An scríbhneoireacht mhochmhaidine a bhí faoi chaibidil agam sa cholún seo an tseachtain seo caite. Nós é sin a mholann Julia Cameron, Nathalie Goldberg agus gúrúnna eile de chuid na scríbhneoireachta cruthaithí go hard na spéire: peann a chur le páipéar an chéad rud ar maidin agus scaoileadh le pé smaointe a thiocfaidh aníos i d’aigne.
Bhí an nós sin caite i dtraipisí agam féin ach luigh mé isteach air arís le deireanas agus, mar a scríobh mé sa cholún seo an tseachtain seo caite, is geall le logleabhar dom an scríbhneoireacht mhochmhaidine anois: áit chun fáil amach cá bhfuil mé ar chor ar bith i bhfarraigí an tsaoil.
Ach rinne mé dearmad rud fíorthábhachtach a lua.
Duit féin amháin na leabhair nótaí a líonann tú an chéad rud ar maidin!
Níl éinne eile ceaptha an méid a scríobhann tú iontu a léamh.
Agus déanta na fírinne níl tú féin ceaptha athléamh a dhéanamh ach oiread ar do chuid scríbhneoireachta mochmhaidine féin.
Ba chóir leabhair nótaí na mochmhaidine a chaitheamh amach, dáiríre, a luaithe is a bhíonn siad líonta.
Cén fáth sin?
Mar a luaigh mé cheana, bealach chun fáil amach cá háit a bhfuil mé ar chor ar bith i bhfarraigí an tsaoil atá sa scríbhneoireacht mhochmhaidine domsa. Ach tá feidhm eile léi chomh maith: do cheann a fholmhú ionas go mbeidh spás i d’aigne don scríbhneoireacht dháiríre a bheas ar bun agat ar feadh na coda eile den lá.
Cinnte, seans go rithfidh corrsmaoineamh leat le linn na scríbhneoireachta mochmhaidine ar fiú a fhorbairt i dtogra scríbhneoireachta dáiríre. Ach raiméis a bheidh sa chuid is mó den stuif a chaithfidh tú amach ar an leathanach an chéad rud ar maidin: smaointe fánacha, imní, gearáin agus liostaí de rudaí atá le déanamh. Stuif nár mhaith leat go sleamhnódh sé isteach i do chuid scríbhneoireachta dáiríre.
Ach seo anois an dúshlán : bíonn sé fíordheacair cead a thabhairt duit féin raiméis a scríobh, stuif nach mbeidh suim ag éinne ann. Nó níos measa: stuif a mbeadh náire an domhain ort dá léifeadh éinne é nó dá ndéanfá athléamh air tú féin. Ar an gcúis sin is cuidiú mór é cuimhneamh nach léifidh éinne an stuif céanna agus gurb é an bosca bruscair a bheidh i ndán dó gan mhoill.
Le logleabhar a chuir mé an scríbhneoireacht mhochmhaidine i gcomparáid an tseachtain seo caite, áit le cur síos a dhéanamh ar d’aistear trí fharraigí an tsaoil – imní, gearáin agus liostaí fada fadálacha san áireamh. Ach rith sé liom ina dhiaidh sin nach n-oibríonn an tsamhail sin ach go pointe. Ní hionann agus an captaen loinge, ba chóir don té a chleachtann an scríbhneoireacht mhochmhaidine a chuid leabhar nótaí a chaitheamh thar bord nuair a bhíonn siad líonta.
Fág freagra ar 'Bíonn sé fíordheacair cead a thabhairt duit féin raiméis a scríobh…'