An bhfuil rún agat tabhairt faoin scríbhneoireacht i mbliana? Seo linn!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: má theastaíonn uait tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach dáiríre, gnáthamh oibre a bhunú an chéad chéim…

An bhfuil rún agat tabhairt faoin scríbhneoireacht i mbliana? Seo linn!

Seans go bhfuil rún nó dhó agat don bhliain atá díreach tosaithe.

Éirí as an ól, as na toitíní, nó as na meáin shóisialta.

Nó b’fhéidir go bhfuil rún agat tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach!

Sa chás sin is féidir liom cuidiú leat.

Sna seachtainí atá romhainn, tá fúm díriú sa cholún seo ar chuid de bhunghnéithe na ceirde: peirspictíocht, stíl, glór, caint, suíomh, am na hinsinte. Bunchúrsa don té atá ag tosú amach; cúrsa athnuachana don té atá i mbun pinn le fada ach atá ar aon intinn liom gur fiú athfhéachaint a thabhairt, ó am go chéile, ar uirlisí na ceirde. Sin é go deimhin an chúis go dteastaíonn uaim féin tabhairt faoin tsraith bheag seo: na huirlisí sin a phiocadh suas i mo dhá lámh agus breathnú orthu ó chuile thaobh chun a mheabhrú dom féin arís cén fheidhm a bhí leo. Ar an bprós-scríbhneoireacht a bheidh mé ag díriú den chuid is mó ach tá súil agam go mbainfidh filí, drámadóirí nó cumadóirí amhrán leas as cuid dá mbeidh le rá agam freisin.

Go deimhin, baineann an bhunghné a bheidh faoi chaibidil an tseachtain seo le chuile dhuine a chuireann peann le páipéar go rialta, nó a dteastódh uathu peann a chur le páipéar níos rialta.

Ná déan nós agus ná bris nós a deirtear linn ach má theastaíonn uait tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, níl aon éalú as – as an gcéad chuid den nath cainte sin, pé scéal é; tá críonnacht sa dara cuid.

Beidh ort gnáthamh oibre a bhunú, agus cloí leis.

I dtús báire, is maith ann cleachtas oibre a chuirfeadh brú ort peann a chur le páipéar gach lá, fiú más ar feadh cúig nóiméad féin é; gnás, nó deasghnáth más maith leat, a d’athdhearbhódh do cheangal leis an scríbhneoireacht arís is arís eile.

Le fiche éigin bliain anuas cuirim féin peann le páipéar an chéad rud ar maidin. Ní fios cá mhéad cóipleabhar atá líonta agam le cur síos ar oícheanta drochchodlata, ar an aimsir, agus le liostaí le rudaí a bhí le déanamh, le smaointe fánacha agus le rachtanna feirge.

Níl sa scríbhneoireacht mhochmhaidine sin ach réamhchleachtadh don scríbhneoireacht dháiríre a dhéanaim, téamh suas mar a dhéanfá san ionad aclaíochta sula dtabharfá faoi na meáchain nó faoin gcúrsa crossfit.

Ar ndóigh is féidir leat leabhar a scríobh gan téamh suas sula gcuirfidh tú peann le páipéar, ach fós féin is maith ann gnáthamh oibre.

Níl aon mhistéir ag baint le gnáthamh oibre. Go deimhin is ea is lú mistéir is ea is fearr é.

Am agus áit faoi leith an dá rud is tábhachtaí. Níl gá ar bith le maidí túise, peann agus cóipleabhar speisialta, ceol sa chúlra nó an muga úd a bhfuil scealp bainte as ach a bhfuil oiread ceana agat air. Beidh tacaí den chineál sin ina gconstaicí nuair nach mbíonn fáil orthu lá éigin.

Maidir leis an am, ní gá gur ag an am céanna a gcuirfidh tú peann le páipéar i gcónaí (cé go dtugaim faoi deara go mbainim féin leas mór as an rialtacht) agus (ag brath ar an togra) ní gá gur achar fada a bheadh i gceist ach oiread. An rud is tábhachtaí ná go gcuirfidh tú tréimhse ama ar leith i leataobh don scríbhneoireacht agus go dtabharfaidh tú geallúint duit féin go mbeidh tú ag scríobh sa tréimhse sin. Is mór an chabhair líon áirithe focal nó líon áirithe leathanach mar sprioc, ach déan cinnte nach dtabharfaidh tú sprioc duit féin nach féidir a bhaint amach.

Maidir leis an áit, an rud is tábhachtaí ná go ndéanfaidh tú do chuid scríbhneoireachta in áit éigin nach gcuirfear isteach ort. Má bhíonn an spás agat, d’fhéadfá seomra oibre nó cúinne scríbhneoireachta a thógáil duit féin, ach sa chás sin, ná téigh thar fóir leis an dearadh intí. Nó b’fhéidir go mbeidh níos mó ná áit amháin uait: le fada an lá, déanaim mo chuid oibre iriseoireachta ag deasc amháin agus tugaim faoin scríbhneoireacht chruthaitheach ag deasc eile.

D’fhéadfadh sé gurbh fhearr leat do chuid scríbhneoireachta a dhéanamh i gcaifé, ar bhinse sa pháirc nó ar an traein. Tá buntáistí ar leith ag baint le háiteanna mar sin (beidh daoine ag dul thar bhráid a spreagfadh carachtar, cá bhfios) ach bíonn ort a bheith in ann do chluasa a dhúnadh ar an trup timpeall ort, agus i ré seo na bhfón póca, níl sé sin chomh héasca agus a bhíodh.

Is fiú rudaí a thriail agus gnáthamh scríbhneoireachta á bhunú agat. Seans go n-oibreodh rudaí duitse nach n-oibreodh domsa agus an bealach eile timpeall, ach go hachoimreach: am i leataobh, áit nach gcuirfear isteach ort, agus spriocanna inbhainte amach.

Fág freagra ar 'An bhfuil rún agat tabhairt faoin scríbhneoireacht i mbliana? Seo linn!'

  • Mairead Ni Chonaola

    Ní rún é sílim do 2024, ach fonn leanacht orm ag cur peann le pár níos rialta. Déanaim roinnt aithrithe cheana féin ach is breá an rud beagán treoir is misnigh fháil.