Cé atá ag insint an scéil seo, pé scéal é?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ceann de na chéad rudaí a chaithfidh scríbhneoir ficsin a dhéanamh sula gcuirfidh sé tús le togra nua ná rogha a dhéanamh faoi pheirspictíocht an scéil

Cé atá ag insint an scéil seo, pé scéal é?

Tá an t-alt seo ag teacht chugat ó na spéartha.

Lá geal geimhridh atá ann agus níl scamall idir mé agus lár na Fraince.

Deich gciliméadar thíos fúm, feicim cathair Orléans agus na garraithe agus na goirt thart timpeall uirthi – glas, buí agus donn, agus iad gan chur an t-am seo den bhliain. Tá cailín óg ag súgradh sna goirt sin, ag rith i ndiaidh coinín b’fhéidir, agus níl tuairim aici go dtabharfaidh Naomh Caitríona, Naomh Mairéad agus an t-ardaingeal Mícheál cuairt uirthi gan mhoill, taispeántaí a d’athródh stair a tíre.

D’fhéadfainn tús a chur le húrscéal a bheadh bunaithe ar shaol Jeanne d’Arc ar an gcaoi sin: ag zúmáil isteach trí spás agus am agus amach arís de réir mar ba mhian liom. D’fhéadfainn breathnú isteach in aigne Jeanne agus a cuid smaointe a thuairisciú, agus nuair a bheinn réidh leis sin d’fhéadfainn léimt ó cheann go ceann i slua na saighdiúirí a lean í. Ansin, dá mba mhaith liom, d’fhéadfainn cur síos a dhéanamh sa chéad pharagraf eile ar imeachtaí i bPáras nó i Londain nó go deimhin in aon áit ar domhan agus ag am ar bith sa stair nó sa todhchaí.

Bheadh na cumhachtaí sin ar fad agam, mar scríbhneoir, dá ligfinn do scéalaí uileláithreach an scéal a insint. Oireann an pheirspictíocht sin d’fhinscéalta, do mhiotais nó do scéalta ina dteastódh uait cur síos a dhéanamh ar eachtraí móra stairiúla – scéal Jeanne d’Arc mar shampla. Tá scéalaí uileláithreach úsáideach má theastaíonn uait scéal tíre nó scéal pobail a ríomh – ach níl a leithéid chomh húsáideach céanna má theastaíonn uait léargas pearsanta a thabhairt, agus bíonn blas rud beag seanfhaiseanta ar an insint.

Sa litríocht chomhaimseartha, go hiondúil, is sa chéad nó sa tríú pearsa a bhíonn an insint.

Dá mbeadh scéal sa chéad phearsa lonnaithe san eitleán siúd os cionn na Fraince, seans go bhfaighfeá anailís mhion ar na mothúcháin éagsúla ar fad a bheadh ag fear inste an scéil agus é ar a bhealach, don mhíliú uair, óna thír dhúchais go dtí an tír ar an taobh eile den domhan mar a bhfuil cónaí air.

Tugann an chéad phearsa deis don scríbhneoir léargas an-phearsanta a thabhairt ar scéal, toisc go mbíonn an léitheoir istigh in aigne an charachtair a insíonn an scéal an t-am ar fad. Ach cuireann úsáid na chéad phearsan srianta dochta i bhfeidhm ar an scríbhneoir freisin: ní féidir leis léimt isteach in aigne na gcarachtar eile agus cur síos a dhéanamh ar a gcuid smaointe siúd, ná ní bheidh sé in ann cur síos a dhéanamh ach oiread ar eachtraí a tharlaíonn nuair nach mbíonn an carachtar a insíonn an scéal i láthair.

Lena chois sin, ní oireann an chéad phearsa go rómhaith do charachtair óga (an-óg), toisc nach mbeadh na focail, an aibíocht nó na tuiscintí acu a theastódh chun scéal a thaitneodh le léitheoirí fásta a insint. Ní oireann an chéad phearsa ach oiread do charachtair a bheadh faoi thionchar drugaí nó a mbeadh mearbhall éigin eile orthu; gach seans go mbeadh scéal Jeanne d’Arc go hiomlán doléite dá ligfeadh údar do Jeanne féin é a insint sa chéad phearsa.

Dá mbeadh scéal sa tríú pearsa lonnaithe san eitleán úd os cionn na Fraince, gheofá léargas mar a thabharfadh ceamaradóir a bheadh i mbun scannán faisnéise den chineál ‘cuileog ar an mballa’. B’fhéidir go mbeadh foireann sacair iomlán ar an eitleán agus sin iad cliar an scéil, ach ar bheirt nó ar thriúr imreoirí a bheadh an fócas den chuid is mó agus dhéanfadh an ceamaradóir cinnte go dtaispeánfaí go mion na mothúcháin éagsúla ar a n-aghaidh siúd agus iad ar a mbealach chuig cluiche mór ar an taobh eile den domhan.

Ach bheadh buntáiste tábhachtach sa bhreis ag an scríbhneoir ficsin ar an gceamaradóir: ní hionann agus an ceamaradóir, bíonn an scríbhneoir in ann dul isteach in aigne na gcarachtar agus tuairisciú a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl ansin.

An difear idir an insint sa tríú pearsa agus an insint sa chéad phearsa ná nach mbíonn an scríbhneoir teoranta d’aigne agus do phointe féachana amháin sa tríú pearsa.

An difear idir an insint sa tríú pearsa agus an insint uileláithreach ná gur mó go hiondúil líon na n-aigní éagsúla a dtugtar cuairt orthu, ach gur lú an tuairisciú ar smaointe na gcarachtar i gcomparáid leis an gcur síos ginearálta agus leis an gcaint.

Ag cloí le sampla an cheamaradóra, san insint uileláithreach bíonn achar níos faide idir an ceamaradóir agus an t-aicsean, agus ar iomlán an scéil, seachas ar na carachtair éagsúla faoi seach, a bhíonn an fócas. Agus is ea, tá an tuairim ann nach bhfuil san insint uileláithreach ach leagan den insint sa tríú pearsa, leagan ina mbíonn an pointe féachana i bhfad ón aicsean.

Nach bhfuil an insint sa dara pearsa ann freisin, a deir tú? Tá, agus d’fhéadfaí a mhaíomh gurb ann don insint sa chéad phearsa iolra freisin. Ach cuir chuige den chineál ‘ná bain triail as seo sa bhaile’ iad sin toisc go dtarraingíonn siad aird an léitheora ar theicníc na scríbhneoireachta seachas ar an scéal.

Sa lá atá inniu ann – mura mbeadh úrscéal stairiúil, ficsean eolaíochta nó fantaisíochta idir lámha agat ina mbeadh scéalaí uileláithreach úsáideach – idir an insint sa chéad phearsa agus an insint sa tríú pearsa a bhíonn an rogha. Ach rogha í a chaithfidh an scríbhneoir a dhéanamh sula gcuirfidh sé peann le páipéar den chéad uair i dtogra nua: caithfidh peirspictíocht an scéil a bheith soiléir sa gcéad chúpla líne.

Fág freagra ar 'Cé atá ag insint an scéil seo, pé scéal é?'