An t-am sa bhficsean: uirlis chumhachtach nár mhór a bheith cúramach léi

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Slaitín draíochta a chruthaíonn teannas i scéal a bhíonn san am má úsáidtear i gceart é – ach tá dlúthbhaint idir am agus ficsean ar bhealaí eile lena chois

An t-am sa bhficsean: uirlis chumhachtach nár mhór a bheith cúramach léi

‘Bunchúrsa’ sa scríbhneoireacht ficsin a gheall mé i gcéad cholún na bliana seo sa tsraith seo, léargas gairid ar chuid de bhunghnéithe na ceirde, agus le dhá mhí anuas táimid tar éis breathnú ar pheirspictíochtar stíl agus glórar léiriú carachtair, ar phlotaar shuíomhagus ar chaint.

D’imigh an dá mhí sin thart i bhfaiteadh na súl, nach ndeachaigh?

Nó an amhlaidh gur shleamhnaigh an t-am thart?

Gan amhras bíonn an luas céanna faoin bhfíor-am i gcónaí, ach ceann de na cumhachtaí draíochta i mbosca uirlisí an scríbhneora ficsin ná an cumas an t-am a mhoilliú síos – nó a mhalairt – agus scéal á insint aige.

Is féidir leis deich leathanach a bhaint as eachtra nár mhair ach milleasoicind amháin (pléasc bhuama, mar shampla) nó is féidir leis ligean do shaol iomlán dul thart i leathabairtín fánach, mar a tharlaíonn sa nath seanchaite úd a chuireann deireadh le mórchuid finscéal: ‘… agus bhí saol sona sásta acu’.

Teannas a chruthú agus a bhainistiú, sin iad an dá phríomhfheidhm a bhíonn ag am i saothar ficsin, ach dála na gcumhachtaí draíochta eile sa bhosca uirlisí ní mór a bheith cúramach agus tú á láimhseáil. Níor mhaith leat deich leathanach a chur amú le heachtra nach bhfuil spéisiúil, agus níor mhaith leat achoimre a dhéanamh, ar mhaithe lena bheith réidh leis, ar tharlúint éigin a d’fhéadfaí a chíoradh tuilleadh.

Substaint shleamhain sciorrach a bhíonn san am sa scríbhneoireacht ficsin; seo roinnt téarmaíochta chun greim a fháil air.

Tabharfaimis ‘an t-achar a thuairiscítear’ ar fhad pé tréimhse a ndéantar cur síos uirthi (an phléasc bhuama nó an saol sona sásta sna samplaí thuas) agus tabharfaimis ‘achar na tuairisceoireachta’ ar an bhfad a bhaineann an scríbhneoir as an tréimhse sin ar an leathanach.

Ach tá dlúthbhaint ag cúrsaí ama leis an scríbhneoireacht ficsin ar dhá bhealach eile, leis.

Anuas ar an ‘achar a thuairiscítear’ agus ar ‘achar na tuairisceoireachta’ tá ‘aimsir na hinsinte’ ann, agus sin í an aimsir (chaite nó láithreach, go hiondúil) ina roghnaíonn scríbhneoir a scéal a insint. (Cinneadh chomh bunúsach a bhíonn sa rogha sin go ndéanfá dearmad uaireanta go bhfuil rogha ann, agus ba é sin an fáth gur scríobh mé colún ar leith faoin gceist sin cúpla bliain ó shin.

Agus ar deireadh, tá an rud seo ann ar a dtabharfaimid ‘tréimhse na scríbhneoireachta’, agus sin é an fad a thógann sé ar scríbhneoir saothar a scríobh, ó thús deireadh. Ní hionann agus na trí bhealach eile ina mbíonn baint ag cúrsaí ama leis an scríbhneoireacht ficsin, áfach, ní thugann an léitheoir an ghné dheireanach sin faoi deara – nó níor chóir go dtabharfadh, pé scéal é. Gan dabht ní minic a thagann saothar amach go hiomlán i gceart ar an gcéad iarraidh, ach faraor géar níl barántas ar bith ann go mbeadh saothar a gcaithfeá seacht mbliana ag sclábhaíocht leis níos fearr ná saothar nach dtógfadh ort ach seacht mí.

Fág freagra ar 'An t-am sa bhficsean: uirlis chumhachtach nár mhór a bheith cúramach léi'