Is mór is fiú logleabhar a choinneáil agus farraigí an tsaoil á dtreabhadh agat

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tamall de mhíonna ó shin bhris ár gcolúnaí an nós a bhíodh aige peann a chur le páipéar an chéad rud ar maidin…

Is mór is fiú logleabhar a choinneáil agus farraigí an tsaoil á dtreabhadh agat

Tuairim is mí ó shin thóg mé an bád ón bhFrainc go hÉirinn.

D’fhan mé ar an deic ar feadh tamaill mhaith tar éis do chósta na Normainne agus oileán Alderney dul ó léargas, ag déanamh iontais den líon mór long a threabhann Muir nIocht. Ach i ndiaidh don ghrian dul faoi d’éirigh sé fuar; tháinig ocras orm, agus ansin fonn codlata. Thug mé aghaidh ar mo chábán.

Nuair a dhúisigh mé ní raibh an ghrian ach tar éis éirí agus ní raibh fáil go fóill ar chaife. Suas liom ar an deic mar sin, féachaint cá raibh muid. Soir ó dheas, i bhfad i bhfad uainn, bhí cnocán íseal le feiceáil. Corn na Breataine, b’fhéidir?

Agus an moll liath sin ar íor na spéire, soir ó thuaidh, ar chnoc éigin i ndeisceart na Breataine Bige a bhí ansin?

Bhí sé fuar. Síos liom arís go dtí mo chábán, áit a ndearna mé dreas eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam. Ar thóir caife ansin, agus tuilleadh eagarthóireachta i gcúinne ciúin sa bhialann. Nuair a chuaigh mé suas ar an deic arís bhí sléibhte Chill Mhantáin agus Átha Cliath le feiceáil go soiléir ar chlé uainn. Agus ba iad sin thall Ó Cualann, an túr Martello ar Dheilginis … agus simléir an Phoill Bhig féin!

Tuairim is bliain ó shin, thug fear a chaith seal ina chónaí liom suntas don nós a bhí agam peann a chur le páipéar an chéad rud ar maidin agus cúpla leathanach a líonadh i leabhar nótaí.

‘Cén fáth a ndéanann tú é sin?’ a d’fhiafraigh sé.

‘Is geall le teiripe é,’ a dúirt mise.

Bhain an fear triail as ar feadh seala ach níor oibrigh sé dó. ‘Ní fheicim aon toradh ar an scríbhneoireacht mhochmhaidine seo,’ a dúirt sé. ‘Ní airím aon difear idir smaoineamh a bheith agat i do cheann agus é a scríobh síos. Níl ann ach breis oibre! Cur amú ama.’

Déanta na fírinne bhí díomá orm féin freisin, le tamall anuas, le héifeacht na scríbhneoireachta mochmhaidine – nós a mholann Julia Cameron, Nathalie Goldberg agus gúrúnna eile de chuid na scríbhneoireachta cruthaithí go hard na spéire agus a chleacht mé féin ar feadh nach mór fiche bliain.

Ach le blianta beaga anuas ba chosúla le liostaí siopadóireachta agus le gearáin i bhfoirm dialainne a bhí na leathanaigh seo a líonainn go luath ar maidin ná leis an rud a bhí ceaptha a bheith iontu: spás suaimhneach – naofa fiú – ina bhféadfainn mo chuid smaointe a ligean le sruth agus – dá mb’áil liom sin – iad a chíoradh.

Agus d’éirigh mé féin as nós na scríbhneoireachta mochmhaidine freisin.

Ach an lá cheana agus mé díreach tar éis éirí i m’árasán féin sa Bhrasaíl, rud beag caillte tar éis dom nach mór trí mhí a chaitheamh san Eoraip, shocraigh mé peann a chur le páipéar an chéad rud ar maidin arís.

Agus chuimhnigh mé ar an maidin úd a dhúisigh mé i lár na Mara Ceiltí, leathbhealach idir Cherbourg agus Baile Átha Cliath, mé thuas ar an deic ag iarraidh fáil amach cá raibh mé ar chor ar bith.

‘An moll mór dorcha sin ar mo chúl,’ a scríobh mé, ‘sin í an tréimhse a chaith mé san Eoraip ag tabhairt aire do mo mháthair a bhfuil galar Alzheimer uirthi. An sliabh ard sin amach romham agus a bheidh orm a dhreapadh a luaithe is a cheanglóidh mé le céibh, sin é m’úrscéal atá nach mór críochnaithe.

Ach sula ndreapfaidh mé an sliabh sin, b’fhearr dom oileáinín tréigthe éigin a lorg a bhféadfaidh mé bolg-le-gréin a dhéanamh ann ar feadh seachtaine nó dhó. Teacht ar ais chugam féin.’

Teacht ar ais chugat féin, fáil amach cá háit a bhfuil tú ar chor ar bith i bhfarraigí an tsaoil: sin é, seans, an phríomhfheidhm atá leis an scríbhneoireacht mhochmhaidine – agus sin é an fáth go bhfuil mé tar éis luí isteach ar an sean-nós sin a chleachtaínn arís. Má bhíonn liostaí siopadóireachta i measc na smaointe, bíodh – bíonn logleabhar loinge lán liostaí freisin. Ach déarfaidh mairnéalach ar bith leat go bhfuil sé tábhachtach logleabhar a choinneáil.

Fág freagra ar 'Is mór is fiú logleabhar a choinneáil agus farraigí an tsaoil á dtreabhadh agat'