Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana.
Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an chosúlacht ann gur tháinig an scéal sin aniar aduaidh ar Martin agus Calleary ach nach mbeadh sé tar éis iontas ar bith a chur ar phobal na Gaeilge.
Deirtear nach mbeadh ar an rialtas mórán a dhéanamh maidir leis an nGaeloideachas chun dea-thoil a chothú i measc an phobail agus pléitear an scéal i bhfianaise torthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid.
Deirtear go mbraitear soiniciúlacht maidir le suirbhéanna faoin nGaeilge go minic ach go bhfuil ábhar suntais agus misnigh i gcuid de na torthaí áirithe seo.
Cloistear chomh maith comparáid idir dea-thoil a bheith ag duine don Ghaeltacht agus pota iógairt a ghlanadh.
Seán
Níl aon amhras ach gur tharraing Breandán Ó Beaglaoich aird fhorleathan ar an nGaeltacht sna meáin Bhéarla is eile nuair a diúltaíodh cead pleanála dó a thigh féin a dhéanamh ar a shuíomh féin sa bhaile.
Thuig daoine dó.
Feachtas cliste, dúthrachtach, corrmhéiniúil ar chuir meáin ón bhFrainc etc suim ann. Féach gur thug roinnt mhaith piardaí agus polaiteoirí turas air agus gur chuaigh an tUachtarán féin i bpáirt leis. B’fhéidir gur míniú áirithe é sin ar “thábhacht na Gaeltachta” a luaitear sa suirbhé sin.