Ó chacphost go turscar – ‘spamadóirí’ na Gaeilge

FRIOTAL: An amhlaidh go bhfuil tuiscint an-chaolchúiseach ag lucht an turscair ar an chaidreamh shiombalach idir an tÉireannach agus a phríomhtheanga oifigiúil?

Cartún antain

Tá an Cogadh in Aghaidh na Sceimhlitheoireachta ann, agus an Cogadh in Aghaidh Drugaí. Feachtas nach bhfuil chomh hiomráiteach céanna ná an Cogadh in Aghaidh an Turscair. B’ait leat sin, nuair is é an t-aon chath acu atá á bhuachan. De réir an chomhlachta slándála Symantec, is teachtaireachtaí turscair a bhí i 46.4% den 25 billiún teachtaireacht ríomhphoist a ndearnadh scagadh orthu i mí Iúil. Siúd é an céatadán is ísle le dhá bhliain déag.

I dtosach na bliana 2009 a cuireadh chugam mo chéad slám turscair i dteanga Bhríd agus Phádraig – prionsa de chuid na Nigéire a cuireadh ó oidhreacht go héagórach agus a bhí ag iarraidh a shaibhreas saolta a lóisteáil i mo chuntas bainc ar feadh tamaill. Rinne mé mo sháith gáire faoi, agus ní fhéadfainn gan meas a bheith agam ar chalaoiseoirí a raibh sé de chúirtéis acu féachaint le bob a bhualadh orm i mo rogha teanga.

Bhí iarracht láidir de Yu Ming is Ainm Dom in obair cuid de na ‘spamadóirí’. A chomhartha sin ollfheachtas turscair a bhí ann sa bhliain 2012. Seoladh teachtaireachtaí chuig na mílte Éireannach ag insint dóibh go raibh El Gordo – an duais is mó i gcrannchur na Spáinne – buaite acu. I mBéarla agus i nGúgal-Ghaeilge a scaipeadh an dea-scéal. Seans gur mheas na calaoiseoirí go mbíonn an Ghaeilge riachtanach i gcomhair cumarsáid éifeachtach le hÉireannaigh. Nó an féidir go ndeachaigh siad i muinín na Gaeilge le séala oifigiúil a chur ar an chomhfhreagras? Más amhlaidh atá, bhí tuiscint an-chaolchúiseach acu ar an chaidreamh shiombalach idir an tÉireannach agus a phríomhtheanga oifigiúil.

Bhí an turscar Gaeilge ina nuacht ar feadh tamaill agus mheasamar gur dea-chomhartha a bhí ann, ar shlí – cruthúnas go raibh ár n-áit féin sa chibearspás bainte amach againn. Mar seo a scríobh Conchubhar Ó Liatháin ar a bhlag siúd:

“Is é seo an teist is cinnte go bhfuil an Ghaeilge beo. Ná bac le suirbhéanna is eile – nó tá ‘spam’ ag teacht chugham as Gaeilge anois.”

Bhí a ainm díreach féin ag Conchubhar ar an fheiniméan chéanna: ‘cacphost’. Bhí ‘dramhphost’ in úsáid ar feadh tamaill fosta – aistriúchán díreach ar junk mail. Le fírinne, ní hionann ar fad junk mail agus spam, i mbéarlagair na saineolaithe ar aon nós. Glaoitear spam ar theachtaireachtaí a sheoltar amach chuig gach duine in oll-liosta seoltaí ríomhphoist ag tathant orthu sonraí bainc a sholáthar, cliceáil ar cheangaltán srl. Is é a bhíonn sa junk mail fógraí nó ábhair phoiblíochta a sheoltar gan iarraidh go seoltaí ríomhphoist nó go tithe cónaithe. Cibé faoi sin, ba é turscar a thug an svae leis i gcath na dtéarmaí.

Tá stair chultúrtha an turscair scríofa ag Meiriceánach darb ainm Brian Krebs. An cheist is bunúsaí a chuirtear sa leabhar Spam Nation ná cad is turscar ann? De réir an tsainmhínithe thuas, is turscar atá sna teachtaireachtaí a chuireann brúghrúpaí amach chuig oll-liostaí ag iarraidh ar dhaoine achainíocha a shíniú. ‘Gníomhaíocht pholaitiúil’ a thabharfadh daoine eile air sin. Fiú rud chomh suarach le ‘cacphost’, bíonn cluichí cumhachta á n-imirt timpeall air.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Ó chacphost go turscar – ‘spamadóirí’ na Gaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cé a bheadh bómánta go leor lena gcuid sonraí bainc a sheoladh ar ríomhphost? Nach n-insíonn na hinstitiúidí airgeadais agus na Gardaí dúinn go minic gan a leithéid sin a dhéanamh?

    Ó thaobh na ‘gníomhaíochtaí pholaitiúla’ agus na ‘brúghrúpaí’ de, tá mé lánsásta oiread achainíocha agus is mian liom a shíniú – go háirithe nuair a bhíonn tionchar acu ar chúrsaí polaitíochta agus timpeallachta an domhain seo.

    Bí ar an eolas go bhfuil ollchomhlachtaí sa domhain seo ag ceannacht rialtais sa dóigh is go dtig leo a gcuid praifid agus a gcuid maoine a mhéadú agus gan coinsias ná aird ar bith acu ar an deighilt ollmhór atá ag tarlú eatarthu siúd leis an airgead agus iad siúd ar an ngannchuid. Is modh atá sna hachainíocha chun ‘cumhacht’ a thabhairt do na gnáth dhaoine le go n-éisteofaí leo. Ádh mór orthu agus fáiltím iad.