Tá tuairimíocht a dheimhnigh arís nach bhfuilimid i bhfoisceacht scread asail de chomhthuiscint faoin gcostas a bhainfeadh le hathaontú na tíre spreagtha ag John Fitzgerald agus Edgar Morgenroth.
Mheas an bheirt i dtuairisc a foilsíodh Déardaoin go mbeadh ar an rialtas idir €10 mbilliún agus €20bn a chaitheamh gach bliain ar athaontú na tíre.
D’admhaigh siad go raibh a meastachán bunaithe ar thuiscint go mbeadh gach rud mar an gcéanna ó thaobh airgeadais de dá n-athaontófaí an tír, ach amháin go mbeadh billí rialtais an Tuaiscirt á n-íoc ag an rialtas i mBaile Átha Cliath.
Níor chuir an bheirt san áireamh an dea-thionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athaontú ar gheilleagar lag an Tuaiscirt, ná toil rialtas na Breataine margadh tacúil airgeadais a dhéanamh le rialtas na hÉireann. Níor thugadar buille faoi thuairim ach oiread faoin tacaíocht a thabharfadh an tAontas Eorpach don Tuaisceart de thoradh an ghealltanais a d’iarr agus a fuair Enda Kenny go bhfáilteofaí ar ais roimh an Tuaisceart san AE i gcás athaontaithe.
Thug bearnaí dá leithéid deis do Shinn Féin agus do shaineolaithe acadúla a rá go raibh meastachán na beirte lochtach. Ní foláir a rá mar chosaint ar a saothar áfach nár chóir a bheith ródhian ar mheastachán nár thomhais rudaí dothomhaiste.
Ní féidir leithéid na mórábhar éiginnteachta a d’fhág Fitzgerald agus Morgenroth as a n-áireamh a réiteach toisc nach bhfuil lá na haontachta ná fiú féidearthacht athaontaithe cóngarach.
Níl pobalbhreitheanna ag léiriú fós go bhfuil an céatadán de phobal an Tuaiscirt atá i bhfabhar athaontaithe ag teannadh le móramh. Léiríonn a bhformhór áfach gur dóigh le móramh go mbeidh an tír aontaithe uair éigin amach anseo.
Ar ndóigh ní hionann tuairim faoi fhéidearthachtaí sa todhchaí agus tacaíocht do rogha faoi láthair. Ní cóir neamhshuim a dhéanamh áfach de bharúil chomh bunúsach faoi athrú a shíltear a fheicfear amach anseo. Níl athaontú ar na bacáin sa ghearrthéarma (abair as seo go ceann deich mbliana) ach cuimhnigh ar na hathruithe gan choinne abhus agus i gcéin a tharla le tamall anuas.
Ar shíl mórán deich mbliana roimh ré:
Go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe a haimhleas le vóta Breatimeachta in 2016?
Go dtoghfadh Meiriceánaigh cladhaire chomh mínáireach le Trump mar uachtarán an bhliain chéanna?
Go mbeadh fir nár bhuaigh olltoghchán, fiú, mar cheannairí páirtí i gceannas ar rialtais i mBaile Átha Cliath, i Londain, i nDún Éideann agus i gCaerdydd in 2024?
Ní cóir ach oiread neamhshuim a dhéanamh den réamhobair fhada a theastaíonn sarar féidir athaontú a phlé ar bhonn réalaíoch.
Chuir saothar Fitzgerald agus Morgenroth tús le díospóireacht eile gan mhaith sa Phoblacht ar cheist mhór nach féidir a fhreagairt: an mbeifeá sásta cáin bhreise a íoc chun €20bn sa bhliain a chaitheamh ar athaontú na tíre? Nó €3bn mar a deir saineolaithe eile, nó thart ar €6bn mar a deir dream eile? Is féidir gach meastachán a chosaint agus a cháineadh, ach dáiríre ní fiú an tairbhe an t-achrann.
Is léir áfach an baol go dtarraingeoidh plé dá leithéid aird ó scata ceisteanna eile ar fiú iad a iniúchadh san idirlinn, idir seo agus reifreann ar athaontú. Bímis buíoch mar sin go bhfuil cuid den réamhthaighde a bheidh riachtanach á dhéanamh ag saineolaithe eile faoi choimirce togra a bhunaigh Acadamh Ríoga na hÉireann, togra ar a dtugtar ARINS (‘Analysing and Researching Ireland North and South’). An phríomhaidhm: taighde a fhoilsiú a dhéantar ar bhonn neamhchlaonta ar an dá thaobh den teorainn ar chúrsaí bunreachta, eacnamaíochta, sláinte, oideachais agus ar mhórán ábhar eile.
Tá cur síos ar an togra in alt a foilsíodh ar Tuairisc anuraidh anseo.
Ní fios cén uair a athaontófar an tír, nó an aontófar arís í am ar bith. Sin ráite, b’fhearr don stát ina bhfuil móramh i bhfabhar aontachta (63 faoin gcéad i bhfabhar agus a sé déag faoin gcéad i gcoinne, de réir an tsuirbhé is deireanaí) ullmhú go ciúin agus go tomhaiste don fhéidearthacht.
Tá Sinn Féin ag moladh go mbunófaí tionól saoránach chun athaontú a iniúchadh ach ní beag an chúis amhrais nach mbeadh a leithéid d’eagras oiriúnach don obair fhada chasta a theastaíonn. Cibé eagras a bhunófar áfach, léirigh an díospóireacht a spreag John Fitzgerald agus Edgar Morgenrothe an riachtanas.
Is é sin más mian linn beart a dhéanamh de réir bhriathra an Bhunreachta agus má thagann deis iad a chur i bhfeidhm amach anseo.
Fág freagra ar 'Tá athaontú na tíre chomh héiginnte lena chostas ach tuilleann sé fiosrú tomhaiste'