Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Comórtas

Tá comórtas breá againn daoibh an tseachtain seo. Cúig chóip den leabhar atá bunaithe ar an scannán ‘Amhrán na Mara’ agus cúig dhlúthdhiosca ar a bhfuil fuaimrian an scannáin atá le buachtaint an tseachtain seo. Níl oraibh ach dul go dtí an leathanach Facebook seo againn chun a thuilleadh eolais a fháil faoi agus a bheith istigh air.

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Beidh painéal scríbhneoirí Tuairisc.ie ar an bpeann arís thar an deireadh seachtaine, ina measc, Póilín Ní Chiaráin, Alex Hijmans, Mártan Ó Ciardha, John Allen, Pádraic Ó Ciardha, agus Sara Ní Chuirreáin.

Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo…

Ronán Ó Domhnaill

  1. ‘Cúis mhór mhíshástachta’ don Choimisinéir Teanga iad ‘sloinnte Béarla’ Eircode

Tá an Coimisinéir ag iarraidh ar aon duine atá míshásta le húsáid na Gaeilge ar an gcóras nua postchód teagmháil a dhéanamh lena Oifig

 

Sydney_harbour_bridge_new_south_wales

  1. Deacrachtaí fostaíochta ag iardhalta Gaelscoile san Astráil mar gheall ar ‘easpa Béarla’

Ní chláródh an Australian Health Practitioners Regulation Agency altra óg Éireannach mar ba i nGaeilge a fuair sí a cuid scolaíochta sa tír seo

 

Pic TG4

  1. Conspóid ar líne faoi fhógra ‘nua’ TG4 – ocht mbliana i ndiaidh a dhéanta

Bhuaigh an fógra do chraobhchomórtas peile na mban duais in 2007, ach tá díospóireacht anois faoi cé acu an bhfuil sé ‘tarcaisneach’ nó nach bhfuil

 

Nach-deas-é-770x385

  1. Nach deas é? Bhí caobach air…

‘Nach deas é?’: mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

 

Amú Yoda

  1. Amú san aistriúchán…(24)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

A ndúirt siad…


Tá an Cogadh in Aghaidh na Sceimhlitheoireachta ann, agus an Cogadh in Aghaidh Drugaí. Feachtas nach bhfuil chomh hiomráiteach céanna ná an Cogadh in Aghaidh an Turscair. B’ait leat sin, nuair is é an t-aon chath acu atá á bhuachan. Antain Mac Lochlainn


An phríomhcheist ná “céard is íospartach ann?” Shílfea go bhféadfadh cait an bhaile an cheist sin a fhreagairt ach is údar mór easaontais í i dTuaisceart Éireann. Póilín Ní Chiaráin


Agus ba iad na tíortha is cosúla leis an nGréig ó thaobh cheist na bhfiacha de – is iad sin Éire agus an Spáinn – a bhí chun tosaigh ag léiriú seirfin is naimhdis. Go deimhin, níl aon pháirtí ann a raibh an oiread ríméid orthu faoin scéal is a bhí ar Pháirtí an Lucht Oibre seo againne. Eoin Ó Murchú


Ainneoin na mbriathra milse a bhí sa treis nuair a shroich Tiobraid Árann cluiche ceannais peile faoi bhliain is fiche na hÉireann san earrach, beidh tamall fada eile ann sara mbeidh toil iomlán an chontae in aon áit eile ach leis na camáin sa bhfómhar. Ní scéal aon chontae amháin é seo ach an oiread. Dara Ó Cinnéide

Físeán na Seachtaine:

Scéal eisiach eile ag Ar Son na Cúise agus ag ASNC amháin – The Aire Tapes 2. An scúp is mó i saol iriseoireacht na Gaeilge ó The Aire Tapes 1. Conas ‘tá ag éirí le Joe McHugh agus Enda? Éistigí le ‘The Aire Tapes 2’ agus neosfar gach rún.

Screen Shot 2015-07-23 at 19.15.48

 

Agus sin é ár mbuille tugtha an tseachtain seo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie