Fuair an rí bás agus ansin fuair an bhanríon bás le brón – sin plota…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: céard is ‘plota’ ann – agus cén chaoi a gcruthaítear ceann?

Fuair an rí bás agus ansin fuair an bhanríon bás le brón – sin plota…

Fuair an rí bás agus ansin fuair an bhanríon bás, sin scéal; fuair an rí bás agus ansin fuair an bhanríon bás le brón, sin plota.’

Gach seans go bhfaca tú an frása clúiteach sin ó pheann an úrscéalaí ón mBreatain E.M. Forster cheana. Ba dheacair teacht aníos le sainmhíniú níos fearr ar céard is plota ann: sraith eachtraí a bhfuil ceangal ‘cúis agus éifeacht’ eatarthu.

Ní haon E.M. Forster mise, ach mar sin féin, seo mo shainmhíniú féin ar an gcoincheap:

Plota, sin é an fórsa a thugann ar an léitheoir leathanach i ndiaidh leathanach a thiontú.

Níl aon rud rúndiamhrach faoin bhfórsa céanna. Teastaíonn ón léitheoir a fháil amach céard a tharlaíonn sa deireadh. An bpósfaidh A agus B? An éireoidh le Y díoltas a bhaint amach sa deireadh thiar thall ar Z?

Sainmhíniú eile a d’fhéadfá a thabhairt ar phlota ná ‘cnámha an scéil’, agus leis sin táimid tagtha chuig an deacracht is mó a bhaineann le plotaí – i mo thaithí féin, pé scéal é.

Is é an chaoi nach maith le léitheoirí – gan trácht ar fhoilsitheoirí – go mbeadh cnámha an scéil le feiceáil.

Bíodh is nach bhfuil aon rud rúndiamhrach faoin bhfórsa a thugann ar an léitheoir na leathanaigh a thiontú, teastaíonn ón léitheoir céanna a bheith curtha faoi dhraíocht.

Ar an gcúis sin, caithfear an plota a chur i bhfolach; caithfear feoil a chur ar chnámha an scéil.

Cén chaoi a ndéantar sin?

Déantar idirdhealú go minic idir saothair atá bunaithe ar phlota, agus saothair atá bunaithe ar charachta(i)r.

Tá 99 faoin gcéad de na saineolaithe ar aon tuairim faoi gur fearr an cineál deireanach.

Má chruthaíonn tú na carachtair ar dtús agus má ligeann tú do phearsantachtaí, do mhianta agus do choimhlintí inmheánacha na gcarachtar sin an plota a spreagadh, beidh sé i bhfad níos éasca feoil a chur ar chnámha an scéil – go háirithe má chuireann tú roinnt driseacha sa chosán ar na carachtair: na coimhlintí seachtracha. Beidh cuma nádúrtha ar shaothar den chineál sin toisc gurb iad na carachtair a spreag an plota, seachas an bealach eile timpeall.

Ní hé sin le rá, áfach, nach féidir nó nach ceadmhach plota a chumadh ar dtús agus carachtair a chruthú ina dhiaidh sin a d’oirfeadh don phlota sin. Go deimhin tá a leithéid déanta agam féin uair nó dhó, agus cé gur éirigh le dornán de na hiarrachtaí sin, níor éirigh chomh maith céanna le roinnt eile.

An tátal a bhain mé féin as na tástálacha sin go n-éiríonn ó am go chéile leis an gcur chuige ‘bunaithe ar phlota’ i gcás saothar atá an-ghearr, ach gur fearr ligean do na carachtair an plota a spreagadh i gcás saothar fada.

Fág freagra ar 'Fuair an rí bás agus ansin fuair an bhanríon bás le brón – sin plota…'