Coimisinéir nua d’íospartaigh – ní ribín réidh é an gnó

Beifear ag brú agus ag tarraingt as an gCoimisinéir nua ó dhá thaobh na hargóna

An tIar-Choimisinéir d’Íospartaigh, Kathryn Stone

Slán an tsamhail! Bliain agus ráithe ó d’éirigh an Coimisinéir d’Íospartaigh Kathryn Stone as oifig, tá comharba ceaptha ag Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire i Stormont. D’fhógair siad tráthnóna Dé Luain gur cuireadh daoine faoin agallamh deiridh an tseachtain seo caite, gur déanadh ceapachán agus go raibh siad ar tí ainm an Choimisinéara a fhoilsiú.

Ní ribín réidh é an gnó a bheidh le déanamh ag an gCoimisinéir nua ach is mithid a dhul i mbun oibre gan a thuilleadh moille. Tá íospartaigh ag dul in aois agus in éagumas, cuimhní ag imeacht le gaoth agus fianaise truaillithe nó caillte.

Tá daoine a gortaíodh le linn na dTrioblóidí agus gaolta le daoine a maraíodh chomh maith leis an dornán beag áisíneachtaí atá in ainm is cuidiú leo dubh san éadan ag éileamh ceapacháin le míonna. D’uireasa Coimisinéra, ní raibh duine ar bith in ann éilimh a mbeadh feidhm reachtúil leo a dhéanamh ar Stormont. D’eirigh daoine as Fóram na nÍospartach ach ní raibh duine ar bith in ann comharbaí a cheapadh. Bhí Seirbhís na nÍospartach agus na Marthanóirí gan bord iomlán ar feadh i bhfad agus cuma na héidreora air; bhí sé in ainm is cabhair phraicticiúil – airgead san áireamh – a sholáthar ach b’iomaí duine as na céadta a ghlaonn air gach seachtain a bhí míshásta faoin gcaoi ar caitheadh leo.

Caithfear na nithe sin ar fad a chur ina gceart ach tá ceisteanna níos casta fós le réiteach ag an gCoimisinéir úr. An phríomhcheist ná “céard is íospartach ann?” Shílfea go bhféadfadh cait an bhaile an cheist sin a fhreagairt ach is údar mór easaontais í i dTuaisceart Éireann. Ceadaíonn an sainmhíniú dlíthiúil gaolta ‘lucht comhraic’ a chur san áireamh chomh maith le muintir ‘daoine neamhurchóideacha’. Tá an DUP dubh dóite ina choinne sin agus feachtas ar siúl acu le fada ag iarradh go leasófaí an míniú. Níor thúisce Kathyrn Stone, an tIar-Choimisinéir, ceaptha sa phost ná bhíothas ag éileamh go gcuirfeadh sí daoine áirithe as an áireamh; ní dhearna sí sin agus níor maitheadh di é.

Beifear ag brú agus ag tarraingt as an gCoimisinéir nua ó dhá thaobh na hargóna – an DUP agus roinnt íospartach a d’fhulaing faoi lámha an IRA ag iarraidh teorannú ar an sainmhíniú agus a thuilleadh ag iarraidh go dtabharfaí slán an sainmhíniú céanna ina iomláine.

Chomh maith leis na mílte de ghaolta na marbh, tá na mílte ann atá ag fulaingt le fada de bharr gortuithe a bhain dóibh, ní áirím daoine a bhfuil fadhbanna iarthráma acu. Luíonn se le réasún mar sin go bhfuil na riachtanais difriúl agus ilghnéitheach. Más féidir tacaíocht do sheirbhísí cabhrach a dhearbhú, ba cheart go mbeadh an Coimisinéir in ann na háisíneachtaí a chur ar bhealach a leasa.

Níl na ceisteanna faoin bhfírinne agus faoi chúisimh chomh simplí céanna. Rinne Coiste Eames Bradley iarracht den scoth déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí ach tháinig an naimhdeas faoi shainmhíniú ar íospartach salach air.

Rinneadh iarracht eile os cionn bliain go leith ó shin, faoi chathaoirleacht Richard Haass, ach thug na páirtithe Aontachtacha an t-eiteachas dó. Ba é an comhréiteach faoi Nollaig seo caite i dTeach Stormont an tríú hiarracht agus ba chosúil go raibh bunús aontais idir na páirtithe ach tá na hinstitiuidí i Stormont in aimhréidh ó shin agus faillí déanta arís eile sna híospartaigh.

Sin é an comhthéacs ina mbeidh an Coimisinéir nua ag dul i mbun oibre. Guím go mbeidh cóir na gaoithe leis an duine sin agus an t-ádh air/uirthi. Beidh géarghá leis an méid sin.

 

Fág freagra ar 'Coimisinéir nua d’íospartaigh – ní ribín réidh é an gnó'