‘Cúis mhór mhíshástachta’ don Choimisinéir Teanga iad ‘sloinnte Béarla’ Eircode

Tá an Coimisinéir ag iarraidh ar aon duine atá míshásta le húsáid na Gaeilge ar an gcóras nua postchód teagmháil a dhéanamh lena Oifig

Ronán Ó Domhnaill

Is “cúis mhór mhíshástachta” é don Choimisinéir Teanga gur cuireadh Béarla ar ainmneacha agus seoltaí Gaeilge i litreacha eolais a sheol Eircode faoi na cóid nua phoist.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil roinnt mhaith gearán faighte ag a Oifig cheana féin ó bhaill den phobal atá tar éis litir a fháil maidir leis an gcóras nua.

eircode-770x385.jpgThug sé le fios go raibh ábhar na ngearán seo á fhiosrú ag Oifig an Choimisinéara Teanga in éineacht leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.

“Ba chóir go mbeadh sé mar bhun-cheart ag saoránach an leagan Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid nuair is í sin an teanga náisiúnta. Tá sé i gceist agam na gearáin uile a fhaigheann m’Oifig ar an ábhar seo a mheas i gcomhréir leis na dualgais reachtúla atá ar an Roinn sin.”

D’iarr an Coimisinéir ar aon duine atá míshásta le húsáid na Gaeilge ar an gcóras nua postchód teagmháil a dhéanamh lena Oifig chun go gcuirfí na gearáin sin san áireamh sa phlé atá ar bun leis an Roinn.

Fág freagra ar '‘Cúis mhór mhíshástachta’ don Choimisinéir Teanga iad ‘sloinnte Béarla’ Eircode'

  • Bríd

    Ní fheadar ar tugadh Jams O’Donnell ar dhuine ar bith?