Dá mbeadh fíordhíospóireacht thomhaiste ann faoi athaontú na hÉireann

Ní gan dua a shocrófar cé mar is fearr an plé a theastaíonn ar na hábhair go léir a bhaineann le hathaontú a phleanáil

Dá mbeadh fíordhíospóireacht thomhaiste ann faoi athaontú na hÉireann

An féidir teacht ar chomhréiteach idir moladh Shinn Féin go mbunófaí tionól saoránach chun Éire aontaithe a phlé agus tuairim an rialtais nach toradh fiúntach ach a mhalairt a bheadh ar a leithéid?

Ní féidir ar ndóigh, faoi láthair. Tar éis an olltoghcháin, áfach, ní bheadh iontas ar mhórán dá mbeadh na páirtithe sa chéad chomhrialtas eile toilteanach teacht ar chomhthuairim maidir le plé struchtúrtha éigin ar athaontú.

Ní gan dua, áfach, a shocrófar cé mar is fearr an plé a theastaíonn ar na hábhair go léir a bhaineann le hathaontú a phleanáil. Ní tearc na bunroghanna maidir le prionsabail, polaitíocht agus polasaí.

Ar chóir an tír a aontú go hiomlán, nó arbh fhearr struchtúr rialtais a choimeád sa Tuaisceart? Ar cheart an Garda Síochána agus an PSNI a aontú go hiomlán nó an mbeadh dhá fhórsa níos éifeachtaí? An gcoinneofar na seirbhísí sláinte ar an dá thaobh den teorainn mar atá siad nó ar chóir iad a aontú ó bhun go barr? An mbeidh brat agus amhrán náisiúnta nua ag an stát aontaithe, nó an gcoinneofar Amhrán na bhFiann agus an Trídhathach?

Níl sna roghanna seo ach samplaí de na hábhair a bheadh ar an gclár mór oibre a gcaithfí aghaidh a thabhairt air dá mbeadh athaontú, nó seans ar athaontú, ar na bacáin amach anseo.

Dúisíonn an liosta ceist níos bunúsaí: ar chóir socruithe faoi stát aontaithe a dhéanamh roimh reifrinn ar athaontú thuaidh agus theas, nó (dá vótálfaí i bhfabhar) ina ndiaidh?

Dá dtosódh fíordhíospóireacht thomhaiste ar athaontú, bheadh roghanna móra le meá chomh maith le lear ollmhór ábhar.

Ní léiríonn pobalbhreitheanna fós go bhfuil móramh, gan trácht ar mhóramh seasmhach, i bhfabhar aontais, ach amach anseo cá bhfios? Deich mbliana ó shin ní raibh vóta Breatimeachta á thuar ag mórán thall, ná olltoghchán á phlé abhus ina mbeadh dóchas réasúnta ag Sinn Féin go mbeadh ceannaire an pháirtí in oifig an Taoisigh ina dhiaidh.

Ní haon dochar é mar sin go bhfuil na roghanna casta a d’fhéadfadh a bheith romhainn luath nó mall á meá ar bhonn leanúnach ag saineolaithe ón dá chuid den oileán agus ó institiúidí léinn i dtíortha eile. A mhalairt go deimhin tharla nach bhfuil ina saothar, dá fheabhas é, ach réamhthochailt i ngort nach bhfuil treafa ina aon chor ag na polaiteoirí.

Bhunaigh Acadamh Ríoga Éireann togra ar a dtugtar ARINS (‘Analysing and Researching Ireland North and South’) dhá bhliain ó shin. An phríomhaidhm: tacú le taighde ar chúrsaí bunreachta, eacnamaíochta agus sóisialta agus ar mhórán ábhar eile – sláinte, oideachas, cearta daonna srl.

Fógraítear go soiléir ar shuíomh an togra ar an idirlíon nach bhfuiltear ag iarraidh aidhm pholaitiúil ar bith a chur chun cinn ná a chur as an áireamh. Is é cuspóir ARINS, a deirtear, feabhas a chur ar an gcaighdeán díospóireachta agus cinnteoireachta a bhaineann le gach féidearthacht.

D’fhreastail an scríbhneoir seo ar chruinnithe éagsúla a reáchtáil stiúrthóirí an togra chun tuairimí na saineolaithe a phlé. De ghnáth bíonn riail Chatham House i bhfeidhm – riail a cheadaíonn tuairisc ar an gcaint ar choinníoll nach luaitear ainmneacha na gcainteoirí.

Ní raibh an riail i  bhfeidhm áfach ag díospóireacht ghinearálta le gairid inar iarradh ar chainteoirí tuairimí a nochtadh faoi staid agus faoi chruth na tíre in 2033 agus faoin athrú ba chóir agus/nó is dóichí a fheicfear idir an dá linn.

Dúirt Brendan O’Leary, ollamh le polaitíocht in Ollscoil Pennsylvania (agus údar ‘Making Sense of United Ireland’ – an cíoradh is doimhne a rinneadh go dtí seo ar na roghanna thuas), go raibh an dóchúlacht go n-athaontófar an tír ag neartú mar gheall ar Bhreatimeacht agus neartú an gheilleagair sa Phoblacht. Chuir sé fainic lena thuairim áfach: ní hionann dóchúlacht agus cinnteacht.

Dúirt Deirdre Heenan, ollamh le polasaí sóisialta in Ollscoil Uladh (a bhfuil dianstaidéar déanta aici don togra ar chomhoibriú sláinte trasteorann), go raibh muinín á cailliúint ag an bpobal ó thuaidh as córas rialtais atá as feidhm arís. Mar gheall ar easpa athmhuintearais, tá imní uirthi nach neartú comhthuisceana idir an dá chuid den oileán atá romhainn ach ‘pósadh éigeantach’ nach mbeidh rath air.

Ní dóigh le Michael Kerr ó Choláiste Ollscoile Londan go mbeidh rialtas na Breataine níos toilteanaí ná an pobal aontachtach roinnt na cumhachta a athbhunú. Ceapann sé gur comh-údarás Breataineach-Éireannach, de facto seachas de jure, a chuirfear i  bhfeidhm.

Dúirt Cathy Gormley-Heenan, ollamh le polaitíocht in Ollscoil Uladh, gur síleadh i dtosach tar éis síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta gurbh eiseamláir réitigh é do thíortha eile. Le himeacht aimsire áfach táthar ag teacht ar thuiscint níos doimhne ag ar an obair dhian achrannach atá riachtanach fós leis an gComhaontú a fhorbairt mar is gá.

Níl sna habairtí thuas ach blaiseadh beag de na tuairimí a pléadh ag an gcruinniú. Déanta na fírinne, is tábhachtaí ná tuairimíocht ghinearálta an taighde agus an anailís atá ar bun faoi choimirce ARINS.

B’fhéidir nach n-athaontófar an tír go deo. Nó b’fhéidir go mbrostódh fórsaí éagsúla (méadú eile ar phobal Caitliceach an Tuaiscirt, lagú leanúnach gheilleagar na Breataine agus forbairt eacnamaíochta na Poblachta) teacht lá na haontachta ar dhóigh nach féidir a thuar faoi láthair.

Cibé cruth a bheidh ar an oileán áfach i gceann deich mbliana nó i gceann céad bliain, is fearr féidearthachtaí a chíoradh agus a mheá ná a mhalairt.

Rachaidh an cur is cúiteamh staidéartha atá ar bun faoi scáth Acadamh Ríoga Éireann chun tairbhe do mhuintir uile na tíre, thuaidh agus theas.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh fíordhíospóireacht thomhaiste ann faoi athaontú na hÉireann'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ba mhaith liom Éireann aontaithe a fheiceáil faoi Rialtas ar son na beatha. Gan á reáchtáil ag Aindiachaithe.