‘Ní haon áit í seo duitse, a ghrá’ – suíomh an scéil

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: bíonn suíomh an scéil ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí i saothar ficsin ar bith – níos tábhachtaí, b’fhéidir, ná carachtair agus plota

‘Ní haon áit í seo duitse, a ghrá’ – suíomh an scéil

Nuair a bhog mé isteach in árasán nua bliain agus mí ó shin thosaigh mé ag coinneáil leabhair nótaí.

Níl ach 40 méadar idir an bhfoirgneamh ina bhfuil cónaí orm agus an tAtlantach Theas, agus theastaigh uaim iarracht a dhéanamh cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a mbíonn an fharraige agus an spéir ag síorathrú.

Ach níorbh é sin an t-aon fháth.

Bealach a bhí – atá – sa leabhar nótaí sin chun aithne a chur ar cheantar nach mbíodh agam air, sular bhog mé isteach ann, ach aithne fhánach. De réir a chéile, níorbh é an tAtlantach amháin a bhí faoi chaibidil ach na hiascairí, na turasóirí, na seandaoine agus a gcuid púdal ag fánaíocht ar an bpromanáid, éanlaith an chladaigh choiréil agus éin chorra na comharsanachta, an fear bodhar mar shampla. Cá bhfios nach mbeadh nótaí dá leithéid áisiúil dá dteastódh uaim saothar ficsin a lonnú sa cheantar seo lá breá éigin amach anseo.

Dar liom féin go mbíonn suíomh (nó láthair) an scéil ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí i saothar ficsin ar bith; níos tábhachtaí, b’fhéidir, ná carachtair agus plota. Deirim sin toisc gur mhinic cheana a spreag áit ar leith a chuaigh i bhfeidhm orm carachtair agus plota; measaim gurbh é suíomh an scéil a chuir an lasair i mbairille na samhlaíochta an chéad lá riamh i gcás 75 faoin gcéad de na saothair fhicsin dár scríobh mé.

Ní gá gur mar sin a tharlódh in aigne scríbhneoirí eile, ach mar sin féin bíonn suíomh an scéil fíorthábhachtach i saothar ficsin – agus go deimhin i bpíosa scríbhneoireachta ar bith.

Gach seachtain, déanaim eagarthóireacht ar cholún a scríobhann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, alt ina ndéanann sé cur síos ar chás óna chleachtas teiripe caidrimh. Agus gach seachtain, bíonn orm tabhairt amach dó faoin bhfadhb cheannann chéanna.

Ficsean de chineál a bhíonn sna colúin sin ós rud é go mbíonn ficseanú déanta ar na carachtair agus ar roinnt dá gcuid coimhlintí, ach déanann mo chara dearmad i gcónaí sonraí a sholáthar a léireodh suíomh an scéil. Dá bharr sin, fágtar an scéal ar foluain i bhfolús.

Ach ní bhíonn scéalta lonnaithe i bhfolús.

Caithfidh scéal a bheith lonnaithe in áit éigin.

An dúshlán a bhíonn roimh chuile scríbhneoir ficsin ná an dubh a chur ina gheal ar an léitheoir agus a chur ina luí ar an léitheoir gur tharla an scéal atá á léamh aige dáiríre. Teastaíonn ón léitheoir féin a bheith curtha faoi gheasa ar an gcaoi sin; sin é an fáth go léann daoine leabhair fhicsin.

Mar a tharlaíonn, tá an cur síos ar láthair an scéil ar cheann de na huirlisí is cumhachtaí dá bhfuil ar fáil don scríbhneoir chun an cleas sin a imirt ar an léitheoir. Dá réadúla an cur síos ar an láthair, is ea is mó an seans go gcreidfidh an léitheoir sna gnéithe sin den scéal a cumadh: na carachtair agus an plota. (Ar eagla na míthuisceana, is féidir le cur síos ar láthair shamhlaíoch, láthair sa chianspás fiú amháin, a bheith réadúil.)

Bíonn dlúthcheangal le háit ar leith le brath ar shaothar mhórchuid scríbhneoirí Éireannacha – Cois Fharraige i gcás Joe Steve Uí Neachtain, Condae Liatroma i gcás John McGahern, Loch Garman i gcás Choilm Thóibín – agus go deimhin is í an ghné sin dá gcuid scríbhneoireachta is mó a mbímse meallta aici.

Ach dar liom gurb í an t-údar ó Mheiriceá Eudora Welty (1909 – 2001) ‘banríon láthair an scéil’.

Sa ghearrscéal No Place For You, My Love (1952), d’éirigh le Welty scéal a scríobh inar carachtar chomh maith le suíomh an ceantar ina bhfuil an scéal lonnaithe – na réileáin láibe ag béal abhainn an Mississippi taobh ó dheas de chathair New Orleans.

Mar bharr ar an ádh scríobh sí aiste faoin scéal céanna sa sárchnuasach sin aici faoi cheird na scríbhneoireachta, On Writing, ina gcíorann sí féin an tábhacht a bhaineann le láthair an scéil san fhicsean – aiste arbh fhiú go mór d’éinne a mbeadh spéis aige sa choincheap ‘suíomh’ a léamh.

Fág freagra ar '‘Ní haon áit í seo duitse, a ghrá’ – suíomh an scéil'