Béarla á chur ar shloinnte Gaeilge ar litreacha ó Eircode

Tá Béarla á chur ar shloinnte agus ar logainmneacha Gaeilge sna litreacha atá á gcur amach ag Eircode

eircode

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil Eircode ag cur Béarla ar shloinnte Gaeilge sna litreacha ina bhfuil na cóid nua phoist á ndáileadh ar mhuintir na hÉireann.

Thaispeáin an t-amhránaí clúiteach as Corca Dhuibhne, Muireann Nic Amhlaoibh, pictiúr den chlúdach litreach a fuair sí inné ó Eircode ar a raibh leagan Béarla dá sloinne. Dúirt Nic Amhlaoibh nár úsáid sí an leagan sin dá sloinne riamh. ‘Cé hiad na daoine seo? English names on our #eircode address. We NEVER use the anglicised version!,” a dúirt Nic Amhlaoibh.

Screen Shot 2015-07-17 at 16.55.11

Tharla an rud ceannann céanna do Mhartán Ó Ciardha i nGaeltacht Chois Fharraige maidin inniu. Tháinig litir tríd an doras chuige agus Béarla curtha ar a shloinne ag Eircode ar an gclúdach litreach.

“Bhreathnaigh mé ar an litir a tháinig ar maidin agus chonaic mé M. Carey scríofa uirthi. Níl aon cháipéis agam a bhfuil sloinne mar sin air, ó theastas breithe agus cáipéisí scoile go mo phas agus cuntas bainc agus cáipéisí oibre. Níl a fhios agam cén chaoi nó cén fáth ar chuir siad ar an litir seo é,” a dúirt Ó Ciardha le Tuairisc.ie.

Ní hiad na sloinnte amháin a bhfuil Béarla á chur orthu ag Eircode ach seoltaí baile freisin. Dúirt Ó Ciardha gur cuireadh meascán idir Gaeilge agus Gaeilge Ghalldaithe ar an seoladh baile atá aige.

An litir a seoladh chuig Martán Ó Ciardha agus Béarla curtha ar a shloinne
An litir a seoladh chuig Martán Ó Ciardha agus Béarla curtha ar a shloinne

“Tá ‘Baile’ ann i nGaeilge, ach ansin tá ‘Donnellan’ i mBéarla agus ansin choinnigh siad orthu leis an nGaeilge arís don Spidéal agus Gaillimh. Mar sin, tá ‘Baile Donnellan, An Spidéal, Gaillimh’ ar an gclúdach agus gan chaint ar bith ar ‘contae’ ach an oiread,” a dúirt sé.

Nuair a seoladh an córas nua ag tús na seachtaine seo rinne Conradh na Gaeilge agóid taobh amuigh d’Óstán Shelbourne mar a raibh an ócáid seolta ar bun. Tá sé á mhaíomh ag an gConradh go bhfuil suas le 50,000 logainm Gaeilge mícheart, míchruinn nó in easnamh ar bhunachar Eircode.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, go bhfuil iontas air faoi fhadhb nua seo na sloinnte Gaelacha.

“Cuireann sé iontas orainn go bhfuil Eircode ag úsáid ainmneacha ar chor ar bith. An tuiscint a bhí againne air ná go mbeadh an focal ‘An tÁititheoir’ i nGaeilge agus ‘The Occupier’ i mBéarla agus sin é. Ní raibh siad le hainmneacha ná sloinnte a úsáid,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie.

D’fhiosraigh Tuairisc.ie an scéal leis an Roinn Cumarsáide agus Capita, an comhlacht a dhear Eircode don Roinn, agus ar deireadh dúradh linn gur le An Post a bhain an scéal.

Dúirt urlabhraí ó Eircode le Tuairisc.ie gur bunachar An Post a úsáideadh i gcás seoltaí atá cosúil lena chéile ach nach bhfuil aon teacht ag Eircode ar an mbunachar sin. Dúradh freisin go bhfuil Eircode sásta aon sonraí ceartaithe a fhaightear a chur ar aghaidh chuig An Post go gceartófar an bunachar atá acu sin.

Dúirt An Post féin gur fabhtanna teicniúla ba chúis le haistriú na sloinnte.

“Mar gheall ar mhéid an togra, d’fhéadfadh sé go raibh roinnt bheag fabhtanna teicniúla ann. Tá An Post ag seachadadh litreacha agus pacáistí i nGaeilge le fada an lá agus tá muid breá sásta é sin a dhéanamh. Is cinnte nach d’aon turas a cuireadh Béarla ar ainm nó ar shloinne aon duine ar na litreacha seo,” a dúirt urlabhraí An Post le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Béarla á chur ar shloinnte Gaeilge ar litreacha ó Eircode'

  • Máire Ní Mhurchadha

    Scannalach!

  • Concubhar

    Dochreidte – ach fíor.

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Bhí mo shonraí féin i mBéarla mar is gnáth liom ach ni raibh an litriú i gceart ar ainm an teach ná an sloinne críochnúil.Nuair a chur mé glaoch ar Eircode duradar liom go bhfuair said na sonraí ón bPost agus ná raibh siad abalta iad a chreartú.

    Bhí fadhb agam le hUisce Éireann le déanaí freisean.Sheol me mo sonraí cúchu chun an taille a thogaint ó mo chúntas bhainc tré dochar díreach ach níor oibrigh an córas.Bhí orm na sonraí a chur cúchú in athuair.

    Pian sa tóin gach seirbhís ón Rialtas seo ach cár stáit Brian agus Bertie agus a n-árdú pinsín ó €134K go €136K.Cár fhág mé an mála urlacain sin?

  • Bríd

    Níl ach mo shloinne mícheart acu, moladh go deo leo.

  • Mairéad Ní Oistín

    Fuair muide ceann le sloinne m’fhear céile aistrithe go Béarla – níor úsáid muide ná éinne eile an leagan Béarla riamh. Lena chois sin bhí sn seoladh mícheart Leitir Mór na Coille in áit Leitir Móir.