Tá sé in am scaradh leis an Euro agus an teach lofa ar fad a leagan go talamh…

Má fhanann muid san Euro táimid ag glacadh leis an déine ar mhaithe le bainc na Gearmáine a tharrtháil – sin an ceacht is mó atá le foghlaim ó theip na Gréige

Press statement of Martin SCHULZ - EP President and Alexis TSIPRAS, Prime Minister of Greece
Príomh-Aire na Gréige, Alexis Tsipras le Martin Schulz

Ní nach ionadh go bhfuil páirtithe na déine, ar fud na hEorpa agus in Éirinn go háirithe, ag baint suilt as an scéal gur ghéill an Ghréig amach is amach do na héilimh neamhréalaíocha a bhrúigh an tAontas Eorpach agus Airí Airgeadais an limistéir Euro orthu.

Tá siad ag maíomh go gcruthaíonn sé sin nach bhfuil aon rogha ann ach an déine.

Gan dabht is é an baol go mbeadh an Ghréig ina sampla do na tíortha eile atá faoi chois ag an déine ba chúis leis an nGearmáin a bheith meáite ar an nGréig a náiriú.

Mar a dúirt Príomh-Aire na Gréige, Alexis Tsipras, ní raibh de rogha aige ach droch-mhargadh nó tubaiste.

Roghnaigh sé an drochmhargadh cé go dtuigeann sé nach féidir leis an nGréig na fiacha reatha a aisíoc, gan trácht ar fhiacha breise. Tá vóta cróga mhuintir na Gréige sa reifreann curtha ar ceal aige, féinmheas an phobail curtha ó mhaith, agus baol mór ann go scoiltfear Syriza.

Ní dúirt oiread is feisire amháin de chuid Syriza gur margadh maith a bhí ann, agus thréig 38 feisire an páirtí tar éis an vóta ar na beartais déine. Táthar ag iarraidh aontacht an pháirtí a choinneáil slán ach tá aimhreas ann go mbeidh siad in ann.

Rud atá soiléir anois ná nach cumann dlúthpháirtíochta é tAontas Eorpach. Tá sé ann le freastal ar riachtanais eacnamaíochta mhórchomhlachtaí domhanda na hEorpa agus ní cheadaítear do chearta oibrithe ná náisiún teacht salach ar na riachtanais sin.

Maidir leis an nGréig, fágadh leis féin í, ar leithlis, ina haonar. Agus ba iad na tíortha is cosúla leis an nGréig ó thaobh cheist na bhfiacha de – is iad sin Éire agus an Spáinn – a bhí chun tosaigh ag léiriú seirfin is naimhdis.

Go deimhin, níl aon pháirtí ann a raibh an oiread ríméid orthu faoin scéal is a bhí ar Pháirtí an Lucht Oibre seo againne.

Ach is é an rud is measa faoin scéal ná go dtuigeann gach éinne nach n-éireoidh leis. Ní féidir eacnamaíocht na Gréige a chur ag fás le tuilleadh bearta déine agus an ceathrú cuid dá geilleagar scriosta cheana féin ag a leithéid.

Sea, mura raibh sé d’acmhainn ag an nGréig a gcuid fiach a aisíoc roimh an margadh, is measa go mór an scéal anois agus tuilleadh fiach curtha orthu.

Ná creid mise, ach léigh a bhfuil le rá ag eacnamaithe na tíre seo ar nós Ray Kinsella is Colm McCarthy, ag tráchtairí sa Financial Times nó san Wall Street Journal. Léigh a bhfuil le rá ag an IMF féin, a deir go bhfuil cealú fiach riachtanach.

Cén fáth mar sin go raibh an Ghearmáin chomh diongbháilte faoin scéal? Baineann cuid de le dúil na Gearmáine i bpionós a ghearradh ar an nGréig toisc go raibh sé de dhánacht aici dúshlán na déine a thabhairt.

Ach níos tábhachtaí, baineann an scéal le fiacha stáit a dhéanamh d’fhiacha na mbaincéirí. Cuimhnigh nach ndeachaigh pingin rua den airgead a ‘tugadh’ don Ghréig sa ‘tarrtháil’ seo do mhuintir na Gréige. Úsáideadh é le fiacha na mbainc a aisíoc le bainc Ghearmánacha.

Is í an Ghearmáin a fuair an t-airgead sa deireadh, ach is faoin nGréig atá sé ualach an airgid atá le ‘haisíoc’.

Is léir nach mbaineann an scéal seo le heacnamaíocht na Gréige a shábháil – a mhalairt a bheas mar thoradh air – ach le heacnamaíocht na Gearmáine a shábháil.

Tá an scéal céanna fíor fúinne chomh maith.

Rinne na Gréagaigh dhá bhotún: ar dtús, is cosúil gur chreid Tsipras is a chomrádaithe gur cumann dlúthpháirtíochta a bhí san Aontas Eorpach agus go bhféadfaí tabhairt ar bhallstáit eile a dtuairimí a athrú le hargóintí loighciúla.

Agus sa dara háit, níor thug siad faoi ndear gurb é an Euro féin an fhadhb. Aithníonn eacnamaithe an domhain anois go raibh fabht i gcóras an Euro ón tosach, ach thug na Gréagaigh le fios ag tús an phróisis gur theastaigh uathu fanacht leis an Euro thar rud ar bith eile.

Thar rud ar bith eile!

Ba é an toradh a bhí air sin ná nach raibh aon chumhacht idirbheartaíochta acu nuair a tháinig an chúis go cnámh na huillinne.

Ar ndóigh, ní gá go mbeadh sé ina chatastróf ar fad dá bhfillfí ar an drachma. Cinnte, ní fhéadfadh na fadhbanna a bhaineann le briseadh saor ón Euro a bheith níos measa ná na coinníollacha atá á mbrú ar mhuintir na Gréige anois.

Tá an scéal soiléir: má fhanann muid san Euro táimid ag glacadh leis an déine ar mhaithe le bainc na Gearmáine a tharrtháil. Más mian linn deireadh a chur le déine agus tús aite a thabhairt do riachtanais shóisialta ár muintire féin, caithfidh muid scaradh leis an Euro agus an teach lofa ar fad a leagan go talamh.

Fág freagra ar 'Tá sé in am scaradh leis an Euro agus an teach lofa ar fad a leagan go talamh…'

  • coc

    Sílim go bhfuil lán de cheart agat. Tá cliste ar an €uro anois i ndiaidh a thit amach sa Chipir agus anois sa Ghréig. Níl fághta anois dúinn ach socrú conas éalú ó bheart a cheapadh a bheith do-éalaithe. Ba chóir go mbeadh ár rialtas ag ullmhú don lá úd, ach maraon le rialtas & muintir na Gréige, táimid fós sáite sa rún fanacht leis an €uro “thar rud ar bith eile”.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá an ceart ar fad agat, a Eoin.

  • Macanarí

    Eoin

    Is trua an scéal leis an Ghréig anois ach tá tú mícheart an locht ar an Ghearmáin amháin a thabhairt. Fuair an Ghréig €103bn ón AE idir 1983 – 2012 agus fríd a bpolaiteoirí féin (agus caimiléireacht amach as amach) leis an gheilleagar a mhíbhainistiú a leagan píosa mór den locht….Tá an fhabh níos mó casta ná an an anailís sa sliocht sin thuas.

    Is mise.

  • alan

    Tá borradh millteach faoin nGearmáin agus í ag teacht i dtír ar an ngéarchéim sa Ghréig le fada an lá agus speilp ollmór uirthi dá barr. Féach Fintan O’Toole Irish Times Dé Máirt, mí Iúil 21, 2015. Sciob sceab a bheith ar bhannaí rialtas na Gearmáine agus luach íseal an EURO is bun lena rathúnas. Ní chreideann Schauble ná Merkel sa ‘tarrtháil’ is déanaí agus leanann Schauble den gcaint faoin Grexit. Fós féin mhol siad don Bundestag an pacáiste a ghlacadh chun ‘cuidiú leis an nGréig’! Cúis gháire chugainn. Tuige nach dtostann Schauble faoin Grexit? Cuimhnigh go ndeirtí ní fada ó shin go ndéanfaí ‘gach is gá a dhéanamh’ chun an EURO a tharrtháil. Agus gur airgeadra buan, buanseasmhach é an EURO nach féidir a aisiompó! Tá gliocas thar na bearta sa chaint dháthaobhach seo. Léigh FO Toole thuasluaite. Idir an dá linn tuigtear go dtiocfaidh lá na cinniúna níos shia anonn, nach bhfuil sa phacáiste ach an mhéarfhadachas, sop in áit na scuaibe. Ciceálfar an Ghréig amach, ach bainfear a bhfuil de shócmhainní di ar dtús tríd an bpríobháidiú etc. Tá slad á dhéanamh ag cistí maoine alpacháin idirnáisiúnta faoi láthair ar mhaoin na Gréige. An mó réalt Hollywood agus billiúnaí de chuid SAM a bhfuil oileán Gréagach ceannaithe acu le gairid? Is liosta le háireamh iad. Caithfear i dtraipisí ansin í nuair nach mbeidh faic fágtha. Daonlathas an Aontais Eorpaigh.

  • sean

    ‘Fuair an Ghréig €103bn ón AE idir 1983 – 2012 agus fríd a bpolaiteoirí féin (agus caimiléireacht amach as amach) leis an gheilleagar a mhíbhainistiú a leagan píosa mór den locht…’ Goldman Sachs (dream iontach macánta) a shocraigh é sin dóibh le toiliú agus fios iomlán pholaiteoirí na Gearmáine etc. Níorbh iad coismhuintir na Gréige a fuair é.