Tá beirt roghnaithe do Ghael na Míosa seo mar ní fhéadfaí duine amháin den dís Gaelach seo a lua gan an duine eile a lua ina teannta. Is iad an banna ceoil Muir-Sin-É, nó Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall, atá roghnaithe do gradam na míosa seo.
D’éirigh le Muir-Sin-É an chéad áit a bhaint amach sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta Youth Factor agus amhrán nua-chumtha Gaeilge á chasadh acu don dara bliain as a chéile.
Tá Gael na Míosa á bhronnadh orthu mar gheall ar an aird atá tarraingthe acu ar an gcumadóireacht agus an amhránaíocht Ghaeilge ar bhonn náisiúnta. Ní hamháin go bhfuil bua an cheoil ag na cailíní seo ach tá bua na cumadóireachta acu freisin agus tá sé sin ríthábhachtach chun earnáil an cheoil Ghaelaigh a thabhairt slán.
Is i nGaeilge amháin a chumann Muir-Sin-É a gcuid amhrán. Tá ceithre amhrán nua-scríofa acu go dtí seo agus iad ar fad le feiceáil ar leathanach YouTube Shinéad.
Beidh Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall agus gach duine eile a ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie
Gael Feabhra: Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Gael na Márta: Alan Titley
Gael Aibreáin: Ciarán Ó Móráin
Gael Bhealtaine: Traolach Ó Buachalla
Gael an Mheithimh: Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall
Fág freagra ar 'Gael na Míosa do mhí an Mheithimh roghnaithe'