Tá na carachtair sa saothar seo bunaithe ar shamhlaíocht an údair…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: cén chaoi a gcruthaítear carachtair fhicseanúla?

Tá na carachtair sa saothar seo bunaithe ar shamhlaíocht an údair…

‘Tá na carachtair sa saothar seo bunaithe ar shamhlaíocht an údair agus níl aon tagairt do dhaoine beo i gceist.’

Feicfidh tú ráiteas mar sin ag tús nach mór gach saothar ficsin.

Gach seans go mbíonn an líne chéanna sin ar cheann de na línte is ficseanúla i saothar ficsin ar bith.

Ní féidir rud éigin a chruthú as neamhní. Bíonn carachtair fhicseanúla bunaithe ar dhaoine beo (nó a bhí beo tráth) i gcónaí.

Níl sa nóta séanta sin i dtosach an leabhair ach cosaint i gcoinne cásanna clúmhillte agus leabhail.

Ach cén chaoi a ndéanann tú carachtar ficseanúil de dhuine arb(h) ann dó san fhíorshaol? Ag deireadh an lae ní ficsean ach beathaisnéis a bheadh i saothar a dhéanfadh léiriú tréith ar thréith agus focal ar fhocal ar dhuine arb(h) ann dó dáiríre.

An bealach is coitianta chun carachtar ficseanúil a chruthú ná tréithe daoine éagsúla ón bhfíorshaol a mheascadh lena chéile.

Sampla. Ar thriúr cairde de mo chuid a bhunaigh mé duine de na príomhcharachtair san úrscéal deireanach a raibh mé ag plé leis.

An chéad duine acu sin, spreag sé an chuid is mó de phlota an úrscéil, ach níor úsáid mé ach corrthréith phearsantachta dá chuid agus corrghné dá chúlra teaghlaigh agus de scéal a shaoil.

An dara duine acu ba mhó a spreag pearsantacht agus stíl chainte an charachtair fhicseanúil.

An tríú duine acu, spreag sé an chuid is mó de thréithe fisiciúla an charachtair.

Deirimis gur spreag an chéad duine de na cairde sin 20 faoin gcéad, an dara duine 80 faoin gcéad agus an tríú duine 10 faoin gcéad de mo phríomhcharachtar.

Ach seacht mbliana tar éis dom an carachtar sin a chruthú an chéad lá riamh agus an eagarthóireacht ar fad críochnaithe, bhí 110 faoin gcéad agam. Cosúil le cáca milis, cé

go bhféadfaí mo thriúr cairde a aithint sa táirge deiridh, bhí níos mó i gceist leis an iomlán ná na comhábhair éagsúla curtha le chéile. Fear úrnua a bhí sa charachtar, gan aon mháistir air ach é féin.

Carachtar ficseanúil.

Bunaithe orm féin den chuid is mó atá an príomhcharachtar eile san úrscéal céanna, agus leis sin táimid tagtha chuig bealach coitianta eile chun carachtair fhicseanúla a chruthú – agus, leis, chuig ceist a bhíonn faoi chaibidil go mion minic i saol na litríochta na laethanta seo.

Ceann de na chéad rudaí a chuirtear ar do shúile duit agus cúrsaí litríochta á bplé ar scoil ná seo: ní cóir glacadh leis gurb ionann an t-údar agus pé carachtar ficseanúil i saothair an údair sin a bheadh cosúil leis.

Ach san fhicsean comhaimseartha, tá an líne idir údar agus carachtar ficseanúil ag éirí níos tanaí in aghaidh an lae.

Go deimhin, seánra ann féin a bhfuil borradh mór faoi le deich mbliana anuas atá san ‘féinfhicsean’: samplaí maithe is ea an t-úrscéal On Earth We’re Briefly Gorgeous le Ocean Vuong a bhí faoi chaibidil sa cholún seo an tseachtain seo caite agus an tsraith My Struggle le Karl ØvKnausgård.

Faoi na saineolaithe a fhágfaidh mé é breith a thabhairt amach anseo faoin úrscéal deireanach sin agam – ficsean nó féinfhicsean? – ach is cinnte gur ficsean a theastaigh uaim a scríobh.

Ní hionann agus an príomhcharachtar sin a bhunaigh mé ar thriúr de mo chuid cairde, níl pearsantacht an phríomhcharachtair a bunaigh mé orm féin bunaithe ach ar dhuine amháin: mé féin. Ach d’fhonn a chinntiú gur fear ann féin a bheadh sa charachtar ficseanúil seachas fear ionaid domsa bhronn mé post air atá go hiomlán éagsúil ó mo phost féin.

Cuid lárnach den phlota atá sa phost céanna agus cuid lárnach de phearsantacht an charachtair atá ann, leis (ar cheann de na chéad leathanaigh, deir an carachtar gur ‘pósta lena phost’ atá sé.) An tslí bheatha sin, móide roinnt tréithe fisiciúla agus gnéithe cúlra nach bhfuil i gcoiteann againn, a chinntigh go bhfuil an príomhcharachtar sin éagsúil a dhóthain uaim féin.

Focal scoir.

Is fánach an áit a bhfaighfeá na comhábhair do charachtar ficseanúil. (An lá cheana, rith sé liom go ndéanfadh bean nár casadh orm riamh ach a mbíonn cara de mo chuid de shíor ag caint uirthi carachtar maith i ngearrscéal.)

Coinnigh do chluasa agus do shúile ar oscailt. Coinnigh nótaí. Ach cuimhnigh nach ionann na comhábhair éagsúla agus an cáca críochnaithe: caithfear tréithe pearsantachta ón bhfíorshaol a bhácáil in oigheann na samhlaíochta.

Fág freagra ar 'Tá na carachtair sa saothar seo bunaithe ar shamhlaíocht an údair…'

  • Pól Ó Braoin

    Deá-chomhairle cheapfainn. Bhí mé ag smaoineamh ar rud beag eicint a chaitheamh le chéile, agus an chomhairle san alt sin agam déanfaidh mé amhlaidh, muis…