Céard iad ‘stíl’ agus ‘glór’ – agus céard é an difríocht eatarthu?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní bhíonn lucht na litríochta ar aon tuairim faoin sainmhíniú ar ‘stíl’ agus ar ‘ghlór’, ach sa cholún seo tugann ár gcolúnaí a thuairim féin

Céard iad ‘stíl’ agus ‘glór’ – agus céard é an difríocht eatarthu?

Leathbhliain ó shin thug nia de mo chuid cóip de On Earth We’re Briefly Gorgeous dom, úrscéal iomráiteach mórdhíola leis an údar ó Mheiriceá (agus ó Vítneam ó dhúchas), Ocean Vuong.

Léigh mé é le gairid agus anois tá fadhb agam.

Beidh orm a rá le mo nia nár thaitin an leabhar sin liom.

Ní fhéadfaí a chur i leith mo nia nach bhfuil aithne aige ar a uncail. Tá téamaí lárnach in On Earth We’re Briefly Gorgeous a bhfuil an-spéis agam iontu: eispéireas an inimircigh, an caidreamh idir máthair agus mac, agus – an rud is annamh is iontach, i leabhar mórdhíola – caidreamh grá idir beirt fhear.

Stíl an úrscéil agus glór an údair na cúiseanna nár éirigh liom aon taitneamh a bhaint as an leabhar, agus chuir an cheist sin ag smaoineamh mé. Céard iad ‘stíl’ agus ‘glór’, pé scéal é, agus céard é an difríocht eatarthu?

Ach oiread le go leor coincheapa sa scríbhneoireacht chruthaitheach, ní bhíonn máistrí na ceirde ar aon tuairim maidir leis an sainmhíniú ar stíl agus ar ghlór. Táthar ann, fiú amháin, a déarfadh leat gurb ionann iad: ‘an chaoi a gcuireann an scríbhneoir a theachtaireacht in iúl’.’

Sainmhíniú an-leathan é sin ar ndóigh. Mothaím féin gur coincheapa iad stíl agus glór atá an-chóngarach dá chéile, ach go bhfuil difear mór amháin eatarthu. Seo linn.

Rogha friotail, tuin na scríbhneoireachta, cineál agus líon na meafar, imeartais focal, struchtúr an phíosa iomláin, fad na n-abairtí agus na bparagraf éagsúil, an chomhréir, an phoncaíocht – é sin ar fad curtha le chéile, sin ‘stíl’, dar liom.

Is féidir stíl a fhorbairt. Mar shampla, is féidir meafair a úsáid go flúirseach nó a bheith spárálach leo; is féidir imeartas focal a dhéanamh gach ré abairt nó é a sheachaint ar fad; is féidir leat abairtí gearra a scríobh nó abairtí a leanfadh ar aghaidh ar feadh cúpla leathanach; is féidir leat tuin eolaíoch, tuin tharcaisneach, tuin mhaoithneach nó do rogha tuine eile a chur ar phíosa scríbhneoireachta. Is féidir leat lánstadanna a úsáid in ionad leathstadanna agus beidh cuma iomlán éagsúil ar an téacs.

D’fhéadfá a áitiú go bhfuil a leithéid ann agus stíl bhaile Tuairisc.ie. Tá ábhar breá tráchtais ansin do dhuine éigin, ach claonadh chun abairtí agus paragraif ghearra na príomhghnéithe a rithfeadh liom, mar aon leis an gclaonadh béarlachas agus aistriúcháinis araon a sheachaint; dúil sna seanfhocail (go háirithe sna ceannlínte); tugtar spás don chanúnachas ach den chuid is mó cloítear leis an gcaighdeán. Gonta ach blasta, deirimis.

Cé nach ndeirtear le scríbhneoirí Tuairisc go gcaithfidh siad cloí le stíl ar bith, glacaim leis go mbíonn mo chuid comhghleacaithe ar aon dul liom féin agus go mbíonn siad ag scríobh, fiú más go fochomhfhiosach féin é, i dtreo na stíle baile ‘gonta agus blasta’ céanna sin nár leagadh síos, ach gurb ann di. Agus ar ndóigh tá eagarthóir, fo-eagarthóirí agus ceartaitheoirí ann.

Mar sin féin, dá dtabharfaí píosaí faoin ábhar ceannann céanna le léamh duit ó pheann Mhairéad Ní Nuadháin, ó pheann Bhreandáin M. Mhic Ghearailt agus ó mo pheann féin, ach ainmneacha na n-údar bainte amach ag an mbarr, tá mé cinnte nach mbeadh fadhb ar bith agat údar gach píosa a thomhas.

An chúis atá leis sin ná go bhfuil a ghlór féin ag gach scríbhneoir – agus ar ndóigh ag gach duine beo.

Agus leis sin táimid tagtha chuig an difear atá idir ‘stíl’ agus ‘glór’, dar liom: is féidir stíl a fhorbairt, ach tá glór agat cheana féin agus beidh tú fágtha leis, taitníodh sé leat nó ná taitníodh.

Do ghlór, sin é an chaoi a gcuirfeása teachtaireacht éigin in iúl fiú agus tú ag cloí le pé treoracha stíle a thabharfaí duit nó a leagfá síos duit féin.

Glór is ea an ghné sin de do chuid scríbhneoireachta nach bhfuil neart agat air ach a bheith ag brath air do d’ainneoin féin, maith nó olc, agus a mbeidh ort a fhoghlaim conas é a úsáid chun do leasa.

Ar ais chuig On Earth We’re Briefly Gorgeous. An rud ba mhó a chuir as dom faoi úrscéal Ocean Vuong ná líon na meafar. Tá an oiread sin acu ann go mbáitear na cinn mhaithe i measc na gceann nach bhfuil ach cuíosach; mar bharr ar an donas, tagairt is ea gach rud sa saothar do gach rud eile, agus níl rud ar bith ann nach siombail é do rud éigin.

Ceisteanna stíle iad sin. Ach ceist ghlóir a bhí i gcúis eile nár éirigh liom sult a bhaint as an leabhar.

File is ea Vuong ó thús, agus tá an tsúil fhileata sin atá aige ar cheann de na príomhchúiseanna gur moladh On Earth We’re Briefly Gorgeous go hard na spéire. Ní dóigh liom go bhféadfadh Vuong an tsúil fhileata sin a dhúnadh fiú dá n-iarrfaí air sin a dhéanamh, ach is maith leis chomh mór sin a bheith ag macnas le focail agus le híomhánna gur masmas a chuir sé ormsa sa deireadh. Cáca rómhilis a mheabhraigh a úrscéal dom: bhí blas ar an gcéad bheagán, ach bhí fonn orm an pláta a leagan uaim sula raibh leath an tslisín ite.

Ar eagla na heagla, fógra séanta scoir. Cé gur coincheap é ‘glór’ a bhaineann go dlúth le pearsantacht an údair, ní hionann a rá nach maith leat glór scríbhneoir X agus a rá nach maith leat scríbhneoir X mar dhuine. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur duine lách álainn í Céline Dion – ach ní hionann sin agus a rá gur mhaith leat éisteacht léi agus í ag canadh.

Fág freagra ar 'Céard iad ‘stíl’ agus ‘glór’ – agus céard é an difríocht eatarthu?'

  • An Teanga Bheo

    Glór le mó stíl fhéín is ansa liomsa ach eard é dáirire ?
    Is treise dúchas ná Oiliúimt