Amú san aistriúchán…(24)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

DrochaistriúchánGo raibh míle maith ag gach uile dhuine agaibh a sheol pictiúr isteach chuig nuacht@tuairisc.ie an tseachtain seo – bhain muid an-sult as na haistriúcháin uafásacha.

Ba é pictiúr Aodha i gContae an Chláir sméar mhullaigh an chnuasaigh an tseachtain seo.

An Áit: Trá Cheathrú an Easpaig, Contae an Chláir

An Béarla: Do not leave valuables in your car

An Ghaeilge: Ní luachmhara i do charr a fhágáil

Focal ó na moltóirí:

Taitníonn scannáin chlúiteacha Star Wars go mór linn in Amú san aistriúchán… agus is mór an cion atá againn ar an bhfirín beag glas sin Yoda. Ach mar sin féin, b’fhearr, mar dúirt an té a chuir an pictiúr ar fáil dúinn, gan é a chur i mbun aistriúcháin ar chomharthaí poiblí Chontae an Chláir.

Mholfadh muide ‘Ná fág nithe luachmhara i do charr’ nó, ‘Ná fágtar nithe luachmhara i gcarranna’. 

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(24)'

  • Stilla Mellis

    Ná fág rud ar bith luachmhar sa charr.

    Chuala mé go bhfuil “Paisinéirí ach” le feiceáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath. “Passengers only” a bhí i gceist.

  • alan

    Éinne sásta feachtas péinteála a ghabháil de láimh chun na fógraí breallacha sin a scriosadh ó bhun barr na tíre? Táim dóthanach den aithisiú poiblí seo atáthar a dhéanamh ar an nGaeilge.

  • Bríd

    Céard faoi chomhartha dea-aistrithe nó tuarascáil bhliantúil dhea-aistrithe na seachtaine?

  • Stilla Mellis

    Aontaím leis sin. Diaidh ar ndiaidh tá dea-chleachtas comharthaíochta le feiceáil á chur i bhfeidhm ar fhoirgnimh phoiblí agus an dá theanga ar chomhchéim lena chéile. Ba chóir é a lua leis na húdaráis chuí agus iad a mholadh. Cé go gcuireann na botúin le báiní muid is deas an rud ár dteanga a fheiceáil faoi réim.

  • cormac

    ‘bi i do othar’ (‘be patient’) Fogra leictreonach le haghaidh Bad Farantoireachta Thairbirt, Co Chiarrai. Ni chreideann sibh me?