gradam ar an té is mó a mbeidh éacht déanta aige ar son na teanga le linn na bliana seo.

San iomaíocht don ghradam seo, beidh na daoine éagsúla a mbronnfaidh Tuairisc.ie Gradam Gael na Míosa orthu as seo go deireadh na bliana. Is iad foireann Tuairisc.ie a ainmneoidh Gael na Míosa ó mhí go chéile ach beidh fáilte, ar ndóigh, roimh mholtaí ón bpobal ach iad a chur chuig nuacht@tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. Más ar ríomphost atá bhur moladh á dhéanamh agaibh, cuirigí isteach, le bhur dtoil, na focail ‘Gael na Míosa’ i mbosca an ábhair. Tá fáilte anois roimh mholtaí do ‘Gael Mhí Eanáir’.

Chun go mbronnfaí gradam ‘Gael na Míosa Tuairisc.ie’ ar dhuine, níorbh fholáir don duine sin gaisce ar leith a bheith déanta aige ar son na Gaeilge. D’fhéadfadh an gaisce sin a bheith déanta aige in aon réimse den saol. Ní gá i gcónaí go mbeadh Gaeilge ag an té a roghnófaí mar Ghael na Míosa ach sa chás nach mbeadh Gaeilge ag duine, is gá go mbainfeadh a ghaisce go sonrach le cur chun cinn na teanga.

Mar shampla, bheadh leithéid gaisce Lester Ryan san áireamh, cé nach bhfuil ach an cúpla focal aige.

Fógrófar amach anseo na sonraí maidir leis an gcóras roghnaithe a bheidh ann do ‘Gradam Gael na Bliana Tuairisc.ie 2015’. Bronnfar gradaim na míosa agus mórghradam na bliana ar na buaiteoirí ar fad ag ócáid bhronnta i dtreo dheireadh na bliana.