‘Fadó, fadó, bhí…’ – ní shin an t-aon bhealach le tús a chur le scéal

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: rogha shábháilte atá san aimsir chaite don scríbhneoir ficsin, ach ní hí an t-aon rogha amháin í

‘Fadó, fadó, bhí…’ – ní shin an t-aon bhealach le tús a chur le scéal

Fadó, fadó… tá a fhios ag chuile pháiste ar domhan gur mar sin a thosaíonn scéalta. Ach – an litríocht don aos an-óg as an áireamh – ní dóigh liom go mbainfeadh scríbhneoir ar bith úsáid as an nath sin dáiríre. Mar sin féin, nach mór go huathoibreach, is san aimsir chaite a thosaíonn cuid mhór scríbhneoirí ficsin ag scríobh nuair a chuireann siad tús le saothar nua.

Rud atá le tuiscint. Tá ár n-aigne réamhshocraithe. Ó ré na seanchaithe anall, tá dlúthcheangal idir an aimsir chaite agus an scéalaíocht. Cinnte, tugann an aimsir chaite le fios gur inné, an mhí seo caite, anuraidh nó trí mhíle bliain ó shin a tharla pé eachtra atá á ríomh. Ach saghas foirmle dhraíochta atá inti lena chois, cód intuigthe idir scéalaí agus éisteoir, idir scríbhneoir agus léitheoir: cogar, ficsean atá sa mhéid atá á insint agam! Ní gá gur tharla sé, ach d’fhéadfadh sé tarlú…

Rogha shábháilte atá san aimsir chaite don scríbhneoir ficsin, mar sin, ach ní hí an t-aon rogha amháin í.

An aimsir láithreach an rogha eile.

Scríbhneoirí na sean-Róimhe a fuair amach go bhfuil buntáiste ar leith ag baint leis an aimsir láithreach thar an aimsir chaite chun scéal a insint. Bhaineadh siad úsáid as an praesens historicum (‘aimsir láithreach na scéalaíochta’) chun beocht agus teannas sa bhreis a chothú agus eachtraí a tharla san am a caitheadh á ríomh acu. Ní de thaisme a thugtar ‘an aimsir láithreach’ ar an aimsir láithreach: mothaíonn an léitheoir go bhfuil sé ‘i láthair’.

Tá tóir ag scríbhneoirí an lae inniu ar an aimsir láithreach freisin. Agus scéal á scríobh san aimsir láithreach agat, tugann chuile abairt bheo steall aidréanailín duit: mothaíonn tú go bhfuil nós seanbhunaithe – gur san aimsir chaite a scríobhtar saothair ficsin – á bhriseadh agat. Faraor, tá a leithéid déanta ag oiread scríbhneoirí faoin am seo go bhfuil seanbhlas ag teacht ar an aimsir láithreach féin. Tá rabhadh curtha ar leathanach iarratas a suímh ag, ar a laghad, comhlacht foilsitheoireachta amháin i mo thír dhúchais, an Ísiltír, nach nglacfaidh siad le haon saothar san aimsir láithreach.

Ní chuig an gcomhlacht áirithe sin a chuir mé m’úrscéal deireanach féin, mar sin, óir is san aimsir láithreach a scríobh mé é. Céasadh a bhí i gceist aimsir na hinsinte sa saothar sin ón tús.

Ceann de na míbhuntáistí a bhaineann leis an aimsir láithreach ná go dtarraingíonn sí aird uirthi féin díreach toisc nach í an ghnáthaimsir í ina n-insítear scéalta. Lena chois sin, tugann abairt san aimsir láithreach an steall aidréanailín céanna don léitheoir agus a thugann sí don scríbhneoir, agus bíonn an tionchar céanna ag úsáid leanúnach na haimsire láithrí agus a bhíonn ag cupán espresso i ndiaidh cupán espresso: fágann sé an léitheoir corraithe, agus sa deireadh, spíonta.

Ní fios cá mhéad uair a chuimhnigh mé ar an úrscéal ar fad a athscríobh ón tús san aimsir chaite. Ach ansin chuimhnínn ar an radharc deireanach, nach n-oibreodh ach san aimsir láithreach amháin (ar chúis atá róchasta don cholún seo atá ag éirí rófhada cheana féin.) Ar mhaithe le haonacht téacs an úrscéil, chloígh mé leis an aimsir láithreach síos tríd, ach chinntigh mé go dtabharfadh spléachadh siar san aimsir chaite sos don léitheoir ó am go chéile.

Go hachomair, seo an chomhairle a bheadh agam maidir le haimsir na hinsinte i saothair ficsin: ná déan dearmad go bhfuil rogha agat an aimsir láithreach a úsáid in ionad na haimsire caite – ach má roghnaíonn tú an aimsir láithreach, bí cinnte go bhfuil cúis mhaith agat leis.

Fág freagra ar '‘Fadó, fadó, bhí…’ – ní shin an t-aon bhealach le tús a chur le scéal'